Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

‘Le Céilí’ ag Spórtlann na hÉireann

|

Cuireadh fáilte agus fiche roimh scaifte mór ag Spórtlann na hÉireann in Iarthar Bhéal Feirste Dé Céadaoin le haghaidh imeacht malartaithe cultúrtha darb ainm ‘Le Céilí’.

Is é Spórtlann na hÉireann a d’eagraigh an ócáid i gcomhpháirt leis an togra Céad Míle Fáilte de chuid Chonradh na Gaeilge agus an charthanacht Multi-Ethnic Sports and Cultures NI (MSCNI).

Bhí neart teaghlach as gach cearn den domhan ann le freastal ar cheardlanna Gaeilge le Seán Ó Murchadha as Céad Míle Fáilte agus ar chéilí leis an iníon léinn Caoimhe McGrath atá ar thaithí oibre ag an Spórtlann faoi láthair. 

Bhain gach duine, idir óg agus aosta, sult mór as an tráthnóna álainn spreagúil.

Labhair muid le Jahswill Emannuel, bunaitheoir agus Comhordaitheoir Tionscadail ag MSCNI, Oluwaseyi Oluwalana a oibríonn go deonach le MSCNI agus a dfhreastail ar an imeacht le páistí s’aici, chomh maith le Seán agus Caoimhe. 

Eagraíodh an t-imeacht seo mar chuid de Sheachtain Frithchiníochais na Gaeilge, nó ‘Fáilte 26

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta