Tá comhaontú sínithe ag an Rialtas leis an gCoimisiún Eorpach a fhágfaidh go mbeidh seirbhísí ateangaireachta comhuaineacha Gaeilge ar fáil ag cruinnithe a bheidh ar siúl in Éirinn le linn a tréimhse uachtaránachta ar an AE
An tAire Stáit um Ghnóthaí Eorpacha Tomás Byrne a shínigh an Comhaontú um Chomhar Riaracháin. Beidh na seirbhísí ateangaireachta comhuaineacha, seirbhís Ghaeilge ina measc, á gcur ar fáil ag cruinnithe aireachta agus cruinnithe mullaigh neamhfhoirmiúla.
Ard-Stiúrthóir Ard-Stiúrthóireacht Ateangaireachta an Choimisiúin Eorpaigh, Genoveva Ruiz Calavera, a shínigh an comhaontú ar son an AE.
I ráiteas a chuir an Roinn Gnóthaí Eachtracha dúradh go dtabharfadh an socrú ateangaireachta “deis” don rialtas “tiomantas na hÉireann don ilteangachas, agus do chomhtháthú iomlán na Gaeilge i ngnóthaí Eorpacha, a athdhearbhú”.
Dúirt an tAire Stáit Thomas Byrne gur “cloch mhíle” í Uachtaránacht na hÉireann ar an AE in 2026 ó thaobh na teanga mar gurb í an chéad tréimhse uachtaránachta ag an atá ó tugadh stádas iomlán mar theanga oifigiúil oibre san AE don Ghaeilge.
“Creidim go dtacaíonn cumas na nAirí agus na n-oifigeach, ó gach cearn den AE, páirt iomlán a ghlacadh ina dteangacha féin le hidirphlé fónta, caibidlíocht éifeachtach agus dea-chinnteoireacht,” arsa Byrne.
Deirtear gurb í Ard-Stiúrthóireacht ateangaireachta an Choimisiúin Eorpaigh an tseirbhís ateangaireachta is mó ar domhan. Cuireann sé seirbhís ateangaireachta ar fáil go rialta i ngach ceann de 24 theanga oifigiúil an AE.