Tá moladh déanta ag an iar-aire iompair, Eamon Ryan, go dtógfaí bunáit chabhlaigh i Ros an Mhíl i nGaeltacht na Gaillimhe.
Agus é ag scríobh ar The Irish Times an tseachtain seo, dúirt iarcheannaire an Chomhaontais Ghlais go luífeadh sé le ciall go n-úsáidfí an ché nua atá le tógáil i Ros an Mhíl “d’oibríochtaí cabhlaigh”.
“Ba cheart dúinn a bheith ag breathnú ar bhunáit chabhlaigh a bhunú i Ros an Mhíl i gCuan na Gaillimhe, áit ar caitheadh níos mó ná €30 milliún le síneadh a chur leis an gcalafort, ach gur cuireadh bac ar an togra mar gheall ar fhabht sa chéad iarratas pleanála.
“Táthar ag súil le cinneadh faoi chead speisialta leis an bhfadhb sin a réiteach an mhí seo chugainn. Má cheadaítear é, luífeadh sé le ciall go n-úsáidfí an ché nua d’oibríochtaí cabhlaigh, mar tá cabhlach iascaigh na hÉireann á laghdú agus tá traidisiún mór mara ag muintir na háite,” a dúirt Ryan.
Níos luaithe an mhí seo, cheadaigh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara €6.4 milliún do Chalafort Ros an Mhíl le cé uisce domhain a thógáil. Caithfear an chuid eile den airgead atá curtha i leataobh do Chalafort Ros an Mhíl ar naoi dtogra eile sa phort Gaeltachta, áit a mbíonn idir bháid iascaigh agus bháid farantóireachta i mbun oibre.
Tá laghdú mór tagtha ar líon na n-iasc a bhítear a thabhairt isteach ag Ros an Mhíl le deich mbliana anuas. 3,300 tonna a tugadh i dtír ansin in 2026, 1,600 tonna a tugadh isteach in 2019, agus 1,200 tonna a tugadh isteach in 2020. Tháinig méadú arís in 2022 nuair a tugadh 1,995 tonna isteach ach thit sé arís go 1,630 tonna in 2023. Níor tugadh níos mó ná 3,000 tonna isteach ag Ros an Mhíl ó bhí 2016 ann.
Sheol an tAire Cosanta Helen McEntee Straitéis Náisiúnta Slándála na Mara inné, an chéad straitéis dá leithéid in Éirinn. Tá an Rialtas ag súil le “flaitheas na hÉireann a chosaint” agus an comhoibriú mara leis an bhFrainc agus an Bhreatain a láidriú. Ní luaitear rud ar bith sa straitéis faoi bhunáiteanna nua a thógáil don chabhlach ná ní luaitear Ros an Mhíl.
Mhol Eamon Ryan ina cholún go mbunófaí bunáit chabhlaigh i nDún Laoghaire i mBaile Átha Cliath freisin agus go gcuirfí árthach de chuid an chabhlaigh ar dualgas i Muir Éireann leis na cáblaí agus na píopaí atá faoin bhfarraige sin a chosaint.