Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta i measc scoileanna a bhfuil tús áite le tabhairt dá dtograí caipitil

| ,

Tá naoi gcinn de scoileanna lán-Ghaeilge i measc an 105 togra caipitil a bhfuil an Roinn Oideachais chun tús áite a thabhairt dóibh.

Tá infheistíocht €1.6 billiún le déanamh in 2026 agus 2027 ar na foirgnimh nua agus seomraí ranga breise atá le tógáil do bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna ar fud na tíre.

Tá Gaelcholáiste Reachrann i mBaile Átha Cliath ar cheann de na scoileanna ar liosta na Roinne agus foirgneamh nua le tógáil don scoil atá ag úsáid seomraí ranga réamhdhéanta ó bunaíodh í in 2001. Tá imní léirithe faoin drochbhail atá ar na seomraí céanna le fada agus súil ann go gcuirfear tús leis an obair ar fhoirgneamh nua san earrach.

Tá foirgnimh nua le tógáil freisin do Ghaelscoil Riada agus do Choláiste an Eachréidh, bunscoil agus iarbhunscoil lán-Ghaeilge i mBaile Átha an Rí i gcontae na Gaillimhe, agus ó Ghaelscoil Ruairí i Maigh Nuad.

Tá Gaelscoil Ruairí ar cheann de na trí scoil lán-Ghaeilge i gcontae Chill Dara atá ar liosta na scoileanna a dtabharfar tús áite don obair forbartha atá le déanamh orthu. Tá síneadh le cur leis an mbunscoil lán-Ghaeilge eile i Maigh Nuad, Gaelscoil Uí Fhiaich, agus síneadh eile le cur le Gaelscoil Nás na Ríogh.

Tá seomraí breise le tógáil freisin i nGaelscoil Sáirséal i gcathair Luimnigh agus i nGaelscoil Mhainistir na Corann i gcontae Chorcaí.

Tá síneadh agus athfhorbairt le déanamh freisin ar Choláiste Cholmcille, iarbhunscoil lán-Ghaeilge in Indreabhán i gcontae na Gaillimhe. Tá scoil eile i nGaeltacht Chonamara, Scoil Mhuire i Maigh Cuilinn, ar an liosta chomh maith agus foirgneamh nua le tógáil ach ní scoil lán-Ghaeilge atá sa mbunscoil sin.

Deir an Roinn Oideachais go bhfuil súil go ndéanfar iarratas ar thairiscintí nó go dtosófar ar an obair thógála i gcás na 105 togra idir seo agus deireadh 2027. Meastar go gcuirfidh an obair sin 27,000 spás breise ar fáil idir na scoileanna uile.

Déanfar tuilleadh tograí caipitil a fhógairt i mí Dheireadh Fómhair.

Agus an scéal á fhógairt aici, dúirt an tAire Oideachais Hildegarde Naughton go gcaithfear €5 billiún faoin bPlean Forbartha Náisiúnta chun foirgnimh nua agus seomraí ranga breise a thógáil do scoileanna idir seo agus 2030. Tá €2.5 billiún eile le caitheamh ar obair chothabhála, mionoibreacha agus cláir eile.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta