Beidh Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge ar siúl i mBéal Feirste an deireadh seachtaine seo den chéad uair ó reáchtáladh sa chathair sin i 1996 í. Beidh an chuid is mó de na hócáidí ar siúl in Óstán an Europa i lár na cathrach, cé is moite de chúpla ócáid, siúlóid threoraithe ina measc.
Déanfaidh baill Chonradh na Gaeilge cinneadh ag an Ard-Fheis an deireadh seachtaine seo faoi threoir a thabhairt don eagraíocht teanga “gníomhú i dtreo Éire Aontaithe” agus “seasamh oscailte agus dearfach” a ghlacadh i leith athaontú na tíre.
Sprioc é sin a baineadh de chlár oibre an Chonartha beagnach tríocha bliain ó shin.
Bhain conspóid le rún a cuireadh chun cinn ag Ard-Fheis na bliana 1998 go seasfadh an Conradh le hAirteagal 2 de Bhunreacht na hÉireann gurbh é “oileán na hÉireann go hiomlán, maille lena oileáin agus a fharraigí teorann, na críocha náisiúnta” – airteagal a leasaíodh an bhliain chéanna trí Chomhaontú Aoine an Chéasta.
Is í an fhoclaíocht atá i rún na bliana seo, a chuir Coiste Ceantair Bhéal Feirste chun cinn, ná go n-áireofaí i measc chuspóirí Chonradh na Gaeilge “gníomhú i dtreo Éire aontaithe ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta”.
Tá rún cosúil le rún Choiste Ceantair Bhéal Feirste curtha chun cinn ag Craobh 1916, atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, ina n-iarrtar ar an eagraíocht teanga a aithint go “bhféadfaí cosaint, forbairt agus normalú níos láidre don Ghaeilge a bhaint amach i gcomhthéacs Éire aontaithe”.
“Aontaíonn an Ard-Fheis seo go nglacfaidh Conradh na Gaeilge seasamh oscailte agus dearfach i leith Éire aontaithe mar rogha a d’fhéadfadh tairbhe shuntasach a thabhairt don Ghaeilge,” an fhoclaíocht atá roghnaithe ag Craobh 1916.
Tá an tríú rún ar an ábhar céanna curtha isteach ag Craobh Liú na Laoi, a bunaíodh i gCorcaigh le deireanas. Beidh toscairí na craoibhe sin ag tathant ar bhaill an Chonartha a aontú gur “cheart don Chonradh seasamh soiléir a thógaint ar Éirinn Aontaithe” agus “an fód a sheasamh do Ghaeil na Sé Chontae” agus a aontú gur “bac ar shaoirse chultúrtha agus ar chearta teanga é an nasc polaitiúil leis an mBreatain Mhór”.
“Ba cheart do Chonradh na Gaeilge, mar ionadaí daonlathach ar ár bpobal, ról níos lárnaí a imirt i dtreascairt na críochdheighilte,” a deirtear i rún Chraobh Liú na Laoi.
I measc na rún eile a phléifear ag an Ard-Fheis a bheidh ar siúl an deireadh seachtaine seo in Óstán an Europa i mBéal Feirste, beidh rún ó Chraobh Thuama ina n-iarrfar ar an gConradh éirí as a bheith ag “postáil íomhánna de dhaoine” ar an ardán X “i bhfianaise na scéalta uafáis atá á gcluinsint go rímhinic faoi mhí-úsáid na hintleachta saorga” ar an suíomh sin. Moltar go ndéanfar “machnamh ar úsáid níos leithne an ardáin” sa rún céanna.
Ag Ard-Fheis na bliana seo caite, a reáchtáladh i Loch Garman, pléadh rún a chuir Craobh Frankfurt faoina mbráid go ndúnfadh Conradh na Gaeilge “gach aon chuntas Twitter/X atá faoi stiúir dhíreach” na heagraíochta roimh dheireadh na bliana. Níor éirigh leis an rún áirithe sin.
Luaitear an intleacht shaorga i rúin na bliana seo freisin, agus beidh toscairí Choiste Craiceáilte Charn Tóchair ag impí ar an gConradh tús áite a thabhairt “d’ealaíontóirí, do chruthaitheoirí, do phobail agus don chomhshaol in obair uile an Chonartha” agus go ndéanfaidh an eagraíocht “abhcóideacht ar a son”.
Tá trí rún eile istigh ag craobhacha eile ar an ábhar céanna agus iad ar fad ag iarraidh ar an gConradh gan úsáid a bhaint as an intleacht shaorga. Beidh Craobh Raidió Rí-Rá ag moladh “go ndéanfar cosaint ar phobail, ar an ealaín, agus ar an gcomhshaol mar thosaíocht thar fhorbairtí eacnamaíochta ná teicneolaíochta na hintleachta saorga”.
Beidh na ceisteanna móra atá ag déanamh imní do phobal na Gaeltachta agus do lucht labhartha na Gaeilge faoi chaibidil sa phlé a dhéanfar ar rúin na hArd-Fheise i mbliana freisin, agus rúin istigh ó chraobhacha éagsúla faoin tithíocht sa Ghaeltacht, faoin nGaeilge sa státseirbhís, agus faoin gcóras oideachais thuaidh agus theas.
Tá moladh istigh ó bhall aonair go n-oibreodh Conradh na Gaeilge chun “ceathrúna Gaeltachta” a fhorbairt a bheadh bunaithe ar Cheathrú Ghaeltachta Bhéal Feirste, i gcathracha amhail Gaillimh, Corcaigh, Luimneach, Doire agus eile. D’fhreastalódh “na ceathrúna Gaeltachta” ar “Ghaeilgeoirí uirbeacha”, a deirtear.
Molfaidh Craobh 1916 go bhfoilseodh Conradh na Gaeilge “tuairisciú deonach” ar an mbearna phá idir na hinscní ó 2026 ar aghaidh “mar léiriú ar thiomantas na heagraíochta i leith trédhearcacht chothromais inscne”.
32 rún ar fad a phléifear ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste an deireadh seachtaine seo.
Cuirfear tús leis na himeachtaí ag 13:30 inniu nuair a osclófar an Ard-Fheis go hoifigiúil sa Chruinnteach san Europa. Beidh an Coimisinéir nua Gaeilge, Pól Deeds, ina aoichainteoir agus tabharfaidh sé óráid uaidh ag seoladh na hArd-Fheise, a bheidh ar siúl ag 20:00. Beidh Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, atá le toghadh arís ina uachtarán don dara téarma ag an deireadh seachtaine, ag caint anocht chomh maith.
Tá cúpla pléphainéal agus seoladh eile ar chlár na hArd-Fheise i mbliana. Beidh seimineár dlí ann a mbeidh an Breitheamh Bronagh Ní Anluain, agus na habhcóidí Catherine Donnelly, Dáithí Mac Cárthaigh, agus Ciarán White ag caint ar an téama ‘An Ghaeilge, an Dlí, agus an tAthaontú’.
Seolfaidh an t-acadóir Róisín Nic Liam, as Corcaigh ó dhúchas ach atá ag cur fúithi i mBéal Feirste le dhá bhliain, a cuid taighde ‘Éire aontaithe mar dheis chneasaithe: ré nua don Ghaeilge agus don Ghaeltacht’ ag 14:00 inniu.
Tar éis aitheasc an Choimisinéara Gaeilge, beidh polaiteoirí ó chaon taobh den teorainn i mbun plé faoin téama ‘An Ghaeilge in Éirinn Aontaithe, ag tógáil tír nua do na glúnta atá le teacht’. Is iad Declan Kearney (Sinn Féin), Garrett Kelleher (Fine Gael), Naoise Ó Cearúil (Fianna Fáil) agus Patsy McGlone (SDLP) a bheidh ar an bpainéal sin.
Beidh podchraoltaí, cláir raidió, agus seoltaí leabhar ar siúl i gcaitheamh an deireadh seachtaine freisin.
Beidh tuairiscí cuimsitheacha ag Tuairisc ar imeachtaí na hArd-Fheise.







