Sa Chúirt Achomhairc inné, dúirt saineolaí a bhí ina fhinné ag an gcosantóir nach raibh anailís DNA ach “ina fíorthús” nuair a reáchtáladh an triail inar ciontaíodh fear in éigniú agus dúnmharú cailín scoile as Conamara agus go bhfuil feabhas “ollmhór” tagtha ar an teicneolaíocht ó shin.
Tá John McDonagh 51 blain d’aois anois agus é ag áitiú gur iomrall ceartais a bhí ina chiontú.
Seacht mbliana fichead a bhí McDonagh in 2001 nuair a ciontaíodh é ag giúiré sa bPríomh-Chúirt Choiriúil in éigniú agus dúnmharú Shiobhán Ní Eidhin, nach raibh ach 17 mbliana, as an Sconsa i Leitir Móir i gConamara.
Thángthas ar chorp an chailín óig ar an trá sa Tismeáin ar an gCaorán Beag sa gCeathrú Rua moch maidin an 6 Nollaig 1998.
Phléadáil McDonagh as an Diméin, An Caorán Beag, neamhchiontach. Chaith an giúiré trí lá ag plé an cháis agus ciontaíodh é agus gearradh príosún saoil air.
Thug an Dr Louise McKenna, as saotharlann fóiréinseolaíochta an stáit, fianaise gur frítheadh “roinnt” snáithíní ar an ngeansaí a bhí á chaitheamh ag McDonagh an oíche sin a tháinig leis an seaicéad lomra peitrealghorm agus an geansaí aicrileach fíondaite a bhí á gcaitheamh ag Siobhán Ní Eidhin. Fuarthas snáithíní eile a tháinig le stocaí dubha Shiobháin ar dhroim agus ar thosach gheansaí McDonagh.
Fuarthas snáithíní ó sheaicéad agus ó gheansaí Shiobháin ar shuíochán tosaigh an phaisinéara i gcarr McDonagh freisin agus mheaitseáil snáithíní a fuarthas ar éadach Shiobháin na snáithíní a bhí sna clúdaigh bhoga dhearga a bhí ar shuíochán charr McDonagh. Dúirt an Dr McKenna sa gcúirt gur “thacaigh na snáithíní sin go láidir leis an áitiú go raibh Siobhán Ní Eidhin i dteagmháil le geansaí McDonagh agus go raibh sí ina charr”.
Tá McDonagh ag iarraidh leas a bhaint as an dul chun cinn atá déanta sa teicneolaíocht agus na forbairtí ar an saineolas lena chruthú nach raibh a chiontú sábháilte agus lena léiriú gur iomrall ceartais a tharla ina chás féin.
Agus tús á chur aige leis an achomharc is déanaí seo mí na Nollag, dúirt an tAbhcóide Sinsearach, Michael O’Higgins ar son McDonagh, gur i “mionscríbhinní na saineolaithe a bhí feoil agus glasraí an cháis”.
Cuireadh an cás ar athlá i ndiaidh dhá lá d’aighneachtaí nuair a chinn an triúr breithiúna gur mhian leo fianaise a éisteacht ó na saineolaithe a bhí ina bhfinnéithe sa gcás.
Inné, an tríú lá den éisteacht, le linn croscheistithe, dúirt saineolaí fóiréinseach an chosantóra, Clare Jarman, le hAbhcóide Sinsearach an Ionchúisimh, Paul Carroll, cé go raibh tástáil DNA tairbheach tráth na trialach go raibh sí fós “ina fíorthús”.
Dúirt sí go raibh dul chun cinn suntasach déanta le 20 bliain cé gur aontaigh sí gurb í an “eolaíocht bhunúsach” chéanna a bhíonn i gceist.
Dúirt Clare Jarman go raibh an nua-theicneolaíocht níos pointeáilte agus go bhfuil na modhanna atá anois ann chun samplaí a chruinniú níos fearr ag glanadh samplaí agus ag glanadh aon ábhar truaillithe as samplaí.
Mhínigh sí don chúirt go n-úsáidtear tástáil aigéad fosfatáise (AP) chun a fháil amach an bhféadfadh sreabhán seamhnach a bheith ann. Dúirt sí chun aon lorg seamhnach a fháil ar éadach, go mbeadh sé ag brath cé acu a bhí an sreabhán seamhnach tirim nó fliuch nuair a chuaigh sé in uisce.
Dúirt sí go bhféadfadh go mbeadh speirmeatasóin fós ann ach go mbíonn sé deacair a dhéanamh amach cén chuid den éadach le díriú air.
Dúirt Clare Jarman go raibh an tástáil AP seo in úsáid “leis an scórtha agus na scórtha bliain” agus go bhféadfadh substant a bheith caillte nó díghrádaithe tar éis a bheith faoi uisce.
Dúirt an tAbhcóide Carroll gurb í an fhianaise a bhí sa gcás seo gur fágadh corp Shiobháin Ní Eidhin i mbéal na taoide agus go bhfuarthas feamainn agus ábhar mara thart ar a faighin.
Dúirt sé gur dhúirt an Dr Dorothy Ramsbottom ó Eolaíocht Fhóiréinseach Éireann, a réitigh tuairisc don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, gur beag seans a bhí ann bunaithe ar fhíricí an cháis go bhfaighfí aon sreabháin cholainne nó sreabhán seamhnach.
D’aontaigh Jarman go laghdódh an fliuchán san uisce an méid den aigéad fosfatáise a bheadh ann ach nach bhféadfadh sí a rá go bhfaigheadh sé réidh leis ar fad. Dúirt sí gur iomaí rud a d’athródh cúrsaí, an t-achar a bhí an corp san uisce, an cineál fabraice a bhí i gceist agus cé mhéad síl nó seamhain a bhí i gceist, má fágadh aon chuid.
Dúirt sí leis an abhcóide gur mó an tionchar diúltach a bheadh ag na tonnta agus uisce sáile ar an bhfianaise ná a bheadh ag uisce driogtha.
Dúirt Clare Jarman go raibh an chuma air go raibh a cuid éadaigh bainte den chailín a bhásaigh agus gur cosúil go raibh gníomhaíocht ghnéasach ar siúl. Dúirt sí, áfach, nach fios cé acu ar shead an té a rinne an choir nó nár shead.
Dúirt Paul Carroll gurb í an fhianaise a bhí sa gcás seo gur uirlis mhaol éigin a úsáideadh seachas treá boid.
Dúirt Jarman go raibh sin ar eolas aici agus gurbh é sin an fáth go ndíreofaí ar an éadach. D’ainneoin sin, ó tharla nach mbeadh na fíricí faoinar tharla ar eolas, bheadh an lucht tástála fós ag lorg seadadh inmheánach.
Dúirt Jarman gurbh é an nós a bhí ann nuair a rinneadh an chéad tástáil, maipíneacht amháin a scrúdú ag úsáid modh ar a dtugtaí modh an bhairr (tip). Sa lá atá inniu ann, a deir sí, leis na próisis nua-aimseartha tógtar ábhar ó gach maipíneacht agus fágann sin gur mó seans go dtiocfar ar speirmeatasóin, má seadadh, fiú más leibhéal íseal a bhíonn ann.
Ó thaobh DNA teagmhála, dúirt Jarman go mbeadh an chuid is mó de sin glanta de bharr a bheith san uisce. Dúirt sí go mbeadh cosaint níos fearr faoi na hingne agus sa bhfaighin, cé gur fánach an seans go dtiocfaí ar DNA teagmhála.
Labhair Jarman freisin faoin tástáil Y-STR, agus dúirt sí go raibh sin áisiúil chun DNA fireann atá á phlúchadh ag DNA baineann a scaradh uaidh.
Dúirt sí gur “tionchar an-mhór” a bheadh ann corp a bheith san uisce ó thaobh inbhraiteacht an DNA.
Dúirt sí gur tháinig na samplaí a tógadh istigh faoi ingne Shiobháin lena DNA féin nó nár braitheadh aon phróifíl uathu, ach dúirt sí go bhféadfadh go bhfaighfí próifíl éigin uathu anois toisc feabhas a bheith ar an teicneolaíocht.
Dheimhnigh Jarman do Michael O’Higgins gur úsáideadh sé cinn de bhaitíní cadáis ag an am agus gur scoilteadh iad, rud a d’fhág go raibh dháréag píosa ann a d’fhéadfaí a scrúdú.
Dúirt sí nár scrúdaíodh ach cuid amháin de cheann acu agus gur fhág sin aon cheann déag nár scrúdaíodh. Dúirt Jarman go dtógfaí eastóscáin as gach cuid díobh i dtástáil an lae inniu agus go méadódh sé an seans go dtiocfaí ar leibhéal íseal speirmeatasóin agus ar phróifíl DNA, dá mba ann di.
Dúirt an Dr Ramsbottom nár tosaíodh ag úsáid próifíliú Y-STR in Éirinn go dtí an bhliain 2016. Dúirt sí “go bhféadfadh” DNA maireachtáil istigh faoi ingne ach gur “fánach an seans” é agus go ndearna an lucht tástála réamh-mheasúnú ag an am leis an tairbhe ab fhearr a bhaint as an bhfianaise.
Dúirt sí gur bhreathnaigh na tástálaithe ar na samplaí ó na hingne sa gcás seo d’ainneoin go raibh an corp san uisce suas le 14 uair an chloig agus gur “bheag seans” go bhfaighfí tada faoina cuid ingne.
Dúirt sí go bhfuarthas DNA a tháinig le DNA an té a bhí básaithe.
Dúirt Michael O’Higgins leis an bhfinné dá bhfaighfí próifíl DNA sa lá inniu go bhféadfadh go gcuirfí trí bhunachar DNA í agus dá meaitseálfadh sí le ceann coirpeach aitheanta a bhí cúisithe i gcionta gnéis go dtabharfadh sin cuidiú do na Gardaí ina bhfiosruithe.
Dúirt Ramsbottom go ndearna a saotharlann féin an tástáil i 1999 nuair nach raibh “an smaoineamh” faoi bhunachar dá leithéid fós “ginte fiú amháin”. Dúirt sí áfach sa gcás seo, nach raibh na nósanna imeachta céanna ann ó thaobh truaillithe agus gur theagmhaigh roinnt daoine leis an gcorp.
“Mar gheall air sin, dá dtiocfaí ar phróifíl, bheinn ag súil gur de bharr truaillithe i ndiaidh na heachtra a tharla sé seachas sula ndeachaigh an corp san uisce,” a dúirt sí.
Dúirt an Dr Ramsbottom sa gcás gur sa lá inniu a thiocfadh an cás seo isteach sa tsaotharlann, nach ndéanfadh sí aon rud difriúil.
Cuireadh fianaise ar fáil freisin ó shaineolaithe snáithíní.
Dúirt Tiernan Coyle nach raibh sé ábalta torthaí na hanailíse i gcomhad an cháis a dheimhniú agus nach bhféadfadh sé aon tuairim a léiriú go fóill faoi fhianaise teagmhála.
Dúirt Coyle go raibh forbairt thábhachtach déanta ar mhicreascóip le 25 bliain agus gur forás mór sa teicneolaíocht a bhí ansin.
Dúirt Amanda Lennon, saineolaí snáithíní an ionchúisimh, cé go raibh feabhas tagtha ar an teicneolaíocht gurbh iad na prionsabail cheanna a bhí i gceist agus nach dóigh go gcuirfeadh tástáil bhreise aon bhiseach ar an bhfianaise.
Dúirt sí go raibh an tástáil a rinneadh ag an am “láidir” agus gur tharla aistriú snáithíní i gcúpla treo sa gcás, gur aistríodh snáithíní éagsúla ar dhá bhall éadaigh éagsúla agus de bharr a raibh de shnáithíní i gceist agus na treonna éagsúla ar aistríodh iad, gur dhóigh gurb amhlaidh a neartódh tuilleadh tástála an fhianaise seachas a mhalairt.
Ag an triail in 2001, cuireadh fianaise ar fáil gur cheiliúir Siobhán Ní Eidhin a lá breithe seachtain sular maraíodh í agus gan í ach 17. De réir na fianaise, d’éignigh McDonagh í agus ansin thriail sé í a thachtadh. D’fhág sé i mbéal báis í agus thiomáin ar ais go sráidbhaile na Ceathrún Rua agus bhí sé sáite in achrann ansin.
Thart ar 12.50 am a chonacthas Siobhán Ní Eidhin go deireadh sa gCeathrú Rua. D’fhág sí carr a bhí páirceáilte taobh amuigh d’óstán san áit le ghabháil ag an leithreas sa siopa sceallóg ach níor tháinig sí ar ais ina dhiaidh sin. Thriail sí a ghabháil ag an leithreas sa teach ósta tamall roimhe sin ach ní ligfeadh an doirseoir isteach í mar bhí sí faoi aois. Leanfar leis an gcás amárach







