Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Na caighdeáin teanga réidh le cur faoi bhráid Aire na Gaeltachta

| ,

Tá na dréachtchaighdeáin teanga, ceann de phríomhbhearta na reachtaíochta teanga, réidh le cur os comhair Aire na Gaeltachta.

Dúradh ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge inné go bhfuil sé i gceist tús a chur leis an bpróiseas comhairliúcháin maidir leis na caighdeáin teanga an mhí seo chugainn.

Is faoi na caighdeáin a leagfar dualgais ar chomhlachtaí poiblí seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil.

Bhí sé i gceist go mbeadh córas na gcaighdeán, atá le teacht in áit chóras na scéimeanna teanga, i bhfeidhm roimh dheireadh 2024 ach tá sé ráite ag oifigigh Roinn na Gaeltachta go bhfuil forbairt an chórais níos casta ná mar a ceapadh ar dtús.

“Beidh muid ag rolláil amach próiseas comhairliúcháin faoi cheann míosa maidir leis na caighdeáin teanga atá ag teacht,” a dúirt an Dr Aodhán Mac Cormaic, Ceannasaí Roinn na Gaeltachta, leis an gCoiste Gaeilge.

Faoin gcóras nua, leagfar dualgais chaighdeánacha ar ghrúpaí comhlachtaí poiblí ag brath ar an teagmháil a bhíonn acu leis an bpobal.

Cé go bhfuil sé i gceist próiseas comhairliúcháin phoiblí a reáchtáil maidir leis na dréachtchaighdeáin, tá roinnt céimeanna le glacadh roimhe sin. Caithfear ar dtús na dréachtchaighdeáin a chur faoi bhráid Aire na Gaeltachta chun iad a fhaomhadh, caithfear ansin dul i gcomhairle le hairí eile de chuid an Rialtais agus comhairle a lorg ón gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge. Trí mhí atá leagtha síos ansin don phróiseas comhairliúcháin phoiblí agus reáchtálfar próiseas comhairliúcháin trí mhí eile i measc na gcomhlachtaí poiblí lena mbaineann siad.

Fágann sin gur in 2027 ar a luaithe a thiocfaidh an córas nua i bhfeidhm.

Dúirt Aodhán Mac Cormaic go mbeadh cur i bhfeidhm na gcaighdeán “dúshlánach” agus gach ceann den bhreis is 400 comhlacht poiblí sa stát le teacht faoi scáth an chórais.

Dúirt sé gur obair chasta a bhí i bhforbairt na gcaighdeán agus i gcur i bhfeidhm na ngnéithe eile den reachtaíocht teanga.

“[Bíonn] jabanna atá muid ceaptha a bheith ag déanamh agus nár thuig muid fiú go raibh muid ceaptha a bheith ag déanamh, go háirithe i spás na seirbhíse poiblí,” a dúirt Mac Cormaic. “Chuile bóthar a théann muid síos i dtaobh na seirbhísí poiblí, feiceann muid rud eile a chaithfidh tarlú chun go mbainfear an sprioc 20% amach.”

Dúirt Mac Cormaic go raibh straitéis agus fócas Roinn na Gaeltachta athraithe “bunoscionn” le 15 bliain anuas le bunú an chórais pleanála teanga, le teacht isteach na reachtaíochta teanga agus leis an mbéim a chuirtear anois ar sheirbhísí pobail agus teanga.

Dúirt sé go mbíodh tromlach d’airgead na Roinne á chaitheamh ar “bhóithre agus céibheanna” roimhe sin.

“Níl tada mícheart le céibheanna agus bóithre ach tá eagraíochtaí stáit eile ann le haghaidh na jabanna sin a dhéanamh,” a dúirt Mac Cormaic.

Dúirt Mac Cormaic nach bhfeicfí toradh na hoibre atá ar bun go dtí go bhfeicfí líon na gcainteoirí Gaeilge i dtorthaí daonáirimh 10 nó 20 bliain amach anseo.

“Níl muid gar do dheireadh an aistir seo go fóill. Ní fheicfidh mise é ach feicfidh daoine eile é má leanann siad leis.”

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta