Tá ardú tagtha ar líon na ndaltaí a bhí ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge sa nGaeltacht anuraidh in ainneoin go bhfuil an líon ar an rolla ag titim ar fud na tíre.
De réir figiúirí nua atá curtha ar fáil ag an Roinn Oideachais, tá 7,013 páiste ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge sa nGaeltacht i láthair na huaire, ardú ón 6,887 dalta a bhí i gceist anuraidh.
Tuilleadh scoileanna a bheith ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge is cúis leis an ardú. De réir na bhfigiúirí don scoilbhliain 2024-25, bhí 97 bunscoil sa nGaeltacht a bhí ag feidhmiú go hiomlán trí Ghaeilge. Tá an figiúr sin ardaithe go dtí 101 do scoilbhliain 2025-26.
Is i nGaeltacht Dhún na nGall agus Mhaigh Eo atá na ceithre scoil a cuireadh leis an liosta i mbliana – Scoil Náisiúnta Cholmcille i mBaile na Finne, Scoil Cholmcille sa Tearmann, Scoil Náisiúnta Dhumha Thuama agus Scoil Náisiúnta na Corrchloiche in Iorras. Tá 260 dalta cláraithe idir na ceithre scoil.
Bhíodh na scoileanna sin ag feidhmiú i bpáirt trí Ghaeilge ach tá siad páirteach anois sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta agus bronnadh aitheantas mar Scoil Ghaeltachta orthu.
Bhain na ceithre scoil an t-aitheantas sin amach ag deireadh 2024. Tá an scéim sin mar bhunchloch ag an bPolasaí don Oideachas Gaeltachta atá á chur i bhfeidhm ag an Roinn Oideachais.
Cé gur méadú a bhí i gceist ar líon na ndaltaí i scoileanna lán-Ghaeilge sa nGaeltacht, thit líon na ndaltaí atá ag freastal ar Ghaelscoileanna de bheagán ó 36,303 anuraidh go dtí 36,136 i mbliana.
Fágann sin gur 43,149 dalta bunscoile atá ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge sa stát, 7.9% den bhreis is 545,600 dalta bunscoile atá cláraithe i mbliana. Is ardú beag é an 7.9% sin ar 7.8% a bhí i gceist anuraidh.
Tá 239 scoil lonnaithe lasmuigh den Ghaeltacht atá ag feidhmiú go hiomlán trí Ghaeilge de réir fhigiúirí na Roinne.
Tá 33 scoil eile, seacht scoil sa nGaeltacht agus 26 lasmuigh di, ina múintear “roinnt ábhar” trí Ghaeilge. Tá sé scoil atá aitheanta mar ‘scoil speisialta’ ina measc siúd ach is í Tigh Nan Dooley ar an gCeathrú Rua i nGaillimh an t-aon scoil speisialta sa tír a bhfuil aitheantas mar Scoil Ghaeltachta bainte amach aici.