Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Beagnach €400,000 ceadaithe ag Aire na Gaeltachta do chumann CLG i gConamara

| , ,

Tá maoiniú beagnach €400,000 ceadaithe ag Aire na Gaeltachta do chumann CLG i gConamara chun obair forbartha a dhéanamh.

D’fhógair an tAire Dara Calleary inniu go raibh os cionn €388,000 ceadaithe do Chumann Mícheál Breathnach in Indreabhán chun réimse oibreacha a chur i gcrích ag suíomh an chumainn ansin.

I measc na n-oibreacha a bheidh á ndéanamh, beidh dromchla nua le cur ar an gcarrchlós, cosáin coisithe, soilsiú poiblí agus tuilsoilse don pháirc féin. Tá suas le 700 ball ag an gcumann faoi láthair.

Is faoin gClár Tacaíochta Pobail agus Teanga de chuid na Roinne a ceadaíodh an t-airgead agus dúirt an tAire Calleary gur maith an sampla a bhí sa togra den chineál cúnaimh caipitil atá ar fáil faoin gclár.

“Mar Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, táim tiomanta tacú le pobal na Gaeltachta chun áiseanna den scoth a fhorbairt agus a chur ar fáil don phobal,” a dúirt sé.

“Tá nasc tábhachtach idir an spórt agus an Ghaeilge sa Ghaeltacht agus tá ról lárnach ag cumainn spóirt sa phróiseas pleanála teanga. Beidh feabhas mór ar thimpeallacht an chumainn mar thoradh ar an deontas seo a rachaidh go mór chun tairbhe do bhallraíocht an chumainn, muintir na háite agus don phobal mórthimpeall.”

Cheadaigh an Roinn deontas €30,000 do Chumann Micheál Breathnach ag deireadh 2024 chun comhairleoir a fhostú ar mhaithe le plean a chur le chéile do na forbairtí atá beartaithe agus ceadaíodh deontas breis is €100,000 do Mhicheál Breathnach an bhliain chéanna faoin gClár Caipitil Spóirt chun dromchla nua a chur ar an bpáirc uile-aimsire atá ag an gcumann.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta