Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Cruinniú éigeandála á lorg ag an Meitheal Náisiúnta Pleanála Teanga le Roinn na Gaeltachta

| ,

Tá an Mheitheal Náisiúnta Pleanála Teanga (MNPT), an scátheagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar oifigigh pleanála teanga ar fud na Gaeltachta, ag iarraidh cruinniú éigeandála le Roinn na Gaeltachta i bhfianaise an athbhreithnithe ar dheich bplean teanga a foilsíodh an mhí seo caite.

Tá an grúpa ag éileamh go ndéanfaí “athstruchtúrú iomlán” ar “bhainistiú an phróisis pleanála teanga” sa Ghaeltacht.

“Tá an MNPT ag iarraidh cruinniú éigeandála gan mhoill leis an Rannóg Pleanála Teanga chun todhchaí an phróisis a phlé, míniú a fháil ar an easpa rialachais agus monatóireachta, agus soiléiriú a lorg ar na pleananna teanga eile nár athbhreithníodh.

“Tá sé doghlactha nach bhfuil straitéis feidhmiúcháin ag an Roinn fós, cé gur cuireadh tús leis an bpróiseas pleanála teanga in 2012,” a dúirt Ruairí Ó Donnáin, cathaoirleach an MNPT.

Dúirt Ó Donnáin, gur léir nach bhfuil “meicníocht athbhreithnithe ann do na pleananna eile” agus nach bhfuair na ceantair a bhí faoi chaibidil sa tuarascáil “aiseolas praiticiúil” ar a gcuid oibre.

“Fágann an cur chuige seo níos mó ceisteanna ná freagraí. Tá díomá agus frustrachas forleathan i measc OPTanna. Ní féidir leanúint leis an gcur i gcéill,” a dúirt sé.

Tá cúig éileamh leagtha amach ag an MNPT: go ndéanfaí athbhreithniú nua ar fheidhmiú na bpleananna teanga; go socrófaí “córas rialachais soiléir” don phleanáil teanga agus go mbeadh “ról láidir” ag an Stát ann; go gcuirfí maoiniú “leordhóthanach” atá “cothrom agus cuí” ar fáil sna LPTanna; go mbeadh na ranna éagsúla stáit ag “comhoibriú” leis an bpleanáil teanga “a chur i gcrích”; agus go socrófaí “cur chuige éigeandála teanga bunaithe ar chumhachtú pobail agus idirghabháil stáit”.

“100 bliain tar éis Choimisiún na Gaeltachta, tá an deis fós ann. Tá an tuarascáil [an t-athbhreithniú ar an gcéad deich bplean teanga] seo soiléir: gan idirghabháil láithreach, ní éireoidh leis an bpleanáil teanga sna LPTanna. Tá sé thar am don Stát an fhreagracht a ghlacadh,” a dúirt Ó Donnáin.

Cháin comhghleacaí de chuid Uí Dhonnáin, Gráinne Nic Niallais, atá ina hoifigeach pleanála teanga ar an gClochán Liath i nDún na nGall, freagraí Roinn na Gaeltachta ar na moltaí a rinneadh sa tuarascáil a réitigh an comhlacht Barr Feabhais.

“Tá freagraí na Roinne cosantach, neamhleor agus ag diúltú don chuid is mó de na moltaí is criticiúla. Is leir nach bhfuil an Roinn sásta aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna struchtúrtha a aithníonn an tuarascáil féin,” a dúirt sí.

Dúirt Nic Niallais go bhfuil “ganntanas foirne, moilleadóireacht, easpa comhoibrithe agus easpa tuisceana ó ghníomhaireachtaí stáit” ag cur bac ar chur i bhfeidhm na bpleananna teanga sa Ghaeltacht.

“Tá ga le cur chuige uilephobail agus idirghabháil stáit ar scála i bhfad níos leithne. Is é seo an t-am le gníomhú, tá an Ghaeilge i ngéarchéim sna LPTAnna agus tá freagracht ar an Stát gníomhú,” a dúirt sí.

Dúradh i ráiteas de chuid an MNPT gur gá “idirghabháil phráinneach” a dhéanamh agus athbhreithniú nua a choimisiúnú faoin bpleanáil teanga sa Ghaeltacht.

Maíonn an grúpa gur “theip” ar Roinn na Gaeltachta “athbhreithniú fíor-fheidhmiúil” a dhéanamh ar obair na bpleanálaithe teanga sna 10 limistéar pleanála teanga a bhí i gceist agus go bhfuil na ceantair sin fágtha “gan treoir, gan soiléireacht agus gan tacaíocht”.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta