Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

AN POST: Geansaí Árann ar stampaí poist nua de chuid

|

Tá geansaithe cáiliúla Árann le ceiliúradh ag An Post agus stampaí nua le seoladh inniu Déardaoin. Beidh stampa náisiúnta agus idirnáisiúnta ar fáil agus dhá dhearadh ar leith leis an maisitheoir Sally Caulwell orthu.

Ar an stampa náisiúnta, léirítear na bioráin chniotála agus an ceirtlín olla agus an geansaí á chniotáil. Ar an stampa idirnáisiúnta, tá an geansaí críochnaithe le feiceáil.

Deir An Post go dtugtar “léargas ar an gceird féin” sna stampaí agus go gcuirfidh siad “sárcheardaíocht na hÉireann os comhair an domhain mhóir”.

“Tá geansaithe Árann fite fuaite i saol na hÉireann le glúnta anuas. Ceiliúrann an tsraith stampaí seo oidhreacht shaibhir na n-oileán agus an scil a bhaineann leis an gceardaíocht.

“Léiríonn sí freisin an spéis leanúnach atá ag lucht faisin idirnáisiúnta i bhfaisin [atá] inbhuanaithe agus buan,” a dúirt Julie Gill ó An Post.

Dúradh ag seoladh na stampaí nua go bhfuil “borradh úr” faoi gheansaí Árann le blianta beaga anuas agus spéis á cur ag leithéidí Taylor Swift agus Chris Evans san fhaisean Éireannach.

“Tá borradh úr faoin stíl arís anois, agus lúthchleasaithe na hÉireann ag caitheamh cniotáil thraidisiúnta Árann ag Cluichí Oilimpeacha an Gheimhridh i Milano agus Cortina faoi láthair.

“Cuireann an eisiúint seo béim shoiléir ar fhaisean inbhuanaithe. Déantar geansaithe Árann as olann atá 100% nádúrtha agus in-bhithmhillte – rogha bhuan i gcoinne an fhaisin thapa,” a dúirt urlabhraí ó An Post.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta