Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Duais aistriúcháin Eorpach buaite ag dalta ó Chonamara

| ,

Tá duais i gcomórtas aistriúcháin de chuid an Aontais Eorpaigh buaite ag dalta ón gCeathrú Rua i nGaeltacht Chonamara.

D’fhógair an Coimisiún Eorpach gurb í Méabh Ní Ghionnáin ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin a bhain an chéad áit amach in Éirinn sa chomórtas Juvenes Translatores a reáchtáil an Coimisiún.

Seo an ceathrú bliain as a chéile do dhaltaí Ghaeltacht na Gaillimhe an chraobh a bhreith leo; Méabh an curadh i mbliana, a bhuí lena haistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge, agus ba scoláirí ón Choláiste Chroí Mhuire sa Spidéal a bhuaigh an comórtas sna trí bliana roimhe sin.

Beagnach leathchéad iomaitheoir ó cheithre scoil déag in Éirinn a ghlac páirt sa gcomórtas i mbliana agus os cionn 3,000 dalta 17 mbliana d’aois ar fud an Aontais Eorpaigh a chuir isteach ar an gcomórtas trí chéile.

Deir Coimisiún na hEorpa cé go raibh an Béarla ar cheann de na teangacha ba choitianta, i measc na 155 phéire teangacha a roghnaigh daltaí bhí Gaeilge-Spáinnis, Bulgáiris-Gréigis, Danmhairgis-Seicis, agus Cróitis-Sualainnis. B’aistritheoirí de chuid an Choimisiúin Eorpaigh a roghnaigh na buaiteoirí.

Ghabh Piotr Serafin, an Coimisinéir um an mBuiséad agus Comhrac Calaoise agus um an Riarachán Poiblí, buíochas leis na rannpháirtithe ar fad agus lena múinteoirí agus labhair sé faoin tábhacht a bhain le foghlaim teanga.

“Tá na teangacha i gcroílár na féiniúlachta Eorpaí. Nuair a fhoghlaimíonn duine teanga nua, déanann sé nasc le cultúr eile agus faigheann sé léargas níos leithne ar an saol mór. Agus ní rud pearsanta amháin atá ann. Is mór an áis don ionad oibre scileanna teanga freisin, áit a dtéann siad chun sochair don duine aonair agus don tsochaí trí chéile.”

Reáchtálfar searmanas bronnta teastas sa Bhruiséil an mhó seo chugainn, an 27 Márta agus blaiseadh d’obair aistritheoirí an Choimisiúin Eorpaigh le tabhairt do na buaiteoirí ar fad.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta