Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

‘Young hoes cook everything on high’: mífhoighne, pobal, agus an frithchultúr bréagach ‘going analog’ in 2026

| ,

Tosaíonn ár scéal, mar a thosaíonn an oiread sin léargais chultúrtha na laethanta seo, le postáil ar X: “Young hoes cook everything on high.” 

Ní faoin gcócaireacht atá sé, dar ndóigh, ach faoin luas – faoin nós atá againn gach rud a dhéanamh láithreach, gan fanacht, gan muinín sa phróiseas.

Scríobhann Annabel Iwegbue do Cosmopolitan: “The throughline of most of the recent young hoeobservations is that, as a collective, we lack patience.” Tugtar le fios gur toradh é seo ar ghlúin a d’fhás aníos i ndomhan ina bhfuil eolas, sásamh agus freagraí ar fáil láithreach.

Pictiúr: Giolc leis an úsáideoir @Bean_____1 ar X a deir “Young hoes cook everything on high”.

Is dócha go bhfuil an téarma ‘sásamh láithreach’ nó ‘instant gratification’ cloiste agat roimhe. Le guthán cliste i gcónaí inár lámha nó inár bpócaí, bíonn muid ag súil le gach rud ar an láthair: freagra anois, sásamh anois, dearbhú anois. I gcultúr a chuireann luas agus éifeachtúlacht thar rud ar bith eile, mothaíonn moill mar theip phearsanta. Foghlaimímid gach rud a dhéanamh ‘on high’, agus níl sampla níos fearr ná an chócaireacht ar an easpa foighne atá againn na laethanta seo.

Ach, mar a mholann Iwegbue, tá comhthéacs níos leithne leis seo. Tá athrú tagtha ar na rudaí a mheastar a bheith lárnach dár bhféiniúlacht, go háirithe do mhná óga. Níl sé mar bhrionglóid do mhná óga a bheith mar sárbhean sa bhaile nó “domestic goddess” a thuilleadh. Measann Iwegbue go bhfuil an treocht “young hoes…” ar X ina fhorbairt nádúrtha ar na memeanna ó na 2010anna: “All females born after 1993 cant cook… all they know is mcdonald’s… be bisexual , eat hot chip & lie.” In 2026, tá tosaíochtaí difriúla ag mná óga: “jobs, friendships, and big dreams to attend to,” de réir Iwegbue. 

Pictiúr: Giolc ina scríobhtar “any female born after 1992 can’t cook… all they know is mcdonald’s, charge they phone, twerk, be bisexual , eat hot chip & lie”.

Tar éis na Nollag, chlis ar mo charr. Go tobann, bhí orm brath ar Translink chun dul ar obair agus chuig gnáthrudaí eile, chomh maith le siúl níos mó ná riamh. Ní rogha aeistéitiúil a bhí ann, agus ní “going analog” mar chuid de threocht a bhí i gceist agam. Ní raibh aon smacht agam air.

Ar dtús, bhí mé cráite: busanna malla, busanna nach dtagann, mo chuid ama ag imeacht uaim. Ach nuair nach bhfuil smacht agat ar do chuid ama, tagann athrú ar do chaidreamh leis. Agus de réir a chéile, thosaigh mé ag tabhairt faoi deara rudaí nár thug mé suntas dóibh roimhe sin: daoine eile ag fanacht leis an mbus céanna gach maidin, fuaim na cathrach gan chluasáin, strainséirí ina suí in aice liom lena scéal féin.

Thosaigh mé ag cur luach níos mó ar rudaí beaga daonna: duine ag tairiscint suíocháin dom, gáire comhchoiteann nuair a fhógraítear go mbeidh an 7b ó Ascaill Botanic mall don tríú maidin as a chéile.

Leis an mhoill agus an easpa smachta, d’aithin mé rud eile: pobal. Gan charr, tá orm brath ar mo chairde le síob a thabhairt dom in amanna, agus d’fhoghlaim mé go bhfuil sé fíor a rá: “to have a village, you must be a villager.” I saol ina bhfuil caidrimh ar fáil dúinn fríd scáileáin, tá sé éasca dearmad a dhéanamh ar chumhacht an phobail agus ar an rannpháirtíocht shimplí a thógann nasc daonna fíor dúinn.

Ag an am céanna, tá treocht eile le feiscint ar líne: an saol ‘analógach’. Postáil Instagram de dhialann oscailte, peann go néata ar an leathanach, leabhar le cupán caife, iPod Nano agus cluasáin le sreang orthu. Gach íomhá iomlán foirfe agus, dar ndóigh, tógtha ar iPhone 17 Pro agus uaslódáilte go díreach chuig Instagram nó Pinterest.

Grianghraf: Gléasanna digiteacha ó na 00anna amhail guthán póca, ceamara digiteach, iPod.

Mar a thug Zara McIntosh (@whatzaraloves ar Instagram) faoi deara ar líne, tá baol ann gur féidir leis an ngluaiseacht seo – bailiú CDanna, DVDanna, iPodanna agus eile – titim isteach sa chineál céanna de ró-thomhaltas agus micrea-threocht cosúil le ‘Stanley Cups’ nó ‘Labubu’ roimhe. Ní simplíocht fhíor atá i gceist i gcónaí. Ní ligeann sé do dhuine an luas a mhaolú i ndáiríre – ach cruthaítear pobal nua ar líne de thomhaltóirí, rud atá fós faoi thionchar an taispeántais ar líne.

Tá rud éigin bunoscionn anseo. Déantar an mhoill a phleanáil, a stiúradh, a chur i láthair do na mílte ar Instagram agus ar TikTok. Ní cleachtas í, ach léiriú. Ní scríobhtar an dialann; taispeántar í. Ní léitear an leabhar; feidhmíonn sé mar oiriúint d’fhir i gcaiféanna le cóip de Normal People agus cupán matcha ina lámh acu. Ní éalaíonn an ghluaiseacht seo ón luas ná ón tomhaltas; athphacáistíonn sí iad mar threocht nua.

Grianghraf: Sampla den chineál ábhair ‘analógach’ ar na meáin shóisialta.

Chun níos lú ama a chaitheamh ar scáileáin, ceannaímid níos mó rudaí. Chun éalú ón saol digiteach, cruthaímid bailiúcháin fhisiciúla eile: ceamaraí nach n-úsáidtear, vinil nach n-éistear leis, dialanna a thosaítear ach nach gcríochnaítear. Éiríonn an tsimplíocht féin ina táirge, ina haeistéitic le leanúint, agus ina treocht le coinneáil suas léi.

Is í an difríocht i mo thaithí féin ná nach raibh orm tada a cheannach seachas ticéid don bhus! Ní raibh le déanamh agam ach fanacht: fanacht leis an mbus nó fanacht le daoine eile mé a phiocadh suas. B’fhéidir gurb é sin an cineál moille is deacra: an mhoill nach féidir a chur ar taispeáint, ach is sa mhoill sin a tharlaíonn na rudaí beaga daonna nach féidir a bhrostú. 

Ag filleadh ar “young hoes cook everything on high”, feicim anois é mar shórt admháil chomhchoiteann seachas mar cháineadh ar Gen Z agus Gen X. Táimid ar fad gafa leis an luas seo, agus níl sé gan chúis. Ach ní dóigh liom gur réiteach é ‘going analog’ mar threocht ar líne. B’fhéidir gurb é an fíor-fhrithchultúr ná fanacht gan smacht, gan fón póca i do lámh agat, agus glacadh leis an tsaoirse a thagann as a bheith páirteach i rithim nádúrtha an tsaoil.

The post ‘Young hoes cook everything on high’: mífhoighne, pobal, agus an frithchultúr bréagach ‘going analog’ in 2026 appeared first on NÓS.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta