Ní bheidh Cumann na bhFiann san áireamh agus “ardú suntasach” maoinithe á chur ar fáil ag Foras na Gaeilge do na ceanneagraíochtaí Gaeilge.
D’fhógair Foras na Gaeilge níos túisce an mhí seo gur ceadaíodh “arduithe suntasacha” do bhuiséad na gceanneagraíochtaí Gaeilge ag cruinniú boird na heagraíochta ag deireadh mhí Eanáir.
“Ceadaíodh ardú 15% sa mhaoiniú a chuirfear ar fáil don Chur Chuige Comhpháirtíochta do Cheanneagraíochtaí Gaeilge: Conradh na Gaeilge, Gael Linn, Oireachtas na Gaeilge, Glór na nGael, agus Gaeloideachas, agus na réimsí a thagann faoina gcúram le tacú lena ngníomhaíochtaí faoin gclár oibre atá aontaithe dá réimsí do 2026,” a dúradh i ráiteas a chuir Foras na Gaeilge amach.
Fógraíodh an t-ardú 15% sa mhaoiniú a chuirfear ar fáil do na ceanneagraíochtaí Gaeilge, Conradh na Gaeilge, Gael Linn, Oireachtas na Gaeilge, Glór na nGael agus Gaeloideachas.
Tá sé cheanneagraíocht Ghaeilge ann agus ba é Cumann na bhFiann an t-aon cheann nach raibh san áireamh ar liosta an Fhorais.
Dúirt urlabhraí de chuid an Fhorais le Tuairisc go raibh siad i mbun plé le Cumann na bhFiann faoi láthair agus nach bhfuil “cinntí” faoi mhaoiniú breise á ndéanamh don eagraíocht sin.
“Tá plé ar siúl le Cumann na bhFiann faoi láthair maidir leis an tacaíocht is féidir leo a chur ar fáil do na Bailte Seirbhíse Gaeltachta mar chuid den phróiseas pleanála teanga, agus dá réir sin, socraíodh gan cinntí a dhéanamh maidir le maoiniú breise dóibh,” a dúirt an t-urlabhraí.
Dúirt urlabhraí de chuid Chumann na bhFiann le Tuairisc go raibh cainteanna fós ar bun leis an bhForas faoin scéal ach nach ábhar díomá dóibh é nár fógraíodh ardú maoinithe don eagraíocht.
“Tá Foras na Gaeilge i gcainteanna linn ar an ábhar seo faoi láthair agus díreach níl an gnó críochnaithe go fóill. Ní údar díomá é dúinn,” a dúradh.
Chomh maith leis an ardú i mbuiséad na gceanneagraíochtaí Gaeilge, d’fhógair Foras na Gaeilge gur ceadaíodh “tacaíocht bhreise” €210,000 don Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge don bhliain seo. Cuirfear €7,500 breise ar fáil do na 28 eagras ag “meánchéim agus ardchéim na scéime” i mbliana.
“Tá áthas orainn a bheith in ann cur leis na buiséid seo, den chéad uair le blianta anuas. Tacóidh an infheistíocht bhreise seo le cur chun cinn na teanga ag leibhéal an phobail. Lena chois sin, beimid ag fógairt roinnt scéimeanna úra tábhachtacha go luath a chuirfidh le deiseanna úsáide do ghrúpaí éagsúla sa phobal,” a dúirt Príomhfheidhmeannach an Fhorais, Seán Ó Coinn.