Dúradh sa Chúirt Achomhairc inniu nach leor an dul chun cinn teicneolaíochta agus anailís á déanamh ar DNA mar údar sách maith le hathscrúdú a dhéanamh ar an bhfianaise a bhí mar bhunús le ciontú fir in éigniú agus dúnmharú cailín scoile i gConamara 28 bliain ó shin.
Dúirt abhcóidí an Stáit inniu nach ndearna John McDonagh aon iarratas in 2007 go ndéanfaí an fhianaise a thástáil arís bunaithe ar an eolaíocht a bhí ann ag an tráth sin nuair a rinne sé an t-achomharc den chéad uair i gcoinne a chiontaithe in éigniú agus i ndúnmharú Shiobhán Ní Eidhin i 1998.
Ach tá sé ráite ag dlíodóirí McDonagh go léiríonn fianaise ó shaineolaí fóiréinseach go bhfuil féidearthacht réasúnta ann go bhfaighfí toradh nua ach an fhianaise a thástáil arís agus modhanna nua-aimseartha eolaíochta ar fáil.
Seacht mbliana fichead a bhí McDonagh in 2001 nuair a ciontaíodh é ag giúiré sa bPríomh-Chúirt Choiriúil in éigniú agus dúnmharú Shiobhán Ní Eidhin, scoláire 17 bliain as an Sconsa i Leitir Móir i gConamara.
Thángthas ar chorp Shiobháin ar thrá an Tismeáin i mbaile fearainn an Chaoráin Bhig moch maidin an 6 Nollaig 1998.
Phléadáil McDonagh, as an Diméin, an Caorán Beag neamhchiontach agus tar éis trí lá ag plé an cháis chinn an giúiré go raibh sé ciontach agus gearradh príosún saoil air.
Tá achomharc á éileamh ag McDonagh ar an mbonn go bhfuil an-dul chun cinn déanta sa teicneolaíocht agus sa saineolas lena chruthú nach raibh a chiontú sábháilte agus gur iomrall ceartais a bhí ina chás.
Tá iarratas nua déanta aige go ndéanfaí tástáil fhóiréinseach agus scrúdú ar chuid de na foilseáin [píosaí fianaise] agus é á áitiú aige “nár tugadh dóthain airde” ar shnáithíní a bhí ar Shiobhán Ní Eidhin.
Inné thug Clare Jarman, saineolaí fóiréinseach ar son McDonagh, fianaise nach raibh an tástáil DNA “ach ina fíorthús” tráth thriail 2001 cé go raibh sí fós tairbheach.
Dúirt Jarman go raibh an teicneolaíocht nua-aimseartha níos pointeáilte agus go bhfuil na bealaí a bhfaightear samplaí níos fear ag glanadh samplaí agus ag fáil réidh le haon truailliú.
D’áitigh an Dr Dorothy Ramsbottom, ó Eolaíocht Fhóiréinseach Éireann, a réitigh an tuairisc don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, nach ionann na nósanna imeachta le truailliú a sheachaint a bheadh i gceist inniu agus a bhí ann an t-am sin agus gur theagmhaigh roinnt daoine leis an gcorp.
“Dá bharr sin, dá bhfaighfí próifíl DNA, bheinn ag súil gur de bharr truailliú a tharla i ndiaidh na heachtra seachas sula ndeachaigh an corp san uisce,” a dúirt sí.
Sa gCúirt Achomhairc inniu, dúirt abhcóide an stáit, Paul Carroll nach cás é seo inar ciontaíodh duine bunaithe ar eolaíocht a bhfuarthas amach ó shin nach bhféadfaí seasamh léi, ach cás a bhí bunaithe ar roinnt gnéithe.
Dúirt sé nár baineadh aon leas as fianaise DNA leis an gcás a chruthú, agus go bhféadfadh tuilleadh tástála a bheith déanta tráth a raibh an triail ann.
Dúirt an tAbhcóide Carroll go raibh iarratas á dhéanamh ag McDonagh anois nach raibh bunaithe ar an triail mar a tharla sí ná ar an bhfianaise ar ar bunaíodh an ciontú.
Dúirt an t-abhcóide nach ndearna McDonagh aon iarratas ar thástáil eile bunaithe ar an eolaíocht reatha nuair a sheol sé achomharc ar dtús in aghaidh a chiontaithe in 2007.
“Ní féidir a áitiú gur leor dul chun cinn san eolaíocht leis féin mar údar le hathscrúdú a dhéanamh,” a dúirt Carroll. Dúirt sé go gcaithfeadh aon chinneadh a dhéanfadh an chúirt cead achomhairc a thabhairt do McDonagh a bheith bunaithe ar fhianaise nach raibh ann go dtí seo.
Dúirt an Breitheamh Nuala Butler gurb ionann sin agus “an sicín agus an ubh” mar nach bhféadfadh an t-achomharcóir fianaise nua a sholáthar mura mbeadh teacht aige ar na foilseáin.
Mhínigh Carroll don chúirt go gcaithfeadh tairseach éigin a bheith ann lena thaispeáint cén fáth gur chóir sin a dhéanamh, agus go gcaithfeadh an t-achomharcóir a bheith in ann a thaispeáint go mbeadh aon fhianaise nua ábhartha ag a thriail.
Dúirt an Breitheamh Butler go ndúirt an saineolaí fóiréinseach, Clare Jarman, go raibh an scrúdú a rinneadh ar an bhfianaise DNA cuí agus láidir de réir na gcaighdeán a bhí ann ag an am a reáchtáladh an chéad triail ach nárbh ionann é agus an scrúdú a dhéanfaí sa lá inniu ó tharla go raibh “dul chun cinn ollmhór” déanta ag an eolaíocht ó shin. Dúirt sí gur dhearbhaigh an saineolaí nach raibh tada eile a d’fhéadfaí a dhéanamh i 1999.
Níor aontaigh an tAbhcóide Carroll leis an léamh sin mar dúirt sé go bhféadfaí rudaí eile a dhéanamh i 1999, go bhféadfadh na cosantóirí tuilleadh samplaí a lorg.
Dúirt an Breitheamh Butler nach ndearnadh tástáil ach ar aon mhaipíneacht amháin le fianaise fhóiréinseach a fháil ach gurb é an teicníc atá i réim anois gach maipíneacht a rinneadh a thástáil, rud a mhéadódh an seans go bhfaighfí rud éigin.
Dúirt sí dá bhfaighfí DNA fireann go mbeadh sé sin an-tábhachtach, bíodh sé DNA an té a bhí cúisithe nó duine éigin eile.
Dúirt Patrick McCarthy dá bhfaighfí próifíl DNA ó shampla speirme, go bhféadfadh na cosantóirí a rá go raibh gníomhaíocht ghnéis ag duine éigin eile leis an té a maraíodh. “Dá bhfaighfí é sin i maipíneacht óna faighin, ba dheacair a rá nach raibh sin ábhartha,” a dúirt sé. í
Dúirt abhcóide McDonagh, Michael O’Higgins gur chóir an atástáil a dhéanamh dá mbeadh seans réasúnta ann go dtiocfaí ar eolas éigin a bheadh inchreidte agus a bhféadfaí úsáid a bhaint as.Dúirt sé gur thacaigh fianaise Clare Jarman leis an méid sin agus dúirt sé go raibh bunachar anois ann ina bhfuil teacht ar DNA ciontóirí gnéis aitheanta.
Dúirt O’Higgins gurb é an t-aon fhorbairt a tháinig ar an anailís DNA idir 1999 agus 2007 ná an tástáil Y-STR. Dúirt sa chúirt go raibh an tástáil sin áisiúil chun DNA fireann a scaradh amach i sampla ina bhfuil an DNA baineann go mór sa treis.
Dúirt sé go raibh fianaise tugtha ag an saineolaí ar thaobh na cosanta go bhféadfaí an tástáil Y-STR a cheannach ach nach raibh sí á húsáid go forleathan go fóill agus nár thosaigh an Stát féin ag baint leas aisti go dtí 2016.
Dúirt O’Higgins nach raibh aon fhianaise DNA ar fáil a d’fhéadfadh tacú le cás McDonagh ach go raibh tástálacha éagsúla eile ar fáil anois.
Dúirt sé go raibh áitiú an chosantóra ag teacht le tuairim Jarman go raibh seans réasúnta ar thoradh ach leas a bhaint as na modhanna eolaíochta atá ann.
Dúirt an Breitheamh McCarthy, duine de thriúr breithiúna na cúirte, go raibh a mbreithiúnas a fhorchoimeád.
Seacht mbliana fichead a bhí McDonagh in 2001 nuair a ciontaíodh é ag giúiré sa bPríomh-Chúirt Choiriúil in éigniú agus dúnmharú Shiobhán Ní Eidhin, nach raibh ach 17 mbliana, as an Sconsa i Leitir Móir i gConamara.
Thángthas ar chorp an chailín óig ar an trá sa Tismeáin ar an gCaorán Beag sa gCeathrú Rua moch maidin an 6 Nollaig 1998.
Thart ar 12.50 am a chonacthas Siobhán Ní Eidhin go deireadh sa gCeathrú Rua. D’fhág sí carr a bhí páirceáilte taobh amuigh d’óstán san áit le ghabháil ag an leithreas sa siopa sceallóg ach níor tháinig sí ar ais ina dhiaidh sin. Thriail sí a ghabháil ag an leithreas sa teach ósta tamall roimhe sin ach ní ligfeadh an doirseoir isteach í mar bhí sí faoi aois.
De réir na fianaise, d’éignigh McDonagh í agus ansin thriail sé í a thachtadh. D’fhág sé i mbéal báis í agus thiomáin ar ais go sráidbhaile na Ceathrún Rua agus bhí sé sáite in achrann ansin.
Thug an Dr Louise McKenna, as saotharlann fóiréinseolaíochta an stáit, fianaise gur frítheadh “roinnt” snáithíní ar an ngeansaí a bhí á chaitheamh ag McDonagh an oíche sin a tháinig leis an seaicéad lomra peitrealghorm agus an geansaí aicrileach fíondaite a bhí á gcaitheamh ag Siobhán Ní Eidhin. Fuarthas snáithíní eile a tháinig le stocaí dubha Shiobháin ar dhroim agus ar thosach gheansaí McDonagh.
Fuarthas snáithíní ó sheaicéad agus ó gheansaí Shiobháin ar shuíochán tosaigh an phaisinéara i gcarr McDonagh freisin agus mheaitseáil snáithíní a fuarthas ar éadach Shiobháin na snáithíní a bhí sna clúdaigh bhoga dhearga a bhí ar shuíochán charr McDonagh.
Dúirt an Dr McKenna sa gcúirt gur “thacaigh na snáithíní sin go láidir leis an áitiú go raibh Siobhán Ní Eidhin i dteagmháil le geansaí McDonagh agus go raibh sí ina charr”.