Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge 2026

|

Is iad Róisín Seoighe, amhránaí sa ghrúpa IMLÉ, agus Conor Curley, príomhghiotáraí le Fontaines D.C., a bheas ina nAmbasadóirí le linn Sheachtain na Gaeilge i mbliana.

Is féile idirnáisiúnta í Seachtain na Gaeilge a dhéanann ceiliúradh ar an Ghaeilge agus a spreagann daoine chun í a fhoghlaim, a labhairt agus a chur chun cinn. Beidh sé ar siúl an 1-17 Márta.

Is é téama na féile i mbliana ná  ‘A Ghaeilge, mo cheol thú agus pléitear an nasc láidir atá ann idir an cultúr Gaelach, an Ghaeilge agus an ceol. De réir Bhainisteoir Sheachtain na Gaeilge, Connlaith Ní Raifeartaigh, tá hAmbasadóirí na bliana seo lárnach sa teachtaireacht seo, leis an mheascán idir an sean-nós agus an ceol nua-aimseartha.

Is cainteoir dúchais as Conamara í Róisín Seoighe atá aitheanta mar amhránaí traidisiúnta agus mar phríomhamhránaí sa ghrúpa ceoil IMLÉ. Dúirt Róisín gur onóir é di bheith ina hAmbasadóir i mbliana agus molann sí d’achan duine an Ghaeilge a úsáid sa tsaol laethúil agus go cruthaitheach.

Is as Muineachán do Conor Curley, príomhghiotaraí an bhannFontaines D.C. a bhfuil cáil idirnáisiúnta bainte amach acu. Labhair sé le Meon Eile faoin fáth a bhfuil sé ag athcheangal leis an Ghaeilge den chéad uair ó bhí sé ar an mheánscoil agus an tábhacht a bhaineann le Seachtain na Gaeilge dó go pearsanta.

Is féidir imeachtaí Sheachtain na Gaeilge i do cheantar féin a aimsiú anseo.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta