Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Níl ‘aon cheist’ ach go dteastaíonn cúrsaí céime nua le sprioc earcaíochta don Ghaeilge a bhaint amach – Coimisinéir Teanga

|

Deir an Coimisinéir Teanga nach bhfuil “aon cheist ann” ach go dteastaíonn cúrsaí fochéime agus iarchéime nua le go mbainfí amach sprioc an Rialtais gur cainteoirí Gaeilge a bheidh i 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030.

Dúirt Aodhán Mac Cormaic, Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta, an tseachtain seo “nach n-aontaíonn an Roinn” leis an tuairim gur gá cúrsaí ollscoile nua a chur ar fáil trí Ghaeilge leis an sprioc uaillmhianach atá leagtha amach ag an Rialtas a bhaint amach.

Ach dúirt an Coimisinéir Teanga Séamas Ó Concheanainn le Tuairisc go bhfeictear dósan “go dteastaíonn cúrsaí [iomlána] sa mbeartas poiblí, sa rialachas corparáideach, sa mbainistíocht eagraíochtúil agus sa bpleanáil straitéiseach” ag leibhéil éagsúla i nGaeilge.

“An chaoi a gcaithfidh muid breathnú air seo, má tá comhlacht poiblí ag cur oifigigh amach, go fisiciúil nó ar líne, leis na ceisteanna sainiúla a bhíonn ag an bpobal faoi thacaíocht a chur ar fáil, caithfidh an duine sin a bheith compordach, ní hamháin ag labhairt na Gaeilge ach sa mbéarlagair a bhaineann leis an sainchúram atá air nó uirthi agus é ná í ag obair don chomhlacht poiblí,” a dúirt sé.

Dúirt sé go bhféadfaí na modúil, a luaigh Mac Cormaic, a úsáid “sa gcás go bhfuil bunús nó inniúlacht teanga” ag an mball foirne a thabharfadh faoin modúl agus go bhféadfaí modúil a chur ar fáil d’altraí agus dochtúirí leis an ‘mbéarlagair a bhaineann leis an gceird’ a mhúineadh dóibh i nGaeilge.

Dúirt an Coimisinéir Teanga go mbeidh sé ag iarraidh a chur ina luí ar Roinn na Gaeltachta gur cúrsaí céime a theastaíonn agus go bhfuil earnáil na hollscolaíochta Gaeilge “criticiúil” má táthar leis an sprioc earcaíochta a bhaint amach.

“Tá muid ag rá go mbeidh an tseirbhís phoiblí in ann seirbhísí i nGaeilge ar ardchaighdeán a chur ar fáil don phobal teanga. Tá sé an-deacair é sin a dhéanamh mura bhfuil inniúlacht agat sa nGaeilge ach go bhfuil an Béarla agat le feidhmiú sa disciplín,” a dúirt sé.

Dúirt sé go gcaithfeadh “an pacáiste iomlán” a bheith ag duine sa tseirbhís phoiblí le bheith in ann freastal ar chainteoirí Gaeilge i nGaeilge agus go bhfuil “gníomh ag teastáil ó earnáil na hollscolaíochta Gaeilge”.

Dúirt Séamas Ó Concheanainn go léiríonn an taighde idirnáisiúnta go bhfuil an “tumadh sa sprioctheanga” ríthábhachtach do shealbhú na teanga sin agus go mbíonn an sealbhú sin “i bhfad níos laige” mura gcaitheann an foghlaimeoir “tréimhse ag sealbhú na teanga i gcomhar leis an bpobal dúchasach”.

“Samhlaím go bhféadfaí deiseanna a chruthú sa nGaeltacht, go mbeadh na mílte daoine ag freastal ar scoláireachtaí agus ar sheimeastair Ghaeltachta, mar shampla. Nó, mar shampla, mar a tharlaíonn le Scéim na bhFoghlaimeoirí Teanga, go mbeadh a leithéid sin curtha in oiriúint do státseirbhísigh agus d’oibrithe na seirbhíse poiblí,” a dúirt Ó Concheanainn.

Dúirt an Coimisinéir Teanga gurb é “an dúshlán atá romhainn” anois ná cearta teanga a thabhairt isteach “i sícé rialachais na gcomhlachtaí poiblí” agus go bhfostófaí daoine “ag leibhéal ardbhainistíochta a bheidh feasach agus gníomhach i bhfeidhmiú na gcearta teanga”.

