Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

An céatadán is lú daltaí ó 2013 ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge

|

Tá céatadán na ndaltaí atá ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge níos ísle anois ná mar a bhí ag aon phointe le breis is deich mbliana anuas.

Léiríonn anailís atá déanta ag Tuairisc ar fhigiúirí nua ón Roinn Oideachais go bhfuil níos lú ná 5.9% de dhaltaí scoile sa stát ag freastal ar bhunscoil nó ar iarbhunscoil lán-Ghaeilge, figiúr atá níos ísle ná mar a bhí i gceist d’aon bhliain ó 2013.

Léiriú eile atá sna figiúirí ar an meath atá tagtha ar ghluaiseacht an Ghaeloideachais le roinnt blianta anuas agus is léir gur ag cúlú atá an gaeloideachas seachas ag fás.

Cé gur tháinig ardú beag i mbliana ar chéatadán na ndaltaí a fhreastalaíonn ar bhunscoil lán-Ghaeilge, ó 7.8% anuraidh go dtí 7.9%, fágann an laghdú atá tagtha le roinnt blianta anuas ag leibhéal na hiarbhunscoile go bhfuil an céatadán iomlán, idir bhunleibhéal agus iarbhunleibhéal ag titim.

Cé go bhfuil níos mó daltaí iarbhunscoile ann anois ná mar a bhí riamh – beagnach 430,000 – is ag titim atá líon na ndaltaí a bhíonn ag freastal ar scoil lán-Ghaeilge. In 2025-26, tá 14,032 dalta ag freastal ar iarbhunscoil lán-Ghaeilge, idir scoileanna Gaeltachta agus Ghaelcholáistí. Laghdú é sin ar an 14,199 a bhí i gceist anuraidh.

Is ionann an beagán os cionn 14,000 dalta sin agus 3.3% de líon iomlán na ndaltaí iarbhunscoile sa stát, an céatadán is ísle ó bhí 2016 ann.

Nuair a chuirtear san áireamh an 43,149 dalta bunscoile atá ag freastal ar bhunscoileanna lán-Ghaeilge, tá 57,181 dalta sa stát ag freastal ar scoil lán-Ghaeilge.

2013, nuair a bhí 5.8% de dhaltaí na tíre ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge, an uair dheireanach go raibh an céatadán chomh híseal sin.

Ba in 2019 a tháinig an buaicphointe ó thaobh an fhreastail ar scoileanna lán-Ghaeilge nuair a bhí os cionn 6.3% de dhaltaí an stáit ag freastal ar bhunscoil nó iarbhunscoil lán-Ghaeilge, ach tá an céatadán sin tite gach bliain ó shin.

Deir grúpaí agus eagraíochtaí a bhíonn ag plé leis an earnáil oideachais lán-Ghaeilge nach easpa éilimh is cúis leis an laghdú ar na figiúirí ach teip an stáit freastal ar an éileamh atá ann. Deirtear go bhfágann an líon íseal iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge sa stát gur minic nach mbíonn de rogha ag daltaí ach freastal ar iarbhunscoil lán-Bhéarla tar éis dóibh an bhunscoil Ghaeilge a fhágáil.

I 21 as 26 contae téann níos lú ná leath de dhaltaí gaelscoile ar aghaidh go dtí iar-bhunscoil lán-Ghaeilge, de réir anailís a tinne Tuairisc in 2022.

De réir na bhfigiúirí céanna, níos lú ná aon trian de dhaltaí gaelscoile a chuaigh ar aghaidh go dtí iar-bhunscoil lán-Ghaeilge i 19 den 26 contae.

Tá roinnt grúpaí timpeall na tíre i mbun feachtais chun scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú ina gceantar féin ach tá diúltaithe ag an Roinn Oideachais aon scoileanna nua a bhunú agus é maíte arís agus arís eile ag airí agus oifigigh go bhfuil an soláthar cuí ann chun freastal ar an éileamh.

Léiríodh díomá anuraidh nuair nach raibh aon bheart sa bPolasaí don Oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht maidir le bunú scoileanna nua. Ina áit sin, bunaíodh tascfhórsa nua chun féachiant ar an soláthar gaeloideachais.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta