Tá súil ag an bhFeisire Eorpach de chuid Fhianna Fáil Cynthia Ní Mhurchú plean radacach a chur i bhfeidhm le go mbeidh “seirbhís éifeachtach” ateangaireachta ar fáil i bParlaimint na hEorpa d’uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle na hEorpa.
De réir phlean Uí Mhurchú d’fhostófaí dóthain ateangairí ar chonarthaí gearrthéarmacha leis an tseirbhís a chur ar fáil in am do threimhse uachtaránachta na hÉireann.
Beidh an uachtaránacht ag Éirinn sa dara leath den bhliain seo agus tá Cynthia Ní Mhurchú ag iarraidh ar an Rialtas agus ar rannóg na hateangaireachta in institiúidí an AE teacht le chéile agus plean a chur i bhfeidhm le tuilleadh ateangairí a fhostú don tréimhse sé mhí sin.
“Tá an Ghaeilge scríofa agus an Ghaeilge labhartha ann san Eoraip. Tá níos mó spéise agamsa sa Ghaeilge labhartha. Tá an maolú [an cinneadh a rinneadh in 2024 síneadh a chur le riail a fhágann nach gá seirbhísí iomlána a chur ar fáil i nGaeilge ná i Máltais] ag dul i bhfeidhm ar an nGaeilge labhartha sa Pharlaimint amháin, ní théann sé i bhfeidhm ar an gCoimisiún ná ar an gComhairle.
“Tá dóthain ateangairí Gaeilge ag an dá institiúid sin ach tá ganntanas dáiríre i gceist ó thaobh daoine a bheith ag caint i nGaeilge sa Pharlaimint. Más mian liomsa í a labhairt chuile lá beo de mo shaol san Eoraip, ní féidir liom mar níl ateangairí Gaeilge i láthair ag na cruinnithe éagsúla,” a dúirt Ní Mhurchú.
Dúirt sí le Tuairisc go raibh sí tar éis scríobh chuig an Aire Gaeltachta, Dara Calleary, agus chuig an Aire Stáit do Ghnóthaí Eorpacha, Thomas Byrne faoin gceist agus é á mholadh aici go ndéanfaí “earcaíocht go sealadach” ar “aon duine atá oilte” in earnáil na hateangaireachta nó an aistriúcháin agus iad a thabhairt chun na hEorpa don uachtaránacht.
“Aon duine atá oilte amuigh ansin, bíodh siad éirithe as, oilte ach ag plé le hobair eile, nó oilte in ábhar atá gaolta leis an ateangaireacht – an dlítheangeolaíocht nó aistriúchán de shaghas éigin eile agus saghas crash-course a thabhairt dóibh ionas go mbeadh siad réidh don uachtaránacht.
“Bheadh siad fostaithe sa Pharlaimint, is ansin atá an fhadhb. Tá mé féin ag plé leis na feisirí ar fad, an 13 duine eile, agus ag scríobh chucu agus ag tabhairt nodanna dóibh ó thaobh na Gaeilge de.
“Tá mé ag stocaireacht leo agus ag rá leo gur féidir an Ghaeilge a úsáid in Strasbourg agus gur mhaith liom go dtabharfadh siad óráidí i nGaeilge ann. Tá Kathleen Funchion [SF] ag déanamh an-iarracht, Seán Kelly [FG] anois is arís, agus Billy Kelleher [FG] ó am go chéile. Ach don uachtaránacht tá mé ag iarraidh brú níos mó a chur orthu,” a dúirt Ní Mhurchú.
Dúirt sí nach dteastódh “céad ateangaire” leis an tseirbhís atá sí a mholadh a chur ar fáil sa Pharlaimint ach go mbeadh “grúpa” ateangairí ann don tréimhse sé mhí a “rachadh i bhfeidhm sa Pharlaimint” agus a thabharfadh “seirbhís do na feisirí atá sásta beagáinín Gaeilge a úsáid” ann.
“Beidh státseirbhísigh an rialtais ag freastal ar roinnt cruinnithe le linn na huachtaránachta sa Pharlaimint agus ba cheart go mbeadh an tseirbhís ateangaireachta ann dóibh siúd chomh maith.
“Níl na figiúirí agam, ach de réir an eolais atá faighte agam go dtí seo beidh na céadta cruinnithe éagsúla ag an Rialtas – le hairí, státseirbhísigh, agus feisirí parlaiminte,” a dúirt sí.
Dúirt Ní Mhurchú go raibh “féidearthachtaí difriúla” á bplé aici leis an Rialtas agus lucht na hateangaireachta san Eoraip ach go raibh moladh amháin ann go bhféadfaí ateangairí a thógáil ar iasacht ó na hinstitiúidí eile ar feadh na sé mhí agus iad a chur ag obair sa Pharlaimint.
“Tá féidearthacht amháin ann agus is é sin na hateangairí atá ag an gCoimisiún a úsáid, más maith leat é a rá ar an gcaoi sin, iad a úsáid go sealadach sa Pharlaimint. B’fhéidir go bhféadfaí ateangaire a fháil ó na háiteanna sin agus iad a thabhairt d’Aire as Éirinn a bheadh ag teacht agus go bhféadfadh na Feisirí Parlaiminte an tAire sin a thuiscint.
“Is dócha go n-éireodh linn dá mbeadh na hairí le Gaeilge ag teacht chuig aon cheann de mo chuid coistí féin chun labhairt faoi chúrsaí. Tá an fhéidearthacht ann ar ndóigh le hAodhán Ó Ríordáin [LO], le Seán Kelly, agus Billy Kelleher chomh maith. Tá daoine eile ar nós Kathleen [Funchion] an-mhaith ag déanamh iarrachta agus ba mhaith liom iad a ghríosú níos mó. Tá Gaeilgeoirí ar fhoirne na bhfeisirí ar fad chomh maith mar chúntóirí parlaiminte,” a dúirt Ní Mhurchú.
Dúirt an feisire as contae Cheatharlach go bhfuil sí “dóchasach” go n-éireodh leis an bplean atá molta aici agus go bhfuil sí tar éis “aigne na n-airí agus an ardstiúrthóra [Jiménez Marín] a dhíriú” ar an gceist.
“Tá dúthracht ag baint leis an Uasal Jiménez Marín, tá dúthracht ag baint liomsa, agus is dóigh liom go dtuigeann na hairí an fhadhb agus tuigeann siad go mbeadh na hacmhainní saghas gann chun go mbeadh seirbhís iomlán i gceist do na sé mhí, ach ní chaithfeadh sí a bheith iomlán dá mbeadh sí éifeachtach.
“Is é sin go mbeadh saoránaigh na hÉireann ag féachaint ar obair na Parlaiminte ag titim amach agus go bhfeicfidís agus gcloisfidís mé féin nó na feisirí eile, nó na hairí nó na státseirbhísigh ag caint as Gaeilge agus í ag feidhmiú mar theanga oibre. Sin an rud a theastaíonn ó Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly féin – an Ghaeilge ina teanga oibre,” a dúirt Ní Mhurchú.
Mhaígh sí nach “ón dtús” a bheifí ag tosú agus an tseirbhís ateangaireachta á cur ar fáil ó tharla gur féidir léi féin an Ghaeilge a labhairt uair sa mhí nuair a bhíonn seisiúin na Parlaiminte ar siúl in Strasbourg.
“Má fhaighim deis chainte i rith an tseisiúin seachtaine a tharlaíonn uair sa mhí, is féidir liom Gaeilge a labhairt gach lá, mar tugann siad amach duine éigin as Éirinn. Caithfimid bogadh ar aghaidh uaidh sin, tá sé bacach, ar bhealach is masla é don teanga, a bhfuil i gceist, cé go bhfuil an stádas bainte amach aici san Eoraip.
“Tuigim go bhfuil fadhbanna ann, ach caithfear é seo a chur ina cheart nó plean aicsin a bheith ann tar éis 2029. Caithfidh sé a bheith curtha ina cheart faoin am a mbeidh mise críochnaithe sa Pharlaimint, agus plean cinnte a bheith ann chun ateangairí óga a earcú agus deis a thabhairt dóibh staidéar a dhéanamh ar an gceird,” a dúirt sí.
Vótáil Parlaimint na hEorpa mí an Mhárta 2024 síneadh a chur le riail a fhágann nach gá seirbhísí iomlána a chur ar fáil i nGaeilge ná i Máltais.
Easpa aistritheoirí agus ateangairí Gaeilge is cúis leis an gcinneadh gan seirbhísí uile na Parlaiminte a chur ar fáil i nGaeilge, a deirtear.
Cinneadh síneadh a chur leis an maolú go dtí deireadh théarma seo na Parlaiminte in 2029 ach déantar athbhreithniú ar an gcinneadh gach sé mhí.