Deir Breitheamh Ard-Chúirte go bhfuil sé seafóideach [‘nonsensical’] agus áiféiseach [‘frivolous’] a áiteamh go bhfuil feidhm dlí fós ag córas na scéimeanna teanga, an córas faoina ndaingnítí go leor de na dualgais ó thaobh na Gaeilge a bhíonn ar chomhlachtaí poiblí.
Tá an breithiúnas sin ag teacht glan salach ar dhearcadh Roinn na Gaeltachta a mhaígh go raibh feidhm dlí i gcónaí ag córas na scéimeanna.
D’fhéadfadh go mbeadh impleachtaí chomh maith ag tuairim an Bhreithimh ar bhunú an chórais nua atá le teacht in áit na scéimeanna teanga.
De réir na reachtaíochta tá an córas nua sin – córas na gcaighdeán – in ainm is tógáil ar scéimeanna a bhfuil feidhm leo.
Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, a leasaíodh ag deireadh 2021, rinneadh aisghairm ar an reachtaíocht a thug feidhm do na scéimeanna teanga agus bhí córas nua bunaithe ar chaighdeáin le teacht i bhfeidhm ina n-áit roimh dheireadh 2024 ar a dhéanaí.
Nuair a loic an Rialtas ar an sprioc reachtúil sin, chuir Roinn na Gaeltachta leasú i mBille Údarás na Gaeltachta a chuirfeadh síneadh reachtúil le córas na scéimeanna.
Nuair nár achtaíodh bille an Údaráis in am chun síneadh a chur leis na scéimeanna teanga, scríobh an Roinn litir chuig comhlachtaí poiblí mí na Nollag 2024 “le meabhrú dóibh nár chóir aon laghdú a theacht ar leibhéil na seirbhísí i nGaeilge atá á soláthar acu le linn na hidirthréimhse seo”.
Fuair an Roinn comhairle dlí faoin scéal chomh maith.
I mí Feabhra seo caite, dúirt urlabhraí ón Roinn le Tuairisc go bhféadfadh sé “go bhfanfaidh scéimeanna teanga reatha i bhfeidhm go dtí go ndéanfar caighdeáin teanga a fhorordú ina n-áit do na comhlachtaí poiblí ábhartha sin”.
Dúirt an t-urlabhraí nach raibh sé “de nós ag an Roinn seo a cuid chomhairle dlí a roinnt go poiblí”, ach dúradh go raibh an chomhairle a fuarthas bunaithe ar alt 26 (1) den Acht Léiriúcháin 2005.
Tá spior spear déanta anois den chomhairle sin ag an mBreitheamh Ard-Chúirte Richard Humphreys.
Sa bhreithiúnas a tugadh san Ard-Chúirt sa chás a bhain le forbairt feirm ghaoithe i nGaeltacht Mhúscraí, cás a raibh Roinn na Gaeltachta agus an tArd-Aighne luaite leis, dúirt an Breitheamh nach bhfuil aon fheidhm dlí a thuilleadh ag na scéimeanna teanga.
Ní raibh ciall ar bith lena mhalairt a rá, a dúradh sa bhreith a foilsíodh mí na Nollag.
“Go deimhin féin, seafóid agus rud nach bhféadfaí a rá is ea an argóint ar fad go bhfuil an scéim fós ag faoileáil os cionn talún agus ag feidhmiú cé gur baineadh uaithi na cosa taca dlí a bhí mar bhonn léi.
“Chomh seafóideach céanna atá an tuairim seo gur féidir leis an scéim feidhm dlí a thabhairt di féin trí leas a bhaint as a foclaíocht féin d’ainneoin cinneadh an Oireachtais an reachtaíocht údaraithe a aisghairm.”
Dúirt an Breitheamh gur tháinig deireadh leis an bhfeidhm dlí a bhí ag na scéimeanna nuair a rinneadh an chuid den reachtaíocht faoinar tugadh isteach iad a aisghairm.
“An fhadhb a bhaineann le bheith ag brath ar an scéim gur beart reachtúil atá inti agus ní bhíonn bearta reachtúla i bhfeidhm níos mó nuair a dhéantar aisghairm ar na forálacha cumasaithe a bhain leo, ach amháin sa chás gur cuireadh clásal sábhála i bhfeidhm.
“Is amhlaidh a chruthódh aon chur chuige eile éiginnteacht dofhulaingthe agus guaigeacht anordúil agus scriosfadh sé go leor den chiall atá le haisghairm.”
Dúirt urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta le Tuairisc inné go raibh “athbhreithniú cuimsitheach déanta ar na scéimeanna teanga reatha go léir mar chuid den obair dhréachtaithe ar na caighdeáin teanga, atá ag teacht chun críche anois”.
Dúírt an t-urlabhraí go rabhthas ag súil le fógra a dhéanamh go luath faoi fhoilsiú an chéad Phlean Gníomhaíochta faoin bPlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge.
Tháinig an cheist faoi bhailíocht chóras na scéimeanna teanga aníos sa bhreithiúnas faoi chás grúpa a thug dúshlán cúirte in aghaidh tógáil feirm ghaoithe i nGaeltacht Mhúscraí.
Dhein an Breitheamh Humphreys cáineadh géar ar argóint an ghrúpa a thug dúshlán cúirte in aghaidh thógáil na feirme gaoithe i mBaile Bhuirne.
Dúirt an grúpa gníomhaíochta Wild Irish Defence gur i mBéarla amháin a d’fhógair an Coimisiún Pleanála go raibh cead tugtha d’fhorbairt fheirm ghaoithe Ghort Uí Rathaile.
Ach dúirt an Breitheamh gurb amhlaidh go dtarraingíonn argóintí dá leithéid “droch-cháil i mbólaí áirithe ar an athbhreithniú breithiúnach”.
Ní raibh i gceist leis an gcás ach “cailicéireacht” faoi phointí teicniúla agus bhí an argóint faoin nGaeilge thar fóir, a dúirt sé.
“Dearmad daonna” ba chúis leis an gcead a bheith foilsithe i mBéarla amháin don fheirm ghaoithe 13 tuirbín gaoithe i mí Feabhra agus foilsíodh an leagan Gaeilge i mí Iúil, a dúirt sé.
“Is é an pointe is mó atá ag an iarratasóir ná an argóint fhánach go bhfuil an cinneadh a rinne an coimisiún infreastruchtúr fuinneamh in-athnuaite a cheadú neamhbhailí ar fad agus gur chóir an cinneadh sin a chur ar ceal cé go raibh polasaithe soiléire dátheangacha in áit agus gur dearmad daonna ba chúis leis an moill ar an leagan Gaeilge.”
Dúirt sé nár mhian leis aon bheag is fiú a dhéanamh de thábhacht na Gaeilge, ach nach raibh aon ghlacadh aige leis an “feitisiú” agus “mionlochtú gan tábhacht” a bhí á ndéanamh ar phointí teicniúla.