Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

‘An t-ádh’ ar CLG Ghaoth Dobhair nár mheasa an damáiste a rinne tine sa chlubtheach

| ,

Bhí “an t-ádh” ar CLG Ghaoth Dobhair go raibh daoine i ngar don chlubtheach nuair a chuaigh sé trí thine ag an deireadh seachtaine. Dúirt Caitríona Ní Bhaoill, oifigeach caidreamh poiblí an chumainn, le Tuairisc gur damáiste ón toit is mó atá déanta agus go raibh doirse an fhoirgnimh dúnta, rud a shábháil go leor de ón tine.

“Tá an chuma ar an scéal gur fabht sa bhosca fiúsanna ba chúis leis an tine. Bhí an t-ádh orainn go raibh cúpla duine thíos ann nuair a tharla sé agus chonaic siad an toit. Bhí na doirse ar fad san fhoirgneamh dúnta agus níor scaip sí,” a dúirt Ní Bhaoill.

Tá an cumann anois ag fanacht ar leictreoir agus ar phluiméir le measúnú a dhéanamh ar an damáiste a rinneadh agus an obair atá le déanamh, ach ní chuirfear isteach ar ghnáthimeachtaí an chumainn.

“Is fíorbheagán damáiste a rinneadh i ndáiríre, bhí an t-ádh orainn gur tháinig na seirbhísí éigeandála chomh gasta sin. Tharla sé ag thart ar a haon a chlog Dé Sathairn agus bhí dhá bhriogáid dóiteáin ar an láthair go beo. Bhí na seirbhísí éigeandála ar fheabhas, d’fhéadfadh an scéal a bheith seacht n-oiread níos measa, agus níor gortaíodh duine ar bith,” a dúirt Ní Bhaoill.

Dúirt sí gur féidir teacht ar na seomraí feistis go fóill ach go mbeidh an t-ionad aclaíochta atá sa chlubtheach dúnta go ceann tamaill.

“Ní féidir le duine ar bith an t-ionad aclaíochta a úsáid go dtí go ndéarfaidh an leictreoir agus an pluiméir go bhfuil sé sábháilte, ach tá súil againn nach dtógfaidh sé sin i bhfad.

“Tá an t-ádh orainn go bhfuil cúpla spórtlann agus ionad aclaíochta i nGaoth Dobhair, ach is maith leis na leaids a gcuid traenála a dhéanamh le chéile sa chlub. Is maith an rud é gur tharla sé ag an tráth seo bliana nuair nach bhfuil an oiread sin ag tarlú go fóill,” a dúirt sí.

Ghabh CLG Ghaoth Dobhair buíochas ar leith le briogáidí dóiteáin Ghaoth Dobhair agus an Chlocháin Léith, leis an nGarda Síochána, leis an BSL, le Paul Roarty agus “achan nduine” a bhí ar an láthair.

“Buíochas speisialta don bheirt ghasúraí óga a d’aithin an toit ag teacht amach ag bun dorais agus a thug le fios dúinn é láithreach,” a dúradh i ráiteas a chuir an Cumann amach ar na meáin shóisialta.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta