Sa Dáil an tseachtain seo, d’ardaigh an Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Pearse Doherty, roinnt fadhbanna a bhaineann le cúrsaí uisce ar oileáin Ghaeltachta amach ó chósta Dhún na nGall.
Thagair Doherty chomh maith don drochthionchar atá ag easpa scéimeanna séarachais ar chúrsaí timpeallachta agus tithíochta i nGaeltacht Ghaoth Dobhair.
Dúirt sé gur chuir sé gearán faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh in 2015, faoi theip an stáit scéim séarachais a chur ar fáil i nGaoth Dobhair agus gur chinn an Coimisiún céim a haon de scéim phíolótach a chur ar fáil do 50 teach sa cheantar.
“Níos mó ná deich mbliana níos deireanaí, tá muid go fóill ag fanacht chun tús a chur leis an chéim eile den scéim, ach deir Uisce Éireann linn nach dtarlóidh sé ar feadh na mblianta,” a dúirt Doherty.
Dúirt sé go bhfuil drochthionchar ag an mhoill seo ar an timpeallacht nádúrtha sa cheantar agus go bhfuil sé ag cur bac ar fhorbairtí ar nós “óstáin, tithíocht shóisialta agus tithe príobháideacha”, i nGaoth Dobhair.
Agus é ag caint faoi na hoileáin Ghaeltachta sa Dáil, dúirt Doherty go bhfuil pobail na n-oileán amach ó chósta Dhún na nGall “seanchleachtaithe air go gcaitear leo mar shaoránaigh den dara grád” ó thaobh cúrsaí uisce de.
Dúirt sé go mbíonn caighdeán an uisce “an-olc” ar Oileán Thoraí agus ar Oileán Árainn Mhór go rialta, agus nach bhfuil “uisce reatha ar bith” ar oileán Ghabhla san am i láthair.
Níl uisce reatha ar bith ar Oileán Ghabhla, atá suite thart ar mhíle amach ó chósta Ghaoth Dobhair, ó rinneadh damáiste don phíopa a bheireann uisce chuig an oileán, i mí Iúil 2025.
Dúirt Doherty, nach bhfuil “amlíne” ar bith tugtha ag Uisce Éireann faoi cá huair a bheas uisce reatha ar ais ar an oileán.
Dúirt sé go bhfuil oileánaigh ag fanacht sé mhí anois chun freagraí a fháil ón rialtas agus nach bhfuil “fiú plean nó dáta” ag an rialtas ag an phointe seo.
Luaigh sé gur scríobh sé chuig Aire na Gaeltachta, Dara Calleary faoin chás seo chomh maith ach gur dhúirt an tAire leis nach raibh “freagracht” ar bith air maidir le cás Oileán Ghabhla.
Dúirt an Comhairleoir Neamhspleách Micheál Choilm Mac Giolla Easbuig le Tuairisc, go bhfuiltear ag súil go mbeadh réiteach ar an bhfadhb ar Ghabhla i mbliana ach nach féidir leis a bheith cinnte go dtí go gcuirfear tús leis an obair.
Dúirt sé go raibh Uisce Éireann i dteagmháil leis faoi chás Oileán Ghabhla agus gur dhúirt siad leis go raibh siad “i dteagmháil le conraitheoir cheana féin” chun an obair a dhéanamh.
I ráiteas a thug Uisce Éireann do Tuairisc, dheimhnigh siad go raibh damáiste déanta don “príomhphíopa uisce” a bheireann uisce chuig oileán Ghabhla agus go bhfuil soláthar uisce eile curtha ina áit.
Dúirt siad go bhfuil siad ag “céim luath” sa mheasúnú atá á dhéanamh acu maidir le píopa úr a chur in áit an tseanphíopa.
Dúirt siad go mbeidh réiteach ar an scéal “in am agus i dtráth” ach gur togra “casta” é mar gheall ar chúrsaí timpeallachta agus mar gheall ar na próisis fhada a bhaineann le riachtanais reachtúla.