NASC:
Tá 1,500 ainm curtha le hachainí ar líne ina n-éilítear go gcrochfaí comharthaíocht dhátheangach i gCorn na Breataine i ndiaidh don Choirnis stádas breise a bhaint amach ag leibhéal na hEorpa anuraidh.
Bronnadh stádas ‘Cuid III’ faoin gCairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh ar an gCoirnis ag deireadh na bliana seo caite. Is é ‘Cuid III’ an stádas is airde atá ar fáil agus d’fhág an t-ardú céime an teanga ar comhchéim leis an nGaeilge, Gaeilge na hAlban, an Bhreatnais agus Manainnis.
Maítear san achainí ar líne go dtógfaí ar an stádas nuabhronnta agus go gcrochfaí comharthaí bóthair a bhfuil logainmneacha Chorn na Breataine i gCoirnis agus i mBéarla orthu, mar a fheictear in áiteanna eile sa Bhreatain. Tá an chomharthaíocht dhátheangach tugtha isteach le fada sa Bhreatain Bheag agus in Albain.
Deir údar na hachainí go mbíonn muintir Chorn na Breataine “timpeallaithe ag an gCoirnis i gcónaí” agus moltar na comharthaí dátheangacha atá le feiceáil cheana féin in áiteanna áirithe sa náisiún beag Ceilteach. Tá an Choirnis le feiceáil ar chomharthaí ag Lys Kernow (Lios an Choirn), ceannáras Chomhairle Chorn na Breataine, agus san ionad ealaíon Hall for Cornwall.
Tá an Choirnis le feiceáil ar ainmchláir ar roinnt sráideanna i mbailte áirithe i gCorn na Breataine freisin, ach níl aon rialtacht ann agus níl aon cheangal dlí ar na húdaráis áitiúla a leithéid a chrochadh. Tá os cionn míle ainmchlár dá leithéid i gCorn na Breataine cheana féin.
Bunaíodh Panel Arwodhyow ha Henwyn Tyller Kernewek (Painéal Comharthaíochta agus Logainmneacha) tamall de bhlianta ó shin le taighde a dhéanamh ar logainmneacha Coirnise agus moltaí a chur chun chinn do shráidainmneacha agus d’ainmneacha bóthair sa réigiún.
Maíonn Comhairle Chorn na Breataine go bhfuil borradh faoin teanga i láthair na huaire agus go bhfuil “athbheochan ar fud na diúcachta”.
Maíodh go ndearnadh os cionn milliún cuardach ar an bhfoclóir Coirnise ar líne anuraidh, agus go bhfuair Foireann Aistriúcháin Coirnise Chomhairle Chorn na Breataine os cionn 650 iarratas ar aistriúcháin anuraidh – méadú 22% ar an mbliain roimhe sin.
Tá os cionn 200 duine cláraithe le ranganna Coirnise a chuireann an Chomhairle ar fáil agus tá 6,000 dalta bunscoile cláraithe i scéim Coirnise a reáchtálann an Chomhairle i scoileanna an réigiúin.
Nuair a bronnadh stádas ‘Cuid III’ faoin gCairt Eorpach ar an gCoirnis anuraidh, dúirt Emily Jenkins ón eagraíocht Kowethas an Yeth Kernowek (Cuallacht na Coirnise) go raibh súil aici go mbeadh tionchar ag an stádas nua ar stádas na Coirnise ar chomharthaí bóthair agus sa tseirbhís phoiblí.
Tá an Choirnis ar cheann de na teangacha Ceilteacha is laige sa lá atá inniu ann. Níl aon chainteoir traidisiúnta dúchais fágtha ann agus níl ach fíorbheagán daoine ann a bhfuil ardscileanna sa teanga acu. Mar sin féin, tá spéis as an nua sa teanga sa Chorn le tamall de bhlianta anuas agus daoine á foghlaim arís. Bunaíodh irisleabhar Coirnise, Gweles, in 2021 agus baineann an ceoltóir Breatnach, Gwenno úsáid as an teanga, a fuair sí óna hathair, ina cuid amhrán.