Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Cead tugtha do shíneadh ar an gcaladh bád beag sa Daingean

| ,

Tá cead tugtha ag an gCoimisiún Pleanála síneadh a chur leis an gcaladh bád beag sa Daingean i nGaeltacht Chorca Dhuibhne. Cuirfear 125 áit do bháid bheaga leis an 120 áit atá ann cheana féin.

Caithfear 95,000m3 a dhreideáil ón gcuan leis an obair forbartha a dhéanamh. Táthar ag súil go dtógfaidh sé idir trí agus ceithre mhí an dreideáil a dhéanamh agus gheofar réidh leis an ábhar a chartfar ón ngrinneall taobh thoir de bhéal an chuain.

Tá leithreas, stáisiúin chumhachta, agus stáisiúin uisce le tógáil mar chuid den togra chomh maith le bealaí siúil ón talamh tirim amach chuig áit na mbád beag. Ní bheidh dramhuisce á scaoileadh chun farraige ón gcaladh nua ach ceanglófar an leithreas leis an gcóras séarachais atá i gCuan an Daingin cheana féin. Beidh 26,000m2 ar fad sa chaladh bád beag nua.

Cuireadh sé aighneacht isteach in aghaidh an fhorbartha. Bhíothas ag déanamh imní go raibh “príobháidiú” á dhéanamh ar “radhairc phoiblí” agus go ndéanfaí “damáiste” d’áiseanna poiblí. Luadh buaireamh faoin tionchar a bheadh ag an tógáil ar an gcaighdeán uisce, an dúlra, éiceachóras na mara, agus gnáthóga.

Maíodh freisin nár cruthaíodh an “gá socheacnamaíoch” a bhí ann don fhorbairt ná go mbeadh aon bhuntáiste ann dá bharr. Dúradh go gcuirfeadh an spás do bháid bhreise brú mór ar an mbaile le linn shéasúr na turasóireachta. D’áitigh duine amháin ina aighneacht nach bhfeilfeadh suíomh an chalaidh dá dtiocfadh an ghaoth anoir nó anoir-aneas.

Beartaíodh an síneadh don chaladh bád beag a cheadú ach deich gcoinníoll a chomhlíonadh. Caithfear an fhorbairt a thógáil de réir na bpleananna a cuireadh isteach an chéad lá agus na leasuithe a rinneadh ar na pleananna sin i mí an Mheithimh 2024. Caithfear na bearta a luaitear sna tuarascálacha agus cáipéisí éagsúla, ina measc ráiteas tionchair Natura, measúnacht tionchair éiceolaíoch, measúnacht tionchair seandálaíochta, agus cáipéisí eile a chur i bhfeidhm.

Caithfidh an forbróir éiceolaí cáilithe a fhostú le breathnú i ndiaidh na tógála agus a chinntiú go ndéantar gach rud i gceart ó thaobh an chomhshaoil agus an nádúir de. Beidh ar an bhforbróir seandálaí a fhostú freisin ar fhaitíos go n-aimseofaí seoda, taisí, séadchomharthaí, nó déantáin stairiúla eile le linn na hoibre.

Ní dhéanfar aon obair ar an suíomh taobh amuigh de na huaireanta idir a seacht a chlog ar maidin agus a seacht a chlog tráthnóna idir Dé Luain agus Dé hAoine agus idir a hocht a chlog ar maidin agus a dó a chlog tráthnóna Dé Sathairn, de réir na gcoinníollacha atá leagtha síos ag an gCoimisiún Pleanála.

Dúradh in ordú an Choimisiúin nach gcuirfeadh an síneadh leis an gcaladh bád beag isteach ar an radharc sa cheantar ná ar na háiseanna do mhuintir na háite, agus nach mbeadh drochthionchar nach bhféadfaí glacadh leis ar an oidhreacht seandálaíochta sa Daingean. Rialaíodh freisin nach mbeadh tionchar nach bhféadfaí glacadh leis aige ar an éiceachóras, agus nach gcuirfeadh sé isteach ar chúrsaí sábháilteachta bóthair.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta