Téigh ar thuras taiscéalaíochta ag ‘Immram’ le Neil Ó Lochlainn
Grianghraf: Neil Ó Lochlainn agus Eithne Ní Chatháin.
Foilsíodh an tsraith dánta ‘Immram’ le Nuala Ní Dhomhnaill den chéad uair ina bailiúchán filíochta Feis in 1991. Bhunaigh Ní Dhomhnaill na dánta ar fhinscéalta i miotaseolaíocht na hÉireann ina ndeachaigh an príomhcharachtar ar thuras farraige chuig an alltar nó ‘an domhan eile’. Pléitear téamaí machnamhacha i saol an duine tríd an aistear seo agus na heachtraí a thiteann amach agus a spreagann fás sa charachtar.
In 2018 choimisiúnaigh an file Éireannach Paddy Bushe, in éineacht le Féile Filíochta Ghrianstad Amergin, an t-amhránaí Neil Ó Lochlainn chun na dánta le Ní Dhomhnaill a chur le ceol. Léiríodh an tsraith cheoil ag an fhéile den chéad uair in 2021 i mBaile Uí Dhálaigh.
Thuill an seó Immram cáil mar gheall ar a thumthaí agus a bhí an cur i láthair. Meascann ceol an léirithe tionchair ó cheol traidisiúnta na hÉireann agus traidisiún an tsean-nóis le snagcheol, ceol saorchumtha agus ceol clasaiceach comhaimseartha chun “stíl nuálach iarchineálach” a chruthú. Tá na ceoltóirí atá ar fhoireann an tseó ar na ceoltóirí óga is mó meas in Éirinn sa lá atá inniu ann.

Dúirt an fidléir Martin Hayes faoin tseó ag an am, “Tá nádúr agus tuiscint ag Neil Ó Lochlainn do shnáitheanna éagsúla ceoil a ligeann dó domhain cheoil dhúthrachtacha a chruthú a labhraíonn le fíor-dhoimhneacht agus barántúlacht.”
Thug The Irish Times “ceannródaí iarchineálach” ar Neil Ó Lochlainn de thairbhe a shaothair, agus dúirt siad go raibh guth na hoíche, Eithne Ní Chatháin (an t-amhránaí Inni-K), ar “c[h]eann de na healaíontóirí is spreagúla in Éirinn.”
Beidh Immram le Neil Ó Lochlainn ag triall ar An Taibhdhearc i nGaillimh le haghaidh seó eile ar 30 Eanáir ag 20:00. Beidh Eithne Ní Chatháin ag roinnt bhinneas a gutha arís thar fhidil agus cruit le hErin Hennessey agus le hEilís Lavelle faoi seach. Agus Neil Ó Lochlainn a bheidh ag seinm na dordveidhle agus na fliúite.
Is ceoltóir agus cumadóir a bhfuil duaiseanna bainte aige é Neil Ó Lochlainn as Contae an Chláir. Bhuaigh sé Gradam Ceoil TG4 le Ensemble Ériu, grúpa ceoil a bhfuil moladh faighte aige as a thrí ceirnín agus ar duine dá bhunaitheoirí é Ó Lochlainn.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin tseó agus faoi thicéid ar shuíomh gréasáin An Taibhdhearc.
The post Téigh ar thuras taiscéalaíochta ag ‘Immram’ le Neil Ó Lochlainn appeared first on NÓS.