Seachtain mhór atá ann do chás na Gaeilge ó thuaidh agus cásanna faoin gcur chuige atá beartaithe do chur chun cinn na teanga le teacht os comhair na gcúirteanna inniu agus amárach.
Ar maidin, éisteofar in Ard-Chúirt Bhéal Feirste cás atá tugtha ag an gcomhairleoir de chuid an TUV, Ann McClure, in aghaidh pholasaí Gaeilge Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste, an chéad pholasaí teanga riamh i stair na comhairle.
Ansin amárach, beidh Conradh na Gaeilge san Ard-Chúirt d’athbhreithniú breithiúnach maidir leis an teip Straitéis don Ghaeilge a thabhairt isteach ó thuaidh.
“Sna laethanta amach romhainn, beidh sraith cásanna tábhachtacha cúirte a bhaineann leis an Ghaeilge ag titim amach ó thuaidh,” a dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge
“Den tríú huair, beidh Conradh na Gaeilge ag tabhairt an Fheidhmeannais os comhair na hArd-Chúirte mar gheall ar an teip leanúnach glacadh le straitéis don Ghaeilge. An uair seo, tá athbhreithniú breithiúnach á dhéanamh ar an Aire Pobal mar chuid de na himeachtaí céanna.”
Deir Mac Giolla Bhéin go bhfuil an straitéis, a gealladh ar dtús in 2006, á forbairt ó 2020 ach nach bhfuil dréachtchóip curtha os comhair an Fheidhmeannais go fóill.
Deir sé go raibh an straitéis “nach mór críochnaithe” sular ceapadh Gordon Lyons ón DUP ina Aire Pobal beagnach dhá bhliain ó shin ach nach bhfuil aon dul chun cinn déanta ó shin.
“Cibé bealach a gcuirtear na moilleanna sin i láthair, tá sé scannalach go bhfuil muid go fóill ag fanacht ar straitéis, 20 bliain ó gealladh dár bpobal í in 2006, le dualgas reachtúil sonrach curtha ar an Fheidhmeannas,” arsa Mac Giolla Bhéin.
Thug Conradh na Gaeilge dhá chás eile faoin ábhar céanna chun na hardchúirte, in 2017 agus in 2022. Sa dá chás sin dearbhaíodh gur theip ar an bhFeidhmeannas a ndualgas dleathach a chomhlíonadh.
Is é an Breitheamh Gerry McAlinden a bheidh ag plé leis an gcás is déanaí, an breitheamh céanna atá ag plé leis an gcás cúirte faoi chomharthaíocht dhátheangach a bheith in airde i Stáisiún Láir Bhéal Feirste. Beidh an cás áirithe sin os comhair na cúirte arís ag deireadh na míosa.
Tá cead tugtha don Aire Gordon Lyons idirghabháil a dhéanamh sa gcás sin agus é ag maíomh gur chóir cead a bheith faighte ag an Aire Bonneagair Liz Kimmins ón bhFeidhmeannas sula ndearna sí cinneadh go gcuirfí an chomharthaíocht Ghaeilge in airde sa stáisiún.
Sa gcás a bhaineann le polasaí Gaeilge Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste a bheidh sa gcúirt ar maidin, tá Ann McClure ag iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú breithiúnach ar an gcaoi gur láimhseáil an chomhairle an ‘glao isteach’ a rinneadh tar éis do chomhairleoirí a mbeannacht a thabhairt don dréachtpholasaí.
Is féidir ‘glao isteach’ nó ‘call in’ a chur síos nuair a cheapann 15% de na comhairleoirí nár tháinig an Chomhairle ar chinneadh ar an mbealach ceart nó má cheaptar go ndéanfadh an cinneadh dochar do chuid den phobal.
Deir Ciarán Mac Giolla Bhéin go bhfuil “rabharta ionsaithe i gcoinne na teanga” á dhéanamh ag roinnt aontachtóirí i láthair na huaire.
“Feictear dúinn go bhfuil naimhde oscailte na Gaeilge ar a seacht ndícheall cosaintí mionlaigh i mbuanorduithe na Comhairle a chur san abar agus iad a thiontú i gcoinne na Gaeilge.
“Caithfidh muid an fód a sheasamh ar na ceisteanna seo, agus an céimeanna cróga, forásacha atá tógtha ag an Chomhairle a chosaint i rith an ama,” arsa uachtarán Chonradh na Gaeilge.
Ní mó ná sásta atá Conradh na Gaeilge go bhfuil an tAire Pobal, a bhfuil de chúram air straitéis Ghaeilge a fhorbairt, bainteach leis an gcás faoin gcomharthaíocht dhátheangach sa stáisiún traenach agus leis an gcás faoi fhorbairt polasaí Gaeilge i gComhairle Cathrach Bhéal Feirste.
“Tá muid den tuairim go sáraíonn sé seo a dhualgais chun forbairt na Gaeilge a chur chun cinn agus a fheabhsú. Creidimid gur fearr go gcaithfeadh an tAire a chuid ama ag cinntiú go gcuirfear an Straitéis a bhfuil sé freagrach aisti i bhfeidhm gan a thuilleadh moille, i gcomhréir lena oibleagáidí dlíthiúla féin mar Aire laistigh den Fheidhmeannas.”