Strufal óir é an dráma ‘Muicín’ le hUltan Pringle
Mercy Munroe is ainm do phríomhcharachtar Muicín le hUltan Pringle. Ón chur síos ghonta atá déanta ag foireann an léirithe ar an dráma féin, áfach, cá bhfios an bhfóirfidh an t-ainm sin di faoi theacht le chéile na gcúirtíní.
Léirigh LemonSoap Productions an dráma Béarla Piglet den chéad uair in 2023. Moladh an seó go hard na spéire as a ghreann, a chlisteacht agus as an aithris a dhéanann duine de na carachtair ar Jennifer Coolidge seachnóin an taispeántais uair an chloig.
Is compántas amharclannaíochta lán le healaíontóirí óga é LemonSoap Productions a thugann tús áite do shamhlaíocht agus do charachtair. Pléann siad leis an ghnáthrud mar a bheadh eipic ann. Déanann siad a mhór de ghnóthaí an tsaoil seo. Tumann siad isteach i ndoimhneacht an duine dhaonna. Agus sin atá i gceist leis an dráma seo.
Léireofar an chéad leagan Gaeilge den dráma Muicín (agus is é an chéad léiriú Gaeilge le LemonSoap riamh) sa Cube in Ionad Ealaíon Project, Baile Átha Cliath, i mí Feabhra. HK Ní Shíoradáin a d’aistrigh an dráma rathúil go Gaeilge i ndiaidh a shraithe rathúla in 2023 agus is í an duine céanna a dhéanann an dearadh fuaime.
Insíonn Muicín scéal Mercy. Chlis uirthi agus ar a saol. Is mó an t-am a chaitheann sí i mbialann mhearbhia in Uíbh Fhailí mar fhreastalaí ná áit ar bith eile ag déanamh rud éigin níos spreagúla di féin. Tá sí gafa leis an díoltas agus lena hiarchailín. Níl ach drochthoradh air sin…
Go tobann, tagann a sean-dlúthchairde, a thréig í fadó, chun na bialainne ina n-oibríonn sí. Sceallóga a ordaíonn siad ach tá tairiscint speisialta ar an bhiachlár anocht: “Le greim docht ar an bpanna sceallóg, beartaíonn Mercy Munroe go bhfuil sé in am di a saol a thógáil ar ais arís.”
Is iad Síofra Ní Éilí agus Niamh Murphy na haisteoirí atá faoi stiúir Jeda de Brí, stiúrthóir a bhfuil gradaim buaite aici mar a gheall ar a cuid oibre ar an ardán agus ar an scáileán. Bhuaigh sí ‘Best Short’ ag Féile Scannán Bellingham 2019 mar gheall ar an ghearrscannán Procession, agus chomh maith leis sin bhuaigh dráma a stiúir sí, Brendan Galileo for Europe, an ‘Little Gem’ ag Féile Imill Bhaile Átha Cliath an bhliain roimhe sin.
Tá an dráma molta ní hamháin as an ghreann atá ann go forleathan ach ar an dóigh a bpléann sé le téamaí níos troime amhail neamhoird itheacháin, droch-mheabhairshláinte agus foréigean.
Cuirfear Muicín ar siúl ceithre oíche as a chéile idir 24-27 Feabhra 2026 in Ionad Ealaíon Project i mBaile Átha Cliath. Tá €18/20 ar thicéad ag brath ar an chinéal ticéid agus cuirfear tús leis an dráma ar 19:45 gach oíche. Taispeánfar fotheidil Bhéarla i rith an léirithe do dhuine ar bith sa lucht féachana nach bhfuil Gaeilge acu. Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo.
The post Strufal óir é an dráma ‘Muicín’ le hUltan Pringle appeared first on NÓS.