Caolseans anois go bhfeicfear muilte gaoithe go deo sna farraigí siar ó chósta Chonamara. Pé ar bith deis a bhí ann roimhe seo, tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil an chaidhp bháis buailte anois ar thionscal fuinnimh a thógáil, plean a raibh go leor dóchais as sna blianta a caitheadh.
D’fhógair an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta le cúpla lá anuas go bhfuiltear leagtha ar Cheantar Speisialta Cosanta d’Éanacha a chur i bhfeidhm sa réimse farraige ó chósta na hAirde Móire (ceantar Chill Chiaráin) ó thuaidh go Ceann Léime na Gaillimhe.
Bheadh sé seo ag sníomh isteach i réimse cosanta den chineál céanna as an Aird Mhóir soir chomh fada le Indreabhán, ar chósta theas Chonamara.
D’fhéadfadh lorg an réimse cosanta nua seo a bheith le feiceáil freisin ar chalafort Ros a’ Mhíl, agus thiocfadh gur buille eile a bheadh ann, ó thaobh na pleanála de, do thionscnamh Pháirc na Mara i gCill Chiaráin – sin má thugann Údarás na Gaeltachta iarraidh eile faoi sin.
Beidh cead ag daoine aighneachtaí a chur ar aghaidh maidir leis an gcaomhnú seo ar na farraigí siar ó Chonamara, ach chaithfeadh bunús eolaíochta a bheith le hachomhairc nó moltaí den chineál sin. Cé go gcaithfear cloí le céimeanna áirithe sula gcuirfear an chosaint seo i bhfeidhm, sé is dóigh go ndéanfar sin le himeacht na haimsire.
Ach bíonn ar dhaoine atá ag iarraidh ceadúnais phleanála, nó ceadúnais ar lear fairsing oibreacha eile, na córais chosanta dúlra seo a chur san áireamh, fiú sula gcuirtear séala oifigiúil dlí orthu.
Luaitear dhá cheann déag de ghníomhaíochtaí agus oibreacha a gcaithfear cead na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta a fháil maidir leo sula bhféadfar dul ina gcionn. Tá bleaisteáil, druileáil agus dreideáil luaite i measc na ngníomhaíochtaí sin, agus tá cosc ar chlocha, puiteach/láib, gaineamh, gairbhéal agus ábhair eile a thabhairt chun bealaigh. Luaitear freisin gníomhaíocht ar bith a chuirfeadh as d’éanacha, ar nós obair mheicniúil, nó trealaimh a bheadh bunaithe ar chumhacht na gaoithe, nó torann.
Chaithfí cead a fháil ón Roinn ó thaobh obair ar bith den saghas sin – agus go leor oibreacha eile ar muir agus ar tír – san áit a mbeadh an réimse cosanta – ach seans gur snámh in aghaidh easa a bheadh ann. Ní hé amháin gur struchtúr mór agus ard a bheadh i bhfeilm ghaoithe, ach chomh maith leis an gconstaic thimpeallachta, bheadh deis nua, láidir agóide ag dream a bheadh ina haghaidh.
Dá ligfí an t-iarratas a bhain le plean mhuilte gaoithe na Sceirdí go ceann scríbe sa gcóras pleanála, bheadh léargas ar fáil faoi dhearcadh an Choimisiúin Pleanála faoi bheartais mar seo siar ó Chonamara. Ach tharraing comhlacht Corio an t-iarratas sin siar sular ndearnadh cinneadh faoi. Ach, tá dris chosáin eile ann anois, agus chuile sheans go bhfuil an sop séidte ó thaobh chumhacht na gaoithe de.
Bhí dóchas go leor as muilte gaoithe sna farraigí siar ó chósta Chonamara. Ceapadh go mbeadh sé ar an áit ab éifeachtaí san Eoraip de bharr a raibh de ghaoth ann. Shínigh Údarás na Gaeltachta meamram tuisceana le comhlacht Corio as an Astráil maidir le plean na Sceirdí. Ach theastódh infreastruchtúr ar an mórthír ionas go mbeadh buntáiste ag Gaeltacht Chonamara as an bhfeilm. B’in é an leagan amach a bhí ann. Dá bharr sin uilig a cheadaigh an Rialtas €30 milliún le haghaidh forbairt mhór ar chalafort Ros a’ Mhíl. Ar thionscail na gaoithe ar an gcósta thiar a bhíothas ag brath go mór maidir leis sin, go háirithe agus an t-iascach lagaithe, agus a lorg sin ar Ros a Mhíl.
D’fhéadfadh freisin go gcuirfeadh an córas cosanta éanacha dris chosáin eile roimh aon fhorbairt ar Pháirc na Mara i gCill Chiaráin, beartas eile a raibh gealladh mór faoi san nGaeltacht. Níl a fhios anois cén uair a thabharfar iarraidh eile faoin togra sin.







