Níl ach cúig chontae sa tír ina bhfuil duine as gach deichniúr páistí nó níos mó ag fáil a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge.
De réir anailís atá déanta ag Tuairisc ar fhigiúirí ón Roinn Oideachais ó dheas, tá os cionn 10% de dhaltaí bunscoile i nGaillimh, Dún na nGall, Ciarraí, Muineachán agus Corcaigh ag freastal ar scoil lán-Ghaeilge.
Níl aon chontae sa tír ina bhfuil os cionn 10% de dhaltaí iarbhunscoile ag freastal ar scoil lán-Ghaeilge.
Léiriú atá sna figiúirí ar an tóir atá ar an nGaeloideachas i Muineachán, an t-aon chontae ina measc siúd atá luaite thuas nach bhfuil ceantar Gaeltachta ann. Nuair a chuirtear páistí atá ag freastal ar scoil lán-Ghaeilge sa nGaeltacht as an áireamh, is é Muineachán an contae is fearr sa tír ó thaobh céatadán daltaí a fhreastalaíonn ar scoil lán-Ghaeilge, idir an bhunscoil agus iarbhunscoil.
Mar sin féin, léiríonn na figiúirí chomh maith nach bhfuil aon fhás tagtha ar an soláthar lán-Ghaeilge sa chontae agus 11% de dhaltaí bunscoile i Muineachán ag freastal ar Ghaelscoil i mbliana, an céatadán ceannann céanna bhí i gceist in 2020 nuair a thug an Roinn Oideachais faoi thaighde mar chuid d’fhorbairt polasaí don oideachas lán-Ghaeilge.
Ceithre cinn de Ghaelscoileanna atá i Muineachán – Scoil Rois i gCarraig Machaire Rois, Gaelscoil Ultain i gCnoc an Chonnaidh, Gaelscoil Eois i gCluain Eois agus Gaelscoil Lorgan i mBaile na Lorgan.
Tá 918 dalta ag freastal ar na scoileanna sin don scoilbhliain 2025-26 de réir figiúirí na Roinne, 11.5% den 7,990 dalta bunscoile i Muineachán. Tá 402 dalta ag freastal ar Choláiste Oiriall i gCnoc an Chonnaid, an t-aon Ghaelcholáiste amháin sa chontae. Is ionann sin agus 6% de líon iomlán na ndaltaí dara leibhéal sa gcontae.
Is i nGaillimh atá an céatadán is mó daltaí bunscoile ag freastal ar scoil lán-Ghaeilge – 18%. Titeann sé sin go dtí 9% nuair a chuirtear daltaí Gaeltachta as an áireamh, rud a fhágann an Ghaillimh chun deiridh ar chontaetha amhail Muineachán, Corcaigh (10% lasmuigh den Ghaeltacht), Luimneach (9%) agus Cill Dara (9%).
Ba i gcontae Lú, an Longfort, an Cabhán agus Ros Comáin a bhí na céatadáin ab ísle de dhaltaí ag freastal ar scoil lán-Ghaeilge. 2% a bhí i gceist sna ceithre chontae sin.
Ag an iar-bhunleibhéal, tá Gaillimh arís ar bharr an liosta ó thaobh freastal ar scoil lán-Ghaeilge. Tá 9% de dhaltaí iarbhunscoile sa gcontae ag freastal ar scoil lán-Ghaeilge ach titeann an céatadán sin síos go dtí 1% nuair a chuirtear na scoileanna sa nGaeltacht as an áireamh. Níl ach iarbhunscoil lán-Ghaeilge amháin lasmuigh den Ghaeltacht i gcontae na Gaillimhe, sin é Coláiste an Eachréidh i mBaile Átha an Rí.
Bhí Ciarraí (7%), Dún na nGall (6%), Luimneach (5%) agus Ceatharlach ar na contaetha eile ina raibh na céatadáin is airde daltaí ag freastal ar iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge.
Tá 11 contae ó dheas nach bhfuil aon Ghaelcholáiste iontu – Liatroim, an Iarmhí, Tiobraid Árann, contae an Chláir, Laois, Uíbh Fhailí, Sligeach, contae Lú, an Longfort, an Cabhán agus Ros Comáin. Tá beagnach 90,000 dalta iarbhunscoile sna contaetha sin i láthair na huaire.
Níl aon iarbhunscoil lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht i Maigh Eo ná i gcontae na Mí ach an oiread.
Léirigh anailís ar Tuairisc go bhfuil an céatadán is lú daltaí ó 2013 ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge i láthair na huaire.
| Daltaí Bunscoile 2025-26 | ||||
|---|---|---|---|---|
| Contae | Daltaí Lán-Ghaeilge | Daltaí Iomlán | % Daltaí i Scoil lán-Ghaeilge | |
| Gaillimh | 5,256 | 29,869 | 18% (9%) | |
| Dún na nGall | 2,571 | 19,028 | 14.% (4%) | |
| Muineachán | 918 | 7,990 | 11% | |
| Corcaigh | 6,703 | 61,025 | 11% (10%) | |
| Ciarraí | 1,739 | 15,924 | 11% (6%) | |
| Luimneach | 2,031 | 22,180 | 9% | |
| Cill Dara | 2,531 | 29,283 | 9% | |
| Port Láirge | 1,167 | 13,771 | 8% (7%) | |
| An Mhí | 2,027 | 25,840 | 8% (7%) | |
| Maigh Eo | 1,152 | 14,792 | 8% (5%) | |
| Baile Átha Cliath | 10,240 | 135,040 | 8% | |
| Cill Mhantáin | 1,256 | 17,240 | 7% | |
| Liatroim | 272 | 3,940 | 7% | |
| Ceatharlach | 444 | 7,454 | 6% | |
| An Iarmhí | 568 | 11,240 | 5% | |
| Tiobraid Árann | 909 | 18,148 | 5% | |
| An Clár | 609 | 13,132 | 5% | |
| Laois | 452 | 10,890 | 4% | |
| Cill Chainnigh | 438 | 10,655 | 4% | |
| Uíbh Fhailí | 299 | 9,474 | 3% | |
| Loch Garman | 544 | 18,033 | 3% | |
| Sligeach | 208 | 7,545 | 3% | |
| Lú | 361 | 16,789 | 2% | |
| An Longfort | 112 | 5,277 | 2% | |
| An Cabhán | 193 | 9,798 | 2% | |
| Ros Comáin | 149 | 8,022 | 2% | |
| (Gan daltaí Gaeltachta san áireamh) | ||||