Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Póilín Ní Chiaráin – ‘Bhí uaisleacht thar cuimse ag baint le muintir na marbh’

| ,

Ag Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste rinneadh taifeadadh beo ar eagrán speisialta de ‘Paiste Cainte le Helen Ní Shé’. Os comhair lucht féachana ag féile mhór na nGael, labhair Helen leis an iriseoir agus craoltóir iomráiteach Póilín Ní Chiaráin faoi na blianta fada atá caite aici i mbun iriseoireachta sa Tuaisceart ó aimsir na dTrioblóidí go dtí an próiseas síochána.

Labhraíonn Póilín faoi na heachtraí móra a ndearna sí tuairisciú orthu, faