Rúin na hAthbhliana
Athbhlian faoi mhaise daoibh!
Le tús bhliain nua buailte linn, is cinnte go mbeidh caint le cloisteáil maidir le rúin na hAthbhliana. Is minic a bhíonn cabaireacht faoi rudaí éagsúla a fhágaint inár ndiaidh. Alcól nó siúcra a thabhairt suas, meáchan a chailliúint nó níos lú ama a chaitheamh ar ár bhfóin póca. Ach uaireanta cuireann na rúin seo brú orainn a chruthaíonn ciontacht nó náire dúinn.
Mar sin, tá liosta beag smaointe againn anseo de nithe spraíúil le déanamh i 2026.
Bí páirteach i gclub siúl
Má thaitníonn siúlóidí de shaghsanna éagsúla leat, is cinnte go bhfuil club siúl oiriúnach ann duit. Is slí dheas í seo chun bualadh le daoine leis an dearcadh céanna is atá agat féin agus chun píosa aclaíochta a dhéanamh ag an am céanna.
Bain triail as oidis chócaireachta nua
Más rud é go dtaitníonn cócaireacht leat agus go bhfuil tú ag iarraidh rud nua a thriail an bhliain seo, d’fhéadfá oidis a aimsiú do bhéile nach bhfuil déanta agat cheana. Ceann a bhlas tú roimhe, nó ceann iomlán nua gur maith leat!
Pioc suas uirlis cheoil
Má thaitníonn an ceol leat agus más mian leat gealltanas níos fad téarmaí a thabhairt, b’fhéidir gur deis é seo duit uirlis cheoil a phiocadh suas. Idir stíleanna traidisiúnta, nua aimseartha agus stíleanna ó chultúir eile, is mór an rogha atá ann ó thaobh ceann a phiocadh!
Cláraigh do ranganna Gaeilge
Más tosaitheoir nó Gaeilgeoir ó dhúchas thú, tá ranganna Gaeilge ar fáil do gach caighdeán. Más mian leat a bheith in ann comhrá a bheith agat, nó dianchúrsa a dhéanamh ar an ngramadach, tá níos mó i gcónaí ann le foghlaim.
Snámh seachtainiúil a dhéanamh
Leis na blianta beaga anuas, feictear go bhfuil méadú ag teacht ar líon na daoine a théann ag snámh san fharraige go laethúil, nó cúpla uair sa tseachtain. B’fhéidir go gcuireann smaointe ar an bhfuacht sin gach lá lagmhisneach ort, agus má chuireann, seans gur aidhm níos réalaíche é snámh seachtainiúil a dhéanamh. Le seacláid the ina dhiaidh, gan dabht!
Léigh leabhar amháin gach mí
Seachas breathnú ar fhíseáin ar do ghuthán roimh dhul a chodladh, bain triail as 30 nóiméad a chaitheamh ag léamh. Tabharfaidh sé seo seans do d’intinn suaimhneas a ghlacadh, agus a bheith réidh le codladh deas, domhain a bheith agat.
Tosaigh ranganna ealaín
Is slí dheas, cruthaitheach é seo chun do chuid ama a chaitheamh, go háirithe agus na laethanta gearra fós linn. Déan péinteáil, tarraingt, nó potaireacht – agus déan cúpla rud deasa le thógaint abhaile duit féin!