Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

134 páiste Gaeltachta ag fanacht ar áit i naíonraí

| ,

Tá 134 páiste Gaeltachta ag fanacht ar áit i naíonraí de chuid Chomhar na Naíonraí Gaeltachta ar fud na tíre. Tá an t-éileamh is mó ar spásanna in ionad cúram leanaí, ICL Ghort an Choirce i nGaeltacht Dhún na nGall, áit a bhfuil 61 páiste ag fanacht ar áit sa naíonra don scoilbhliain 2026/2027.

Tá 30 duine ar an liosta feithimh i gCnoc na Cathrach i gcathair na Gaillimhe, áit a bhfuil Iarscoil Mhic Amhlaigh, seirbhís atá nasctha leis an scoil Ghaeltachta Scoil Mhic Amhlaigh.

Tá na figiúirí níos ísle sna ceithre hionad eile a luaigh Príomhfheidhmeannach Chomhar na Naíonraí Gaeltachta, Ray Mac Pháidín, ag cruinniú de chuid an Choiste Gaeilge, Gaeltachta, agus Phobal Labhartha na Gaeilge an tseachtain seo, ach léirítear iontu éileamh mór ar na seirbhísí mar sin féin.

Tá deichniúr ag fanacht ar an gCeathrú Rua i gConamara, tá naonúr ar an liosta feithimh cúpla míle bóthair soir uaidh sin ar an Tulaigh, agus tá triúr nach bhfuil áit ann dóibh i Naíonra an Fháil Charraigh i nDún na nGall. I Ráth Chairn na Mí, ceann de na ceantair Ghaeltachta is lú ó thaobh daonra de, tá 12 páiste ar an liosta feithimh.

Dúirt Mac Pháidín go bhfuil “fás agus forbairt mhór” déanta ag Comhar na Naíonra Gaeltachta san earnáil luathbhlianta le fiche bliain anuas ach go bhfuil easnamh fós ann sa soláthar atá an eagraíocht in ann a chur ar fáil de dheasca easpa daoine a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu agus na cáilíochtaí cuí acu a bheith ar fáil.

“Cé go bhfuil fás agus forbairt mhór déanta, tá éileamh leanúnach ag teacht ó thuismitheoirí ag lorg breis seirbhísí agus de bharr easpa foirne a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu agus na cáilíochtaí cuí i gcúram leanaí, easpa foirgneamh agus spáis i roinnt ceantar eile, agus easpa acmhainní eile, níl muid in ann freastal ar an éileamh seo. Tá liostaí feithimh againn faoi láthair i roinnt réigiún,” a dúirt Mac Pháidín.

Dúradh ag an gcruinniú go raibh dúshlán roimh an eagraíocht múinteoirí agus oibrithe atá “cáilithe sa réimse luathoideachais a bhfuil ardchaighdeán Gaeilge acu a aimsiú agus a choinneáil”.

Tá 14 phost fógartha ag Comhar na Naíonraí Gaeltachta nach bhfuil líonta fós. Tá dhá phost i nDún na nGall, ceithre cinn i réigiún an deiscirt (Ciarraí, Corcaigh, Port Láirge), agus ocht bpost gan líonadh i gConnachta agus i nGaeltacht na Mí.

D’fhág 75 múinteoir agus oibrí luathbhlianta Comhar na Naíonraí Gaeltachta le trí bliana anuas. Ba í an bhliain 2024 an bhliain ba mheasa, nuair a d’éirigh 37 duine as a bpost san eagraíocht. D’fhág 18 in 2023 agus d’fhág 19 anuraidh.

Dúradh gur gá “cúrsaí oiliúna agus oideachais trí Ghaeilge a láidriú” le go mbeadh “sruth láidir caighdeánach” múinteoirí ar fáil don earnáil a mbeadh “deis acu slí bheatha chaighdeánach a bhaint amach”.

“Tá athrú tagtha ar chúrsaí oiliúna agus tógann sé tréimhse níos faide cáilíochtaí i gcúram leanaí a bhaint amach. Beidh sé seo go maith san fhadtéarma, ach tá sé ag cur brú ar an líon múinteoirí atá ar fáil le hoibriú san earnáil.

“Cé go bhfuil obair mhór déanta ag [an tAcadamh agus Ollscoil na Gaillimhe] cúrsaí cúraim leanaí trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil, níor éirigh leo go fóill é seo a chur i gcrích,” a dúirt Mac Pháidín.

Dúirt sé go bhfuil cáilíocht leibhéal 6 ar scála QQI ag “cuid mhaith” d’fhostaithe Chomhar na Naíonraí Gaeltachta ach gurbh fhearr leis an eagraíocht dá mbeadh na cúrsaí suas go leibhéal 8 ar fáil “trí mheán na Gaeilge”.

Thug sé le fios go mbeadh “géarchéim ollmhór” ann i gceann cúpla bliain maidir le hearcaíocht foirne agus “easpa seirbhísí lae” mura ndéanfaí “infheistíocht shuntasach” san earnáil agus mura dtabharfaí “aitheantas cuí” don obair atá ar siúl inti.

“Tá an baol ann go gcaillfear na seirbhísí fíorthábhachtacha seo,” a dúirt sé.

Mhaígh Mac Pháidín go bhfuil deiseanna ann “nasc níos láidre” a chothú leis an bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht “ar mhaithe le cur chuige níos comhtháite” sna hiarrachtaí an Ghaeilge a threisiú mar theanga phobail ann.

Dúirt sé freisin go bhfuil an fhéidearthacht ann don eagraíocht dul i gcomhpháirtíocht le grúpaí san earnáil luathbhlianta sa Tuaisceart agus thar lear “chun taighde a dhéanamh ar dhul chun cinn seirbhísí luathbhlianta i dtíortha eile” a bhfuil teangacha mionlaigh iontu, ach go dteastódh “tuilleadh infheistíochta” lena aghaidh sin.

“Ó thaobh na Gaeltachta agus todhchaí na teanga de, tá na seirbhísí luathbhlianta agus luathoideachais ar chuid de na seirbhísí is tábhachtaí agus is riachtanaí i ngach ceantar Gaeltachta.

“Tá na seirbhísí luathbhlianta agus luathoideachais ina mbunchloch do thodhchaí na teanga agus caithfear an infheistíocht chuí a dhéanamh san earnáil chun aire cheart a thabhairt do pháistí na Gaeltachta,” a dúirt Mac Pháidín.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta