Tá sé fógartha ag Uachtarán na Stát Aontaithe go bhfuil sé chun Tom Homan, an ‘sár teorann’ atá ag an bhfeidhmeannas, a chur go Minnesota tar éis do ghníomhairí feidearálacha Alex Pretti a mharú.
Deir Trump go bhfuil Homan “dian ach cothrom” agus go gcuirfidh sé tuairisc ar fáil.
“Ní raibh sé aon déileáil aige leis an gceantar sin ach tá aithne aige ar go leor de na daoine ann agus is maith leis iad,” a scríobh Trump ar a mheán sóisialta Truth Social.
Mhaígh Trump go raibh “fiosrúchán ollmhór” ar siúl faoi láthair maidir le caimiléireacht leasa shóisialaigh “mhór mhillteach, luach 20 billiún dollar” a deir sé a tharla i Minnesota.
Maíonn an tUachtarán gurb í an chaimiléireacht sin “cuid den chúis” leis na “léirsithe foréigneacha eagraithe” ar na sráideanna.
Tá an brú ag géarú ar an Teach Bán fiosrúchán a chur ar bun maidir leis an dara duine atá maraithe ag gníomhairí feidearálacha le coicís.
Lámhachadh Alex Pretti Dé Sathairn le linn aighnis leis an bPatról Teorann.
Ní taobh le feisirí Daonlathacha atá ag iarraidh fiosrúcháin mar tá roinnt sa bPáirtí Poblachtánach freisin ag iarraidh go bhfiosrófaí na maruithe i Minnesota.
Dúirt Gobharnóir Poblachtánach Vermont, Phil Scott, “nach féidir glacadh leis” go “maródh gníomhairí feidearálacha” saoránaigh de chuid na Stát Aontaithe a bhíonn ag baint feidhm as a gceart cosanta chun agóide.
“Is mithid éirí as,” a dúirt sé.
Ní hionann an cuntas atá tugtha ag údaráis stáit agus fheidearálacha ar fhíricí na heachtra a d’fhág an t-altra Alex Pretti maraithe le hurchair ag oifigigh feidhmithe dlíthe imirce.
“Sceimhlitheoir baile” a bhí in Alex Pretti de réir Kristi Noem, an Rúnaí Slándála Baile, a áitíonn gur fhreastail sé ar an agóid agus “airm ina sheilbh” d’aon ghnó chun “oibríocht feidhmithe dlí a chosc”.
Níl sa gcaint sin ach “seafóid” a deir Tim Walz, Gobharnóir Minnesota. “Buíochas le Dia go bhfuil físeán againn,” a deir sé.
D’iarr ‘Walz go n-éireofaí as a bheith ag cur “smál” ar ainm Alex Pretti.
“Tá a fhios agaibh féin céard a chonaic sibh, agus ansin chuala sibh na daoine is cumhachtaí sa domhan ag insint daoibh céard a chonaic sibh, gur sceimhlitheoir baile a bhí sa bhfear seo,” a dúirt Walz.
Tá an chuma ar an bhfíseán den eachtra nach raibh gunna ina láimh ag Alex Pretti agus gur thóg na gníomhairí an gunna amach óna bhásta sular scaoileadh leis agus fágadh marbh é.