Tá cáineadh déanta ag an ngrúpa feachtais Bánú ar an leagan is deireanaí de Phlean Forbartha Chontae na Gaillimhe.
Deir an brúghrúpa tithíochta nach bhfuil “mórán aitheantais” tugtha sa Leasú ar Phlean Forbartha an Chontae do cheist na tithíochta “sna ceantair is láidre Gaeltachta i gcontae na Gaillimhe”.
Bhí an leasú faoi chaibidil ag comhairleoirí contae na Gaillimhe ag cruinniú a bhí ar siúl inné.
Maíonn Bánú nach bhfuiltear ag tabhairt aghaidh ar an ngéarchéim taobh amuigh de “shráidbhailte aitheanta” sa Phlean agus nach bhfuil “aon soláthar ar chor ar bith” ann don “riachtanas tithíochta sna pobail éagsúla eile i nGaeltacht na Gaillimhe”.
D’éiligh an grúpa feachtais ar na comhairleoirí contae a bhfuil ceantar bardasach Chonamara faoina gcúram acu “seasamh a thógáil” maidir leis an soláthar tithíochta i gConamara Theas agus in Árainn.
“Ba cheart do chomhairleoirí contae Cheantar Bardasach Chonamara iarraidh ar an bPríomhfheidhmeannach, freagra níos sásúla a thabhairt ar aighneacht Údarás na Gaeltachta, sula dtoilíonn siad glacadh leis an Leasú ar Phlean Forbartha an Chontae,” a dúirt urlabhraí ón eagraíocht.
Thagair an t-urlabhraí freisin d’aighneacht a chuir Údarás na Gaeltachta faoi bhráid na Comhairle Contae agus an leasú ar an bplean á réiteach. Tarraingíodh aird san aighneacht ar an easpa soláthair don riachtanas tithíochta “i lonnaíochtaí taobh amuigh de na sráidbhailte” a ainmnítear sa Leasú ar an bPlean Forbartha. Maíodh san aighneacht nár tógadh ach 29 teach i gCeantar na nOileán i gcomparáid le 183 teach a tógadh i gceantar Mhaigh Cuilinn le deich mbliana anuas.
“Ní leor go mbeadh níos mó talaimh á zónáil do thithíocht sa Spidéal agus ar an gCeathrú Rua leis an bhfadhb i gConamara Theas agus ar Oileáin Árann a réiteach.
“Léiríonn an aighneacht ó Údarás na Gaeltachta cé chomh fada ar chúl is atá an soláthar tithíochta sa cheantar ón Spidéal siar i gcomparáid le háiteacha gar do chathair na Gaillimhe,” a dúirt urlabhraí ón ngrúpa.
Is é tuairim Bánú nach bhfuil “soláthar mar is ceart” á dhéanamh i gceantair eile sa Ghaeltacht amhail Indreabhán, Baile na hAbhann, Ros an Mhíl, Ros Muc agus Carna.
Tá “cruinniú práinneach” lorgtha ag Bánú leis na comhairleoirí contae i gceantar bardasach Chonamara leis an gceist a phlé agus súil acu “a chinntiú go dtabharfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe an t-aitheantas cuí do riachtanais tithíochta na bpobal éagsúil Gaeltachta” atá faoina gcúram.







