Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Imní ar Deeds faoi cad a tharlóidh do chaighdeáin teanga nua nuair a fhoilseofar iad

|

Tá an Coimisinéir Teanga Pól Deeds meáite ar chaighdeáin teanga a fhoilsiú i mbliana, ach beidh a bhfuil i ndán do chóras nua cearta teanga an Tuaiscirt idir dhá cheann na meá ansin.

“Bhuel, tá muid ag crosbhealaí ansin,” a dúirt Pól Deeds le Tuairisc.

“Má dhiúltaíonn an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire nó má dhiúltaíonn an Chéad-Aire nó an LeasChéad-Aire, ní fhoilseofar iad, ní rachaidh siad áit ar bith.

“Tá an rogha agam dul go dtí Westminster agus iarraidh ar an Rúnaí Stáit iad a faomhadh. Níl a fhios agam an ndéanfaidh sé sin. Tá daoine ag glacadh leis go rachaidh mé chuig Westminster. Ní thig linn talamh slán a dhéanamh de go mbeidh suim ag Hilary Benn a ladar a chur isteach ann. Seans go ndéarfadh sé ‘No’. Thig leis ‘no’ a rá.”

Nuair bheidh na caighdeáin réidh aige is ag brath ar an gCéad-Aire Michelle O’Neill agus an LeasChéad-Aire Emma Little-Pengelly a bheidh an coimisinéir Gaeilge nua agus deir go mbeidh go leor dá chuid oibre ag brath ar a gcomhoibriú.

“Thig leo mé a stiúradh. Thig leis an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire mé a stiúradh i dtaca le ceisteanna. Rud nach bhfuil ina ghnáthchumhacht i reachtaíocht teanga nó i dtaca le coimisinéir nó ombudsman ar bith. Ach thig leo sin a dhéanamh.

“Anois, caithfidh siad a bheith ag feidhmiú lena chéile, rud nach dtarlóidh. Níl mé róbhuartha faoin ghné sin. Níl siad chun teacht le chéile chun mé a stiúradh i dtaca le ceist ar bith, ní dóigh liom, ach caithfidh siad beirt na caighdeáin a cheadú agus is ábhar imní, fíor-imní, é sin.

“Má aontaíonn siad leis na caighdeáin, beidh siad le cur i bhfeidhm in 2027. Ní bheidh siadsan ag teacht ar bord go dtí go mbeidh na caighdeáin foilsithe agus ansin athróidh an obair, beidh sé níos cosúla le hobair an Choimisinéara Teanga [Séamas Ó Concheanainn].”

Dar le Deeds gur ar éigean go mbeadh suim ag Rialtas na Breataine sa scéal ach amháin sa chás go mbeadh sáinn pholaitiúil ann.

“Gan géarchéim pholaitiúil, ní shílim go mbeidh sé [Hilary Benn] ag iarraidh a ladar a chur isteach, sílim go seasfaidh sé siar cibé rud a deirim.

“Tá mé chun mo dhícheall a dhéanamh an LeasChéad-Aire [Emma Little-Pengelly] a fháil ar bord, go háirithe. Bhí comhrá agam le sainchomhairleoir s’aici. Beidh mé ag iarraidh comhrá eile agam a bheith léi. Ba mhaith liom an LeasChéad-Aire agus na daoine thart uirthi a choinneáil ar bord a oiread is féidir.

“Bhí comhrá agam léi. Bhí cruinniú agam leis an Aire Pobal Gordon Lyons agus bhí deis agam bualadh go gasta, go neamhoifigiúil, le ceannasaí pháirtí s’aici [An DUP], Gavin Robinson. Bhí comhrá an-dearfach agam leis an triúr acu.”

“Neosfaidh an aimsir,” a deir Deeds, “an gciallaíonn sin rud ar bith.”

“Tá a fhios agam gur polaiteoirí iad, ach bhí siad iontach tacúil leis an chur chuige a mhínigh mé dóibh, iontach cairdiúil. Tá mise ag glacadh leis sin mar chomhartha dóchais go bhfuil siad ag iarraidh go mbeadh rath ar na hoifigí seo atá curtha ar bun acu [oifigí na gcoimisinéirí agus an oifig féiniúlachta].”

Deir sé go bhfuil “infheistíocht” mhór déanta ag an DUP i mbunú a oifige agus na hoifigí eile a bunaíodh faoi reachtaíocht féiniúlachta agus cultúir. Dar leis an gCoimisinéir Gaeilge go bhfágann sin go mbeidh dea-cháil an pháirtí ag brath ar rath a bheith ar na hoifigí.

“Seans go bhfuil mé soineanta ag rá sin ach bunaithe ar an taithí a bhí agam ag labhairt leo, creidim go bhfuil muid in áit mhaith leo ach beidh le feiceáil. Faoin am go mbeidh na caighdeáin foilsithe, beidh sé mhí fágtha roimh thoghchán.

“Seans, is cuma cé chomh cairdiúil agus atá siad anois, seans nach mbeidh siad ag iarraidh cuma chairdiúil a chur orthu féin i dtaca leis an Ghaeilge i mí na Nollag 2026.”

Bhí Coimisinéir Gaeilge Thuaisceart Éireann, Pól Deeds, i nGaeltacht Chonamara inné agus a chéad chuairt oifigiúil á tabhairt aige ar an gCoimisinéir Teanga, Séamas Ó Concheanainn ar an Spidéal.

Sna caighdeáin teanga nua a leagfar síos na dualgais ó thaobh na Gaeilge a bheidh ar chomhlachtaí poiblí ó thuaidh agus is ar dhréachtú na gcaighdeán sin is mó atá Deeds ag díriú faoi láthair.

“Tá an amlíne seo pléite agam anois le thart fá céad duine agus tá mé ag iarraidh cloí leis go mbeidh siad réidh le tabhairt don Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire i mí na Nollag. Tá go leor le déanamh ach tá sé iontach deas smacht iomlán a bheith agat ar chúrsaí oibre den chéad uair riamh. Is rud maith é.”

In ainneoin a imní faoi cad a tharlóidh do na caighdeáin nuair a chuirfidh sé faoi bhráid an Chéad-Aire agus an LeasCéad-Aire iad, deir Deeds go bhfuil go leor ann a thugann misneach dó.

“Tá an dóchas in achan áit. In achan duine a mbím ag bualadh leo nó ag caint leo sa saol poiblí ó thuaidh, taobh amuigh de leithéidí Gordon Lyons [An tAire Pobal] in amanna.

“Agus mar a dúirt mé, bhí comhrá agam leis, bhí cruinniú agam leis, agus bhí sé iontach dearfach. Agus rud an-dearfach a bhí ansin domsa.”

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta