Bhí bua éasca ag an sóisialaí measartha António José Seguro sa dara babhta de thoghchán uachtaránachta na Portaingéile ar an Domhnach.
Fuair Seguro an ceann is fearr ar André Ventura, a chéile comhraic ar an bhfíodheis cé gur éirigh lena pháirtí sin, Chega, an sciar is mó riamh den vóta a fháil.
Bhí bua soiléir ag Seguro agus 66.8% de na vótaí aige in aghaidh an 33.2% a fuair Ventura.Chuathas ar aghaidh leis an toghchán d’ainneoin an scrios a rinne trí cinn de stoirmeacha sa Phortaingéil le cúpla seachtain.
Is é Seguro, atá 63 bliain d’aois, an chéad sóisialaí a bheidh ina Uachtarán ar an tír le 20 bliain agus é agteacht i gcomharbacht ar an gcaomhach, Marcelo Rebelo de Sousa.
A San óráid a rinne sé agus é tofa dúirt sé go mbeadh sé ina uachtarán a bheadh dian agus airdeallach.
Chuir Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, fáilte roimh bhua Seguro, ag áitiú gur bua a bhí ann do “luachanna comhroinnte na hEorpa”.
Bhí an tír trína chéile le linn an fheachtais uachtaránachta ag coícís de stoirmeacha agus gálaí a d’fhág seachtar ar a laghad marbh agus a rinne luach €4 billiún de dhamáiste, ar a laghad.
Ba é André Ventura an chéad iarrthóir a bhain leis an eite ar an bhfíordheis ar éirigh leis dul chomh fada leis an mbabhta réitigh i dtoghchán sa Phortaingéil.
Bunaíodh páirtí Ventura, Chega, sa mbliain 2019 agus ba é an freasúra ba láidre in olloghchán 2025.
Fuair Seguro tacaíocht ó pholaiteoirí ar gach dath mar vótáil roinnt caomhach dósan, sóisialaí measartha de rogha ar fhear na heite fíordheise, don uachtaránacht, ról deasghnách den chuid is mó.