Roimh an Nollaig, rinne an tUachtarán Trump bagairtí ar an Iaráin go ndéanfaí ionsaithe uirthi mura n-éireodh sí as a clár saibhrithe núicléach, in ainneoin gur mhaígh sé gur scriosadh an clár tar éis feachtas dhá lá dhéag i gcoinne na hIaráine níos luaithe sa bhliain.
Go luath i mí Eanáir, rinne sé bagairtí ar an Iaráin go dtiocfadh sé i gcabhair ar na hagóideoirí sa tír mura n-éireodh an rialtas as an bhfeachtas chun na hagóidí a chur faoi chois. Go dtí seo, ní dhearna sé beart de réir a bhriathair.
Le déanaí, tá sé tar éis bagairtí breise a dhéanamh arís inar thug sé foláireamh do na hIaránaigh éirí as an togra núicléach agus gan foréigean a úsáid i gcoinne na n-agóideoirí. Idir an dá linn, tá sé tar éis fórsa ionsaithe cabhlaigh a chur chuig an Mhuir Arabach.
Tá roinnt comharthaí eile ann go bhfuil rud éigin ar na bacáin. Tá na Meiriceánaigh tar éis scairdtrodairí a aistriú chuig tíortha atá timpeall ar an Iaráin, tuairiscítear gur cuireadh córais aerchosanta bhreise chuig na haerbhunáiteanna Meiriceánacha sa réigiún agus d’fhógair na Briotanaigh gur chuir siadsan scairdtrodairí chuig an réigiún chomh maith.
Ina theannta sin, tuairiscíodh go raibh cruinnithe ag comhairleoirí slándála náisiúnta de chuid Iosrael agus na hAraibe Sádaí leis na Meiriceánaigh in Washington seachtain ó shin.
In ainneoin na n-ullmhúchán chun fórsa ionsaithe a chur le chéile sa réigiún, níl sé róshoiléir cad iad spriocanna na Meiriceánach.
Athrú réimis
Más rud é go bhfuil athrú réimis ar a n-intinn, níl amhras a bheith ann ach go bhfuil na cúinsí níos fabhraí faoi láthair ná aon am eile le gairid.
Tá comhghuaillithe na hIaráine sa réigiún níos laige ná riamh. Tá rialtas Assad sa tSiria imithe, tá Hezbollah sa Liobáin i bhfad níos laige mar gheall ar fheachtas na nIosraelach ina choinne, agus tá Hamas scriosta mar fhórsa míleata a bheag nó a mhór.
Ciallaíonn sé seo nach bhfuil na roghanna céanna ag na hIaránaigh chun díoltas a imirt ar na Meiriceánaigh nó ar a gcuid comhghuaillithe sa réigiún agus a bhí acu roimhe seo.
Tá geilleagar an hIaráine ina chíor thuathail mar gheall ar an mboilsciú agus díluacháil airgeadra na tíre, rud a chruthaíonn fáinne fí, agus a bhí taobh thiar de na hagóidí i dtús mhí Eanáir. Is léir ó na hagóidí sin go bhfuil sciar de mhuintir na tíre níos toilteanaí éirí amach i gcoinne an rialtais.
Seans go gcruthódh ionsaí Meiriceánach deis do na hagóideoirí éirí amach arís, ach ní hionann sin agus a rá go mbeidh siad in ann an ruaig a chur ar na húdaráis nó an rialtas a chur as oifig.
Braithfidh titim an rialtais ar cé chomh dílis agus a bheidh na dreamanna a bhfuil airm acu. Braithfidh sé ar an nGarda Réabhlóideach Ioslamach (IRGC), ar an Basij, mílíste slándála de chuid an IRGC, agus ar an Arm.
Beidh tionchar ag ionsaithe Meiriceánacha, agus na hIosraelaigh ag cabhrú leo, ar áiseanna, ceannasaithe agus cumas na n-eagraíochtaí seo, ach is deacair a mheas an mbeidh tionchar acu ar a ndílseacht don rialtas.
Ní léir go mbeidh na heagraíochtaí thuasluaite dílis don rialtas agus go leanfaidh dílseacht an IRGC, go háirithe, go bun an angair.
Braithfidh titim an rialtais ar cé chomh diongbháilte is atá lucht déanta cinntí seilbh a choimeád ar chumhacht, chomh maith. Dá dtitfeadh an IRGC, go háirithe, as a chéile, tar éis ionsaí Meiriceánach a d’fhéadfadh a bheith ann, bheadh sé deacair ag lucht déanta cinntí fanacht i gcumhacht.
Braithfidh titim an rialtais ar cé chomh heagraithe agus a bheidh an freasúra. Seachas an mac is sine ag an Shah, atá ina chónaí sna Stáit Aontaithe, agus ceannaire Chomhairle Náisiúnta Frithbheartaíochta na hIaráine (NCRI) tá an chuma air nach bhfuil aon cheannaire amháin ann faoinar féidir leis na hagóideoirí aontú.
Cé go bhfuil roinnt cúinsí ann a thabharfaidh cúis do na Meiriceánaigh ionsaí a dhéanamh chun an sprioc maidir le hathrú réimis a bhaint amach, níl na cúinsí go léir ann agus beidh orthu brath ar ghníomhartha eile tarlú, gníomhartha nach mbeidh smacht acu orthu.
Ní bheidh aon chinnteacht ann ach oiread nach n-imeoidh cúrsaí ó smacht go hiomlán agus go gcruthófar deiseanna do ghrúpaí eitneacha, amhail na Balúcaigh agus na Coirdínigh, chun cur leis an éiginnteacht.
Clár Núicléach
Dá mbeadh sprioc níos teoranta ag na Meiriceánaigh, mar shampla brú breise a chur ar na hIaránaigh éirí as an togra núicléach, bheadh siad in ann an-damáiste a dhéanamh d’áiseanna agus acmhainní na tíre, rud a chuirfeadh moill ar an togra arís.
Agus sa deireadh thiar thall, bheadh siad in ann éirí as an bhfeachtas agus iad ag maíomh arís nach mbeadh sé ar chumas na nIaránach buama adamhach a chur le chéile aon am go luath.
Bheadh na hIaránaigh ag iarraidh teorainn a chur le feachtas na Meiriceánach ionas nach leathnófaí é agus nach gcuirfí a ngreim ar an chumhacht i mbaol.
Ní féidir le duine ar bith a thuar cad atá ar intinn an Uachtaráin Trump, b’fhéidir go bhfuil acmhainní míleata curtha chuig an réigiún chun léiriú a thabhairt agus chun brú a chur ar na hIaránaigh a n-acmhainní núicléacha a ghéilleadh go luath.
Cé go dtuairiscítear go bhfuil cainteanna ag tarlú go hindíreach idir na Meiriceánaigh agus na hIaránaigh, chaithfeadh amhras a bheith ort go mbeadh na Meiriceánaigh ag cur fórsa ionsaithe cabhlaigh chuig an Meánoirthear chun é a fhágáil díomhaoin.