Tá cór nua bunaithe do chainteoirí Gàidhlig ar baill den phobal LADT iad. Beidh ‘Còisir Chuèir’ [Cór Aiteach] ag teacht le chéile den chéad uair an tseachtain seo chugainn i nGlaschú agus deir lucht a eagraithe go mbeidh fáilte roimh dhaoine cibé cumas ceoil atá acu.
Is í an cumadóir Josie Duncan a bheidh ina stiúrthóir ar an gcór nua. Thug Duncan cuireadh oscailte ar na meáin shóisialta don phobal aiteach Gaelach teacht chuig an gcéad chleachtadh ar an 3 Feabhra agus páirt a ghlacadh sa chór nua.
Dúirt sí go mbeidh fáilte roimh chainteoirí líofa Gàidhlig agus roimh dhaoine atá díreach tosaithe ag foghlaim na teanga, a fhad is atá spéis acu san “amhránaíocht phobail”.
“Tá an ionadaíocht seo thar a bheith tábhachtach. Chuala mé ó go leor daoine éagsúla ag rá go n-airíonn siad go bhfuil an fhéiniúlacht aiteach atá acu agus an fhéiniúlacht Ghaelach atá acu scartha óna chéile. Sáraímis an bhearna sin eatarthu agus sáraímis le gliondar í!” a scríobh sí.
Dúirt Duncan gur fhás sí aníos i measc cóir Ghàidhlig agus ghabh sí buíochas lena máthair as í a spreagadh i dtreo na hamhránaíochta grúpa agus í óg.
Tá cultúr na gcomórtas cór an-mhór i saol na Gàidhlig agus is minic a bhíonn iomaíocht ghéar ann idir cóir Ghàidhlig ag an bhféile mhór náisiúnta Am Mòd Nàiseanta Rìoghail. Ní bheidh Còisir Chuèir ag canadh ar bhonn iomaíoch, áfach, agus mar sin ní bheidh an cór ag glacadh páirt sna comórtais sin.
Tá ballraíocht sa chór nua saor in aisce agus is amhráin thraidisiúnta Ghaelacha a bheidh siad a chanadh – ina measc an phortaireacht bhéil [puirt-a-beul], goltraí, amhráin toicneála [òrain luaidh] agus válsaí.
Beidh na cleachtaí ar bun uair sa choicís ag tosú i mí Feabhra agus is sa Glasgow Autonomous Space i gCnoc a’ Ghobhainn a bheidh siad ar siúl.