Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Plé déanta ag an Aire Oideachais ar cheist chonspóideach faoin ngaeloideachas i suirbhé tuismitheoirí

|

Deir an tAire Oideachais nach bhféachfar ar thorthaí suirbhé a rinneadh ar thuismitheoirí mar an ‘focal scoir’ agus cinneadh a dhéanamh faoi scoil lán-Ghaeilge a bhunú.

Chuir an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Ryan O’Meara, ceist ar an Aire Oideachais an mbeadh an cás do bhunú Gaelcholáiste i dTiobraid Árann, bunaithe ar thorthaí shuirbhé na roinne oideachais ar thuismitheoirí daltaí bunscoile.

13 contae atá ann nach bhfuil aon iar-bhunscoil lán-Ghaeilge iontu faoi láthair, agus tá Tiobraid Árann ar cheann acu.

I bhfreagra ar an cheist Dála, dúirt an tAire Oideachais, Hildegarde Naughton, go dtabharfadh torthaí an tsuirbhé eolas don Roinn faoi na féidearthachtaí a bheadh ann maidir le comhairliúcháin faoi “dheiseanna chun soláthar oideachais trí Ghaeilge a mhéadú”.

Dúirt sí, áfach, nárbh ionann an suirbhé agus “an chéim dheiridh” den chinneadh agus go gcuirfí tús le “plé oscailte” sa chás go mbeadh “tacaíocht shoiléir” ann do bhunú scoil lán-Ghaeilge.

Druideadh suirbhé na roinne oideachais roimh an Nollaig agus tuairiscíodh gur líon beagnach leath de na teaghlaigh (47%) a bhí i dteideal é a líonadh an suirbhé.

Bhain conspóid mhór le suirbhé na Roinne Oideachais agus lucht an ghaeloideachais an-mhíshásta nuair a seoladh é anuraidh.

Cháin príomhfheidhmeannach Gaeloideachas, Bláthnaid Ní Ghréacháin, ag an am. Dúirt sí nach raibh aon chiall le ceist a chur sa suirbhé ar lucht scoileanna Béarla ar mhaith leo feidhmiú mar scoileanna lán-Ghaeilge amach anseo.

“Tá an cheist seo lochtach ó bhonn agus cibé toradh a bheidh air, ní bheidh sé ag léiriú pictiúr cruinn ar an éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge. Go deimhin, léireoidh sé nach bhfuil tuismitheoirí a bhfuil a bpáistí ag freastal ar scoil cheana sásta ar an iomlán aistriú go suíomh lán-Ghaeilge,” a dúirt Ní Ghreácháin.

“Tá an cheist mícheart agus míréadúil, ach in ainneoin ár n-imní a bheith curtha in iúl go tráthrialta don Roinn agus don Aire, táthar ag rá go mbeidh na torthaí á n-úsáid le héileamh a mheas.”

Dúirt An tAire Oideachais Hildegarde Naughton go gcuireann 92% de bhunscoileanna na tíre oideachas ar fáil trí mheán an Bhéarla agus go bhfuil an roinn ag cuartú “eolas soiléir” maidir le cé acu ab fhearr le tuismitheoirí go gcuirfeadh a scoil oideachas ar fáil trí mheán na Gaeilge nó trí mheán an Bhéarla.

Chinn baill Choiste Oireachtais na Gaeilge litir a sheoladh chuig an Roinn Oideachais nuair a seoladh an suirbhé toisc nár chuir an Roinn faoina mbráid roimh ré na ceisteanna faoin oideachas lán-Ghaeilge a bheadh á gcur ar thuismitheoirí.

Dúirt Leas-Chathaoirleach an Choiste, Naoise Ó Cearúil, go raibh “an sórt ceisteanna a bhíonn ar a leithéid de shuirbhé ríthábhachtach”.

“Braitheann an freagra agus an t-eolas a gheofar ar an sórt ceisteanna a chuirfidh tú faoi bhráid na dtuismitheoirí,” a dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil.

Léirigh Conradh na Gaeilge a n-imní freisin faoin suirbhé. Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí na heagraíochta, gur “beag seans” go mbeadh “toradh dearfach ann don Ghaelscolaíocht” mar gheall ar .

Deir an Roinn Oideachais go bhfoilseofar achoimre ar thorthaí an tsuirbhé go luath in 2026.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta