Lá na bPancóg
Inniu Lá na bPancóg! Lá a thaitníonn le hóg agus aosta ar aon.
An stair a bhaineann le lá na bpancóg, nó Máirt na hInide, ná gur an lá deireanach roimh an gCarghas atá ann. Thosaigh daoine ag déanamh pancóga chun comhábhar nach mbeadh á ithe thar thréimhse an Charghas a úsáid. Sa lá anois, ceannaíonn daoine ábhair go háirithe chun pancóga a dhéanamh ar an lá blasta seo!
Más maith leat pancóga milse nó saillte, tá rogha gan deireadh de bharráin de gach stíl – siúcra, líomóid, nutella, im, síoróip mhailpe, cáis, liamháis, cáis uachtair, ubh… Freisin, tá stíleanna éagsúla de na pancóga iad fhéin, cinn thanaí, crepes nó cinn thiubha, bolgacha, bíonn rogha éagsúil ag gach duine.
Seo oideas simplí chun pancóga a dhéanamh inniu:
- 100g plúr
- 2 ubh
- 300ml bainne
- liomóid (mar bharrán)
- siúcra (mar bharrán)
- Measc na comhábhair ar fad le chéile i mbabhla mór go dtí go bhfuil fuidreamh mín agat
- Téimh suas friochtán ar meán-theas le píosa beag im nó ola
- Nuair atá an friochtán te, déan na pancóga, ceann ar cheann, agus dóibh a bheith sa fhriochtán ar feadh nóiméad 1 ar an dá thaobh
- Cuir an siúcra agus liomóid ar barr na pancóga
- Bain taitneamh as na pancóga!
Tá súil againn go mbeidh pancóga blasta agaibh ar fad inniu!