Ní fhoilseofar pictiúir de dhaoine ar na cuntais éagsúla atá ag Conradh na Gaeilge ar an ardán X feasta, i bhfianaise na mí-úsáide a baineadh as an uirlis Grok ar an ardán sin le pictiúir bhréagacha de dhaoine – ar mhná a bhformhór – a chruthú. Déanfaidh Coiste Gnó Chonradh na Gaeilge a “machnamh” amach anseo freisin ar úsáid X trí chéile.
“I bhfianaise na scéalta uafáis atá á gcluinstin go rímhinic faoi mhí-úsáid na hintleachta saorga ar an ardán X/Twitter, éilíonn an Ard-Fheis seo go gcuirtear deireadh le postáil íomhánna de dhaoine agus go ndéanfar machnamh ar úsáid níos leithne an ardáin,” a dúradh sa rún ó Chraobh Uí Thuama a ritheadh ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste ag an deireadh seachtaine.
Bhí duine de thoscairí na hArd-Fheise in amhras go bhféadfaí an rún a chur i bhfeidhm, agus í den tuiscint go gcuirfí cosc ar fhoilsiú íomhánna daoine ar an Idirlíon scun scan. Míníodh gur le X amháin a bhainfeadh an rún. Dúirt Cuisle Nic Liam nach mbeadh sí féin ar a compord dá mbeadh íomhá di ar X, áit a bhféadfaí mí-úsáid a bhaint as Grok leis an bpictiúr a athrú.
Dúirt Conchúr Ó Muadaigh, a d’éirigh as X é féin, go raibh an rún rólag agus gur chóir don Chonradh éirí as X ar fad. Bhí Bláithín Nic a’ tSíthigh ar aon intinn leis, mar a bhí Rossa Ó Snodaigh, a mhaígh go raibh “Faisistigh” sa treis ar an ardán agus gur chóir don Chonradh éirí as “go huile is go hiomlán”.
Glacadh leis an rún nach bhfoilseofaí íomhá de dhuine ‘daonna’ feasta ach measadh gur leor an abairt faoi “mhachnamh” a dhéanamh ar úsáid an ardáin don am i láthair. Pléifidh an Coiste Gnó a bhfuil i ndán do chuntais an Chonartha ar X amach anseo.
Bhí an rún sin ar cheann de shraith rún a ritheadh faoin Intleacht Shaorga ag an Ard-Fheis. Bhain na ceithre rún eile leis an úsáid a bhainfeadh Conradh na Gaeilge as an Intleacht Shaorga amach anseo agus leis an “gcosaint” a d’fhéadfadh an eagraíocht a thabhairt d’ealaíontóirí Gaeilge agus Gaeltachta.
Mhol Coiste Craiceáilte Charn Tóchair go dtabharfaí “tús áite d’ealaíontóirí, do chruthaitheoirí, do phobail agus don chomhshaol” in obair an Chonartha agus go ndéanfaí “cosaint agus abhcóideacht” ar a son. Dúradh gur “ábhar imní” don chraobh “cur chun cinn oscailte na hintleachta saorga”.
D’éiligh Craobh 1916 nach mbainfeadh an Conradh leas as uirlisí Intleachta Saorga Giniúna in obair na heagraíochta mar gheall go gcuireann a leithéid “slí bheatha ealaíontóirí i mbaol”.
Bhí Craobh Raidió Rí-Rá níos cúramaí ina mbreithiúnas ar an Intleacht Shaorga. Dúirt Emma Ní Chearúil thar ceann na craoibhe go mbaineann “féidearthachtaí” leis an teicneolaíocht nua i dtaobh “áiseanna foghlama, corpais teanga, agus an luach a bhaineann le comhéadain teicneolaíochta a bheith ar fáil trí mheán na Gaeilge” ach d’éiligh ar an gConradh “tús áite a thabhairt do chosaint pobail, cultúr, comhshaol, agus acmhainní na Gaeltachta”.
Dúirt Stiofán Ó Briain ó Chraobh Chairde an Chlub go bhfuil “baol sóisialta agus éiceolaíoch” ag baint leis an Intleacht Shaorga Giniúna agus d’éiligh nach mbainfeadh Conradh na Gaeilge leas as “uirlisí den chineál seo in obair na heagraíochta”.
Pléadh na rúin seo ar fad le chéile agus beartaíodh leasú a dhéanamh ar na rúin a d’éiligh nach mbainfí úsáid as an Intleacht Shaorga leis an bhfrása “an oiread agus is féidir” a chur isteach iontu.
Bhí Aodhán Ó Deá buartha nach bhféadfaí an rún a chur i bhfeidhm mura gcuirfí an frása sin leis mar gheall ar an gcaoi a bhfuil an Intleacht Shaorga anois ag croí go leor feidhmchlár agus uirlisí eile ríomhaireachta. Dúirt sé go bhfuil uirlisí AI in úsáid go huathoibríoch i gcóras ríomhphoist, in inneall cuardaigh, agus san iliomad áiseanna agus seirbhísí eile ar líne agus nach bhféadfadh an Conradh iad a sheachaint.
Bhí díospóireacht ann ag Ard-Fheis an Chonartha 2025 i Loch Garman faoi úsáid X. Theip ar rún a chuir Craobh Bhaile Átha na bhFranc (Frankfurt) chun cinn an uair sin go n-éireodh an Conradh as an ardán mar gheall ar ghníomhartha úinéir X, Elon Musk. Níor éirigh leis an rún anuraidh mar gheall gur measadh luach áirithe a bheith ag X fós le teachtaireacht an Chonartha a scaipeadh.
Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, i mbliana go bhfuil “na milliúin” fós ar X agus go gcaithfí cuimhneamh air sin sula ndéanfaí aon chinneadh éirí as ar fad.
Dúirt bean óg a bhí i láthair gur vótáil sí féin in aghaidh Rún Frankfurt anuraidh go n-éireodh an Conradh as X ach go raibh sí “aineolach” faoi cé chomh “uafásach is a bhí X agus Elon Musk” an uair sin agus gur mhaith léi nach mbeadh aon bhaint ag an gConradh leis an ardán a thuilleadh.