Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

‘Is breá liom an fharraige agus an ceol ach braithim uaim mo sheantuismitheoirí is mo chairde’ – Úcránach óg sa Ghaeltacht

|

 

Deir buachaill óg ón Úcráin, ar thuill agallamh a rinne sé i nGaeilge clú dó, gur breá leis i gcónaí a bheith ag cur faoi i gCorca Dhuibhne ach go n-airíonn sé uaidh a chlann agus a chairde sa mbaile.

Ceithre bliana ón lá inné a rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin agus tá na scórtha mílte Úcránach anois ina gcónaí in Éirinn agus iad ag teitheadh ón gcogaíocht.

Ina measc, tá Misha Yerhidzé, 11 bliain d’aois, atá ina chónaí ar an mBuailtín lena mháthair. Agus é ag labhairt ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt Misha go dtaitníonn a shaol sa nGaeltacht go mór leis ach go dteastaíonn uaidh go mbeadh síocháin san Úcráin.

“Na rudaí atá ag tarlú timpeall na háite san Úcráin, tá sé go hainnis. Bheadh sé níos fearr dá stopfadh an cogadh agus dá mbeadh [síocháin idir] gach duine,” a dúirt sé.

“Tá an-chuid rudaí a bhraithim uaim ach an rud is mó a bhraithim uaim ná mo sheantuismitheoirí is mo chairde.”

Mar sin féin, tá Misha socraithe isteach go maith i mBaile an Fheirt[i]agus ar chultúr na háite. Scaipeadh agallamh a rinne sé le TG4 anuraidh go forleathan ar na meáin shóisialta agus daoine faoi gheasa ag a chumas sa Ghaeilge agus leis an mbosca ceoil.

“Is breá liom an saol timpeall orm, na cnoic, an fharraige, an ceol, an chraic sa phub. Is breá liom é,” a dúirt Misha, faoina shaol i gCorca Dhuibhne.

“Bím ag seinm agus [bhíos] ag dul chuig ranganna i Scoil Cheoil an Earraigh cúpla lá ó shin. Is breá liom é.”

Tá 84,000 Úcránach a theith ón gcogadh anois ag cur fúthu in Éirinn agus labhair Máire Uí Léime, a bhíonn ag obair leis an bpobal Úcránach in Uíbh Ráthach, faoi na dúshláin atá ann dóibh agus do na pobail a chuireann fáilte rompu.

Easpa Béarla ag na hÚcránaigh agus easpa lóistín an dá fhadhb is mó, a dúirt sí.

“Ceithre bliana ó shin, thosnaíomar le 250 [duine]. Chuaigh sé suas go dtí 500 ar feadh dhá bhliain. Ag deireadh na bliana anuraidh, bhí na figiúirí imithe suas arís. Tá idir 750-800 Úcránach sa Neidín faoi láthair, an-chuid do bhaile beag.”

Imeascadh le muintir na háite an bealach is fearr chun tacú leis na hÚcránaigh, a dúirt Máire Uí Léime. Dúirt sí gur tugadh cuireadh do mhná sa Neidín páirt a ghlacadh sa gceiliúradh do Lá Nollaig na mBan an mhí seo caite agus go rabhadar anois ag teacht le chéile i ngrúpa cniotála.

Agus é ag labhairt maidin Dé Máirt, dúirt an Taoiseach Micheál Martin go raibh fáilte mhór curtha ag muintir na hÉireann roimh na hÚcránaigh a tháinig anseo agus go raibh siad tar éis cur go mór leis na pobail ina bhfuil siad anois ina gcónaí.

Léirigh an Taoiseach tacaíocht arís don Úcráin sa gcogadh agus dúirt go dtacódh Éire le linn a tréimhse uachtaránachta ar an Aontas Eorpach le hiarrachtaí na hÚcráine ballraíocht san AE a bhaint amach.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta