Nuair a thabharfar na caighdeáin teanga isteach mar chuid den reachtaíocht teanga, beidh ar chomhlachtaí poiblí an riachtanas Ghaeilge agus an leibhéal inniúlachta a bhainfidh le gach folúntas a fhógairt.
Tá an dualgas seo luaite sa bPlean Gníomhaíochta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge a d’fhoilsigh an Rialtas an mhí seo caite agus tá sé deimhnithe ag Roinn na Gaeltachta go mbainfidh sé le gach post a bheidh le líonadh sa tseirbhís phoiblí.
Faoin riail seo, beidh ar chomhlachtaí poiblí ceann de thrí rud a lua i dtaobh na Gaeilge. Beidh orthu a rá go bhfuil an Ghaeilge riachtanach do phost nó do ról, nó go bhfuil cumas Gaeilge “inmhianaithe” don phost nó nach bhfuil riachtanas Gaeilge ar chor ar bith ag baint leis an bpost.
Tá comhlachtaí poiblí in ann a rá chomh maith gur féidir an Ghaeilge a fhoghlaim mar chuid den ról, ach beidh orthu a leagan amach cén leibhéal inniúlachta a chaithfear a bhaint amach, dul ó leibhéal B1 ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach go dtí leibhéal B2, mar shampla. Leagfar síos freisin tréimhse ama ina gcaithfear an leibhéal inniúlachta cuí a bhaint amach.
Dúirt urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta le Tuairisc go mbaineann an gníomh le “gach post atá le líonadh ag comhlachtaí poiblí, cibé slí a líontar iad – trí chomórtais inmheánacha nó oscailte agus eile”.
Baineann an gníomh le líonadh poist nó róil nua nó le duine a earcú chun teacht in áit duine a bhí fostaithe cheana féin.
Deirtear sa bPlean Gníomhaíochta gurb é leibhéal B2 a leagfar síos “go ginearálta” faoi na caighdeáin teanga mar an leibhéal is lú líofachta a theastóidh do róil a mbeidh riachtanas Gaeilge i gceist leo. Deirtear go bhféadfadh go mbeadh éagsúlacht ann ó thaobh inniúlacht labhartha agus scríofa de ag brath ar an ról.
Beidh dualgas ar chomhlachtaí poiblí eolas a thabhairt gach bliain ina dtuarascálacha bliantúla faoi líon na nGaeilgeoirí a d’earcaigh siad an bhliain sin.
Baineann beagnach leath den bhreis is 100 gníomh atá luaite sa bplean le cúrsaí earcaíochta agus oiliúna agus an stát ag iarraidh dul i ngleic leis an sprioc reachtúil gur cainteoirí líofa Gaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh chuig an tseirbhís phoiblí faoi 2030.
Is faoi na caighdeáin teanga nua atá le tabhairt isteach a chuirfear dualgas ar chomhlachtaí poiblí seirbhísí áirithe a chur ar fáil trí Ghaeilge. Tá córas na gcaighdeán teanga le teacht in áit chóras na scéimeanna teanga.
Dúradh i dTeach Laighean an tseachtain seo go raibh na dréachtchaighdeáin réidh le cur faoi bhráid Aire na Gaeltachta agus go gcuirfear tús ansin le próiseas comhairliúcháin.