Ba cheart “grúpa éigeandála pleanála teanga” a bhunú mar fhreagra ar an athbhreithniú neamhspleách ar na pleananna teanga a foilsíodh inné.
Dúirt John Prendergast, a chaith beagnach sé bliana ina Oifigeach Pleanála Teanga i gCorca Dhuibhne, go bhfuil “níos mó ceisteanna ná mar atá freagraí” ag eascairt as an athbhreithniú agus na freagraí atá tugtha ag Roinn na Gaeltachta air. Ba chóir, a deir Prendergast, grúpa éigeandála a bhunú le dul i ngleic leis an scéal.
“An rud atá ag teastáil anois ná grúpa éigeandála pleanála teanga a bhunú, idir Roinn na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge, agus na hoifigigh pleanála teanga tríd an Mheitheal Náisiúnta Pleanála Teanga.
“Ní féidir glacadh leis seo, fágann sé seo sinn an oiread sin blianta tríd an bpróiseas pleanála teanga, gan freagra, gan treo, agus gan aiseolas ceart,” a dúirt Prendergast le Tuairisc.
Dúirt sé gur chuir an t-athbhreithniú agus freagra na Roinne air “lagmhisneach” air tar éis dó a bheith ag fanacht “chomh fada” sin ar a fhoilsiú.
“Tá lagmhisneach an-mhór orm tar éis blianta a chur isteach san obair, agus é seo faighte mar fhreagra air sin. Tá sé ar nós go bhfuil an Roinn ag iarraidh an oiread oibre agus is féidir a sheachaint. Bhí deis acu rud éigin nua a thriail leis an bpleanáil teanga, ach níor thapaigh siad an deis sin.
“Címid go léir an dul chun cinn atá déanta ag na hoifigigh pleanála teanga, ach mura dtiocfaidh athrú suntasach ar an gcur chuige, ní bheidh i ndán don phleanáil teanga ach teip,” a dúirt Prendergast.
Mhaígh Prendergast “[nach] aon athbhreithniú é seo ar na scéimeanna pleanála teanga” agus go raibh “díomá millteanach” air féin agus ar oifigigh agus iar-oifigigh eile pleanála teanga faoin méid atá le léamh sa tuarascáil.
“Bhíomar ag fanacht chomh fada sin, agus ag éileamh chomh fada sin go bhfoilseofaí é, agus tháinig siad amach leis seo. Ní ag cur milleáin ar an údar atá mé, is í an Roinn a bhí freagrach as na téarmaí tagartha agus an t-athbhreithniú féin, ach tá díomá millteach orm,” a dúirt sé.
Luaigh sé nach bhfuil ach “dhá leathanach go leith” sa cháipéis faoi Chorca Dhuibhne, an ceantar a bhí faoina chúram féin le linn tréimhse an athbhreithnithe. Deir sé nach bhfuil ach “trí cheathrú leathanaigh de sin” ina athbhreithniú ar an scéim teanga féin.
“Bhíomar le ceachtanna a fhoghlaim as seo [an t-athbhreithniú], ach ní fhoghlaimeoidh.
“Tá fiúntas le han-chuid de na rudaí a dúirt sé [údar na tuarascála] ach is léir ó fhreagraí na Roinne nach bhfuil siad sásta dul i ngleic le formhór na bpointí seo agus formhór na moltaí. Tá an-chuid ceisteanna ann maidir leis an Roinn tar éis é seo a léamh,” a dúirt sé.
Dúirt Prendergast “nach léir” dó féin go dtuigeann Roinn na Gaeltachta an obair atá ar bun ag na hoifigigh pleanála teanga ná go bhfuil siad sásta “géilleadh” don obair sin.
“Cad a dhéanann an Roinn? An dtuigeann an Roinn an obair atá ar bun ag na hoifigigh pleanála teanga? Ní léir domsa go dtuigeann. Tá na hoifigigh, coistí, agus na pobail ag croílár an phróisis agus ní léir dom ó bheith ag léamh na moltaí agus na bhfreagraí go bhfuil aon ghéilleadh acu dó sin,” a dúirt sé.
Dúirt Dónall Ó Cnáimhsí, oifigeach pleanála teanga in Iarthuaisceart Dhún na nGall, go bhfuil “cineál de dhíomá” air féin agus ar a chomhghleacaithe nach ndearnadh “iniúchadh” níos mine ar na pleananna teanga san athbhreithniú, ach go bhfáiltíonn siad roimh a fhoilsiú mar sin féin.
“Bhí muid ag súil go mór go mbeadh iniúchadh déanta ar an obair agus an chaiteachas agus ar an tionchar a mheastar a bhí ag an infheistíocht sin go hiomlán ar an phleanáil teanga sna ceantair Ghaeltachta.
“Tá thart ar dhá scór moladh ann, go leor acu nach mbaineann linne ar chor ar bith, ach a bhaineann leis an chóras stáit agus a bheith ag treisiú seirbhísí stáit, go háirithe mar a bhaineann sé le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, mar atá ráite ag an Roinn féin. Tá go leor de na moltaí seo á bhfeidhmiú, nó ins an treo a bheith á bhfeidhmiú sa bhliain seo nó an bhliain seo chugainn,” a dúirt Ó Cnáimhsí.
Deir Ó Cnáimhsí gur gealladh nuair a cuireadh an córas pleanála teanga ar bun gur cur chuige nua a bheadh ann ina mbeadh tacaíocht an stáit ag an bpobal ó thaobh chur chun cinn na teanga sa Ghaeltacht.
“Dúirt an tAire [Dinny] Mac Fhionnghaile in 2012, nuair a bhí an córas pleanála teanga curtha ar bun, gur seo cur chuige nua a bheas anseo leis an státchóras ag obair lámh ar lámh leis na pobail Ghaeltachta leis an teanga a neartú agus a threisiú iontu.
“Go fóill, tá muid ag dréim leis an stát ceannasaíocht a thabhairt dúinn agus treoir a thabhairt dúinn i dtaca leis an obair seo ar an talamh agus ní seasamh siar. Caithfidh siad a bheith lárnach san obair seo má tá an Ghaeltacht le theacht slán as.”
Dúirt sé gurbh fhearr leis na hoifigigh pleanála teanga go mbeadh na moltaí “dírithe ar an phróiseas pleanála teanga” sa Ghaeltacht agus gurbh in a bheadh i “bpríomhfhócas” an athbhreithnithe. Dúirt sé go raibh “rud beag iontais” air leis an gcur chuige san athbhreithniú.
“Tá an phleanáil teanga ag brath go mór ar fhíricí agus ar an staid reatha a mheas agus dul i ngleic leis na fadhbanna nó na constaicí a bhaineann le neartú na Gaeilge sa Ghaeltacht.
“Tá sé tábhachtach go bhfuil muid staidéarach agus eolaíoch faoi seo, go bhfuil muid ag tabhairt faoi seo ar bhonn eolaíoch le staitisticí agus le fíricí, agus measaim go bhfuil an obair sin le déanamh go fóill,” a dúirt Ó Cnáimhsí.
Dúirt sé go raibh sé “an-éasca” ag Roinn na Gaeltachta a mhaíomh go raibh go leor de na moltaí a rinneadh san athbhreithniú “déanta nó ar tí a ndéanta” mar gheall gur bhain siad leis an Roinn féin nó leis an státchóras féin ach go mbeadh sé níos deacra ar an Roinn dá ndíreofaí níos mó ar an bpróiseas pleanála féin sa cháipéis.
“Measaim go mbeadh sé níos deacra acu dá mbeadh na moltaí dírithe ar an phróiseas mar atá, an cur chuige mar atá. Na deacrachtaí a d’ardaigh na hoifigigh ar an talamh agus na moltaí a chuir muidinne ar aghaidh mar pháirt den athbhreithniú seo.
“Measaimid go fóill go bhfuil cuid de na moltaí sin an-siosmaideach againne, agus muid anois ag díriú i dtreo an dara plean. Tá sé ráite ag an Roinn go mbeidh tacaíocht bhreise á cur ar fáil, go mbeidh an próiseas á neartú – ach caidé an chuma a bheidh air sin? Níl a fhios againn go fóill,” a dúirt sé.
Dúirt sé gurb é an rud “is tábhachtaí” ná nach bhfágfaí faoi na coistí pobail arís an phleanáil teanga a chur i bhfeidhm ach go mbeidh “ról ag na heagraíochtaí Gaeltachta eile” i ndréachtú an phlean teanga agus ina fheidhmiú amach anseo.
Dúirt Dónall Ó Cnáimhsí nach mbeadh sé ar son tuilleadh airgid a chaitheamh ar fhostú oifigigh pleanála teanga bhreise sa Ghaeltacht nó go mbíonn níos mó soiléireachta ann faoina ról agus faoin gcóras trí chéile. Caithfidh an phleanáil teanga a bheith bunaithe ar “staitisticí” agus “fíricí”, a deir sé.
Ba chóir fanacht a deir sé go mbeidh an dara dreas pleananna teanga á leagan amach sula luafaí acmhainní breise.
“Ach caidé an chuma a bheas air sin [an dara dreas pleananna teanga]? Níl a fhios againn go fóill. Ach measaim féin gurb é an rud is tábhachtaí nach mbeidh sé fágtha ag coistí pobail, go mbeidh ról ag na heagraíochtaí Gaeltachta eile i ndréachtú an phlean teanga agus i bhfeidhmiú na bpleananna amach anseo.”