Dúirt Aodhán Mac Cormaic ar an gclár 7Lá gurb é tuairim Roinn na Gaeltachta nach dteastaíonn “lear mór cúrsaí de gach saghas” le sprioc an Rialtais a bhaint amach. Mhaígh sé gur leor “an Ghaeilge a chur ar fáil do dhaoine atá ag déanamh cúrsaí trí mheán an Bhéarla”.

“Tá an narrative amuigh ansin go dteastaíonn lear mór cúrsaí de gach saghas ag an tríú leibhéal leis an sprioc seo a bhaint amach. Ní aontaím leis sin agus ní aontaíonn an Roinn in aon chor. An rud a theastaíonn anseo le haghaidh an sprioc 20% a bhaint amach ná an Ghaeilge a chur ar fáil do dhaoine atá ag déanamh cúrsaí trí mheán an Bhéarla,” a dúirt Mac Cormaic.

Dúirt sé go dteastaíonn ó Roinn na Gaeltachta go gcuirfí “modúil agus creidiúintí” Gaeilge ar fáil do mhic léinn a bheadh ag tabhairt faoi chúrsaí trí Bhéarla le go mbeadh siad in ann “coinneáil i dteagmháil leis an teanga” a fhad is atá na cúrsaí céime ar bun acu.

“I gceann cúig bliana beidh tromlach na ndaoine sin cáilithe mar dhochtúirí, mar ailtirí, agus cibé cén rud eile a bheidh acu, go mbeidh na cáilíochtaí sin acu ach go mbeidh TEG acu agus go mbeidh siad in ann freastal ar phobal na Gaeilge,” a dúirt sé.

 

Agus é ag labhairt ar an gclár 7Lá, dúirt an Dr John Walsh ó Ollscoil na Gaillimhe nach leor “modúil aonair” sa Ghaeilge le go mbeadh na scileanna teanga a bheadh ag céimithe le sprioc an Rialtais a bhaint amach.

 

D’easaontaigh Walsh, ollamh comhlach san ollscoil, go láidir le maíomh cheannasaí na Roinne agus dúirt “nach leor modúil aonair anseo is ansiúd” le caighdeán sásúil teanga a bhaint amach.

 

“Deinim suntas den mhéid atá ráite ag [Mac Cormaic] mar gheall ar an soláthar agus gur trí mhodúil seachas trí chláracha iomlána céime a dhéanfaí an freastal. Is dóigh liom go dteastaíonn sé sin i gcásanna áirithe, agus d’aontóinn leis i gcásanna áirithe, ach b’fhearr an cur chuige sin do dhaoine atá sa státchóras cheana féin,” a dúirt Walsh.

 

Dúirt sé go raibh sé ag teacht leis an méid a dúirt an t-iarChoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill in 2022 gur theastaigh “cur chuige comhordaithe náisiúnta chun cláracha céime iomlána, fochéime agus iarchéime, a bhunú trí mheán na Gaeilge” i réimse an riaracháin phoiblí.

“[Is] ag dul isteach sa chóras poiblí a bheidh na daoine seo, cuid mhaith acu, agus ag faire rompu ar ghairm saoil sa státseirbhís. D’fhéadfaí é sin a dhéanamh ar bhonn comhordaithe idir institiúidí.

“Teastaíonn infheistíocht ar an scála sin chun cúpla céad céimí a chur amach in aghaidh na bliana a mbeadh na scileanna teanga acu chomh maith. Ní leor sa chás sin, dar liom, na modúil aonair anseo is ansiúd,” a dúirt Walsh.

Luaigh Aodhán Mac Cormaic an cháilíocht TEG, a bhronntar go neamhspleách ar ollscoileanna, mar shlat tomhais do chumas Gaeilge na ndaoine a bheadh ag tabhairt faoi na modúil agus creidiúintí Gaeilge.

Dúirt John Walsh go mbeifí ag súil le “leibhéal B2” ar an scála sin ó dhuine le go n-áireofaí mar “dhuine atá inniúil sa Ghaeilge” é agus gurbh ionann é sin agus “500 uair an chloig staidéir”.

“Sin cúig nó sé mhodúl ollscoile, agus níl spás i ngnáthchláracha céime ollscoile chun seasca creidiúint acadúil a chur ar leataobh don Ghaeilge. Sin an fáth go dteastaíonn cláracha iomlána i gcásanna áirithe,” a dúirt Walsh.

Dúirt sé go mbeadh modúil aonair sa Ghaeilge “go breá” do chainteoirí Gaeilge a raibh ardchumas acu sa teanga cheana féin ach go “léiríonn an teangeolaíocht” go gcaithfeadh daoine i bhfad níos mó oibre a chur isteach le hardscileanna teanga a bhaint amach.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta