Tá sé tugtha le fios Cathaoirleach Aerfort Dhún na nGall go bhfuil sé mar rún ag an Roinn Iompair conradh úr a shíniú le Emerald Airlines do Sheirbhís Aeir PSO Dhún na nGall go Baile Átha Cliath, rud a chiallódh nach mbeadh eitilt lár an lae ag feidhmiú níos mó, ó Dhún na nGall go Baile Átha Cliath.
I ráiteas a d’eisigh Aerfort Dhún na nGall inné, dúirt an cathaoirleach Garry Martin, go bhfuil “an-díomá” orthu go bhfuil an roinn ag leanstan ar aghaidh le cur i bhfeidhm an chonartha in ainneoin gur scríobh siad chuig an Aire Iompair ag iarraidh air gan é seo a dhéanamh go dtí go mbeadh “comhairle dlí tugtha i gcrích ag Aerfort Dhún na nGall”.
Dúirt Martin go raibh comhairle dlí á lorg ag Aerfort Dhún na nGall faoin chonradh úr a bhí beartaithe don tseirbhís aeir idir Dún na nGall agus Baile Átha Cliath mar go raibh athruithe nach bhfaca sé “riamh roimhe seo” i dtéarmaí an chonartha PSO.
Tugadh le fios an tseachtain seo a chuaigh thart, go raibh baol ann nach mbeadh othair ailse ábalta turas fillte a dhéanamh in aon lá amháin ó Aerfort Dhún na nGall go Baile Átha Cliath dá dtiocfaidh athrú ar an amchlár atá i bhfeidhm san am i láthair.
Tá achainí ar an suíomh change.org chuig an Aire Iompair, Darragh O’Brien, sínithe ag beagnach 15,000 duine anois, ag éileamh go ndéanfaí cosaint ar Sheirbhís Aeir PSO Dhún na nGall go Baile Átha Cliath, d’othair ailse agus do dhaoine a mbíonn coinní riachtanacha leighis acu.
Deirtear sa ráiteas ó Aerfort Dhún na nGall, go raibh siad ar an eolas faoi na hathruithe sa chonradh úr ó bhí mí Dheireadh Fómhair 2025 ann agus cé go ndearna Aerfort Dhún na nGall iarracht na hathruithe seo a phlé leis an roinn go mion minic, dúradh leo nach mbeadh siad ábalta an tairiscint a phlé “go dtí gur síníodh an conradh”.
I measc na n-athruithe sa chonradh úr, ní bheidh an t-eitleán lonnaithe thar oíche in Aerfort Dhún na nGall agus ní bheidh na heitiltí meán lae ar fáil níos mó, beidh eitilt 6.30 a.m. ag teacht ó Bhaile Átha Cliath agus eitilt 8.30 p.m. ag fágáil Dhún na nGall.
Dúirt Martin, go raibh an t-eitleán lonnaithe ag Aerfort Dhún na nGall, le 21 bliain anuas agus go dtug sé seo “muinín d’úsáideoirí ó thaobh chinnteacht imeachta in am ar eitilt na maidine”.
Dúirt sé nach gcomhlíonann na heitiltí úra, isteach ar maidin agus amach tráthnóna, “riachtanais” a gcuid custaiméirí agus nach ndéanann siad “aon chiall ar bhonn tráchtála”.
“Tá an Bord den tuairim gur beag úsáid a bhainfear as na heitiltí beartaithe seo, in ainneoin an airgid shuntasaigh a bheith á chur ar fáil don aerlíne chun iad seo a reáchtáil.”
Cháin an Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Pearse Doherty an scéala inné agus dúirt sé go bhfuil sé “millteanach” gur shínigh an roinn conradh úr le Emerald Airlines.
Dúirt sé gur shínigh níos mó ná 15,000 duine achainí ag éileamh nach síneodh an roinn an conradh, go dtug an roinn “neamhaird” ar mhuintir Dhún na nGall agus “nach féidir glacadh leis seo”.
Dúirt Doherty, go bhfuil sé “níos measa arís” gur shínigh an roinn an conradh le Emerald Airlines inné agus fios acu go raibh “toscaireacht thar ceann 500 othar le hailse” ag dul chuig Teach Laighean inniu chun bualadh le hoifigigh agus polaiteoirí.