Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Podchraoladh ‘Seachtain’ ag Ard-Fheis CnaG 2026

|

Taifeadadh eagrán speisialta de phodchraoladh ‘Seachtain – nuachtán Gaeilge The Irish Independent – ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge in Óstán an Europa i mBéal Feirste an tseachtain seo caite.

Ba é téama na hArd-Fheise i mbliana ná ‘An Ghaeilge in Éirinn Aontaithe: Éire nua a thógáil do na glúnta atá le teacht. Rinneadh leasú stairiúil ar bhunreacht na heagraíochta chun “gníomhú ar son Éire Aontaithe ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta”.  

In éineacht le hiriseoir an nuachtáin agus láithreoir an phodchraolta, Áine Ní Bhreisleáin, bhí na haíonna Róisín Nic Liam, a sheol taighde úrnua ar an cheist chéanna i rith an deireadh seachtaine, agus  Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtáran Chonradh na Gaeilge. 

Is forlíonadh nuachta Gaeilge é ‘Seachtain’ atá mar chuid den Irish Independent agus a bhíonn á fhoilsiú acu gach Céadaoin. Seoltar eipeasóid úr den phodchraoladh gach Déardaoin. 

Dfhreastail Meon Eile ar an chraoladh, áit ar labhair muid le hÁine agus leis an Iriseoir Digiteach agus Curadh Meán Sóisialta, Storm-Eaton Killgallen.  

Is féidir éisteacht le heagráin Seachtain ar Spotify anseo nó áit ar bith eile a bhfaigheann tú do chuid podchraoltaí. 

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta