Is dócha ná a mhalairt nach ndéanfar cló eile ar na léarscáileanna a rinne an comhlacht EastWest Mapping de cheantair Ghaeltachta Chorca Dhuibhne mar gheall ar a laghad cóipeanna a díoladh go dtí seo.
Dúirt úinéir an chomhlachta, an léarscáilí aitheanta Barry Dalby, gur tháinig ardú 10% ar líon na léarscáileanna agus na leabhar a dhíol EastWest Mapping in 2025 go ginearálta, ach go bhfágann a laghad spéise atá ag an bpobal i gcuid de na bileoga nach ndéanfar athchló orthu.
“Bíonn borradh beag faoin díolachán am ar bith a chuirtear amach foilseachán nua agus anuraidh chuir muid amach dhá léarscáil nua 1:25,000 de Dhún na nGall, a raibh éileamh maith orthu, chomh maith le leabhar dar theideal Map Man: Irish Maps and Mapping, ina dtugtar léargas agus sonraí faoi ghuagaíl na foilsitheoireachta léarscáileanna.
“Maidir leis na bileoga féin, is iad ár léarscáileanna de shléibhte Bhaile Átha Cliath agus tuaisceart Chill Mhantáin atá fós ag barr an liosta díolacháin agus cabhraíonn an t-airgead sin leis na léarscáileanna eile. Tá sléibhte Chonamara, na nGaibhlte, agus an Chomharaigh ann ina ndiaidh sin,” a dúirt Dalby.
Ach níl an t-éileamh céanna ar na léarscáileanna a rinne EastWest Mapping de dheisceart chontae Chill Mhantáin, áit a bhfuil na cnoic níos ísle agus níos faide ó chathair Bhaile Átha Cliath ná mar atá na bileoga a bhaineann le tuaisceart an tsliabhraoin. Ainneoin go mbíonn an-tóir ag lucht siúil sléibhte ar chontae Chiarraí, is cosúil gur fearr le custaiméirí Dalby a n-aghaidh a thabhairt ar na Cruacha Dubha ná cnoic Chorca Dhuibhne.
“Ní éiríonn chomh maith sin le bileoga eile. Níl na bileoga 1:25,000 de Chorca Dhuibhne inbhuanaithe [ó thaobh airgid de] agus is dócha ná a mhalairt nach ndéanfar an dara cló ar na bileoga do dheisceart Chill Mhantáin,” a dúirt sé.
Foilsíodh na trí léarscáil a réitigh EastWest Mapping de Chorca Dhuibhne beagnach trí bliana ó shin. Roinneadh an leithinis ina trí chuid agus foilsíodh Dingle East: Slieve Mish; Dingle Central: Glanteenassig & Beenoskee; agus Dingle West: Cnoc Bréanainn – Brandon i mí an Mhárta 2023. Foilsíodh léarscáil eile 1:40,000 ar a bhfuil Slí Chorca Dhuibhne ina hiomlán.
Dúirt an léarscáilí gur roghnaigh sé Corca Dhuibhne don tionscadal léarscáilíochta de thoradh suirbhé a cuireadh amach in 2017 inar léiríodh spéis mhór i nGaeltacht Iarthar Chiarraí.
Nuair a foilsíodh an tsraith léarscáileanna in 2023, dúirt Dalby gur “mór an dúshlán” an costas a bhain leis an obair, idir obair pháirce agus chur i gcló na léarscáileanna, agus go mbeadh “cúpla bliain ann” sula gcúiteofaí an costas trí dhíolachán.
“Is fachtóir é an laghdú atá tagtha ar líon na dturasóirí a úsáidean léarscáileanna mar gheall ar leithéidí Google Street Map, Apple Maps, agus Open Street Map ar na fóin,” a dúirt sé.
Cúpla bliain ó shin, fuair EastWest Mapping réidh lena n-aip féin agus chuaigh siad i bpáirt leis an gcomhlacht Éireannach Hiiker, a chuireann léarscáileanna digiteacha ar fáil. Dúirt Dalby go bhfuil ardú tagtha ar an méid airgid a dhéanann an comhlacht ar an gcaoi sin ach go bhfuil sé deacair é a mheas i gceart.
“Tá ardú beag ar na ceadanna do léarscáileanna digiteacha trí Hiiker ach ní féidir comparáid dhíreach a dhéanamh mar gheall ar athruithe ar an gcaoi a ndéantar tuairisciú ar dhíol na gceadanna sin,” a mhínigh sé.
Dúirt Dalby nach bhfuil aon phlean aige faoi láthair léarscáil a dhéanamh de cheantar nua ach go ndíreoidh sé a aird i mbliana ar uasdátú a dhéanamh ar na léarscáileanna atá aige de cheantar eile Gaeltachta, Acaill i Maigh Eo, agus de Shléibhte Chnoc Maoldomhnaigh sna Déise.
Tá cáil ar EastWest Mapping agus ar Barry féin i measc lucht siúil sléibhte, rianadóirí agus daoine eile a bhíonn amuigh faoin aer as feabhas a gcuid léarscáileanna. Tá léarscáiliú déanta ar os cionn 15% den tír aige anois agus cúig cheantar Gaeltachta clúdaithe aige sna léarscáileanna Connemara Mountains, Achill & Corraun agus Clare Island, Derryveagh, Bluestacks, agus léarscáileanna Chorca Dhuibhne.