Pléadh ag cruinniú i dTeach Laighean inné “an fhearg agus an frustrachas” atá i nDún na nGall faoi chonradh úr do sheirbhís aeir atá ag cur as do othair ailse sa chontae.
Chas baill ó choiste eitiltí agus seirbhísí ailse Dhún na nGall leis an Aire Iompair, Darragh O’Brien chun a n-imní a chur in iúl maidir leis na hathruithe atá le teacht ar amanna na n-eitiltí sa chonradh úr do Sheirbhís Aeir PSO Dhún na nGall go Baile Átha Cliath.
Léirigh Eitiltí agus Seirbhísí Ailse Dhún na nGall, Bord Aerfort Dhún na nGall agus pobal Dhún na nGall a míshástacht faoi chinneadh an rialtais conradh úr d a shíniú leis an chomhlacht Emerald Airlines le gairid.
I measc na n-athruithe sa chonradh úr, ní bheidh eitiltí fillte lár an lae ó aerfort Dhún na nGall agus Bhaile Átha Cliath ann níos mó, rud a chuirfidh isteach go mór ar othair ailse i nDún na nGall agus ní bheidh an t-eitleán lonnaithe thar oíche in Aerfort Dhún na nGall níos mó.
I ráiteas a d’eisigh Coiste Eitiltí agus Seirbhísí ailse Dhún na nGall tráthnóna inné, dúirt siad gur aithin an tAire Iompair, Darragh O’Brien, “an fhearg agus an frustrachas atá sa chontae” san am i láthair agus go mba léir nach raibh sé “sásta” le cúrsaí.
Deirtear sa ráiteas, gur dheimhnigh an tAire O’Brien go bhfuil cainteanna agus plé ar bun san am i láthair idir é féin, a oifigigh agus an aerlíne “ag an leibhéal is airde” agus go ndéanfaidh sé a “sheacht ndícheall ar fad” leis an scéal a réiteach.
Deir Eitiltí agus Seirbhísí Ailse Dhún na nGall, gur dhúirt O’Brien leo inné nach “ceist costais atá ann, ach ceist an mheicníocht cheart a aimsiú” agus go bhfuil “srianta dlíthiúla” i gceist.
Tugadh le fios sa ráiteas fosta, nach raibh réiteach na faidhbe ag an Aire do bhaill an choiste a bhí i láthair sa Dáil inné, ach go raibh sé féin “ag obair air go pearsanta” chun réiteach a fháil ar an scéal agus go mbeadh an pobal “ar an eolas de réir mar a théann an próiseas ar aghaidh”.
“D’admhaigh an tAire go bhfuil ceachtanna iontach tromchúiseacha le foghlaim ón phróiseas seo, go háirithe maidir leis an dóigh a gcuirtear na tairiscintí PSO le chéile. Is aitheantas é sin nach féidir ligint don chás céanna tarlú arís i gconradh ar bith amach anseo.”
Sa ráiteas, deirtear nár tugadh “an chinnteacht láithreach” a bhí de dhíobháil ó mhuintir Dhún na nGall inniu ach gur dearbhaíodh go bhfuil “an scéal á ardú go dáiríre ag barr an rialtais”.
Dúirt an tAthair Brian Ó Fearraigh, a bhí i láthair ag an chruinniú i mBaile Átha Cliath inné go raibh cruinniú “dearfach” agus “dóchasach” acu leis an Aire O’Brien ach go bhfuil “an chontúirt i dtólamh ansin, go dtí go bhfeicfidh muid rud scríofa, cha bhíonn muid sásta”.
Ag labhairt le Tuairisc, dúirt sé gur tugadh “cluas éisteachta” dóibh ach nach mbeidh siad “ag gabháil a’ luí siar ar a gcuid maidí” go dtí go bhfeicfidh siad “beart fiúntach déanta”.
“Ag éisteacht leis an Aire agus an chaint a bhí aige, tuigeann muid go dtuigeann sé féin an frustrachas agus achan rud a théann leis, an brú agus an t-iomlán, ach sin focla ón Aire agus níl othair ailse ábalta taisteal ar fhocla. Tá beart fiúntach ag teastáil ó othair ailse,” a dúirt sé.
Bhí deireadh le teacht leis an chonradh reatha le Emerald Airlines inniu ach shocraigh an tAire O’Brien síneadh míosa a chur leis an chonradh mar gheall ar an mhíshástacht a léiríodh le roinnt seachtainí anuas.
San am i láthair, is féidir eitilt ó Aerfort Dhún na nGall, ar an Charraig Fhinn, go hAerfort Bhaile Átha Cliath, ag 7.55am agus 2.30pm. Is féidir pilleadh ar ais go Dún na nGall ag 12.55 agus 6.50pm.
Eitiltí ó Aerfort Dhún na nGall, ag 8.00am agus 8.30pm go hAerfort Bhaile Átha Cliath agus ó Bhaile Átha Cliath go Dún na nGall ag 6.25am agus 6.50pm a bheas ann sa chonradh úr.
Dúirt Mary Coyle, ó Eitiltí Ailse Dhún na nGall a chuir an achainí ar líne ar bun roinnt seachtainí ó shin go mbeadh “teipthe go hiomlán ar an chuspóir a bhí ag an PSO, mura dtig le hothar ailse as Dún na nGall taisteal go Baile Átha Cliath fá choinne cóir leighis agus pilleadh abhaile ar an lá céanna”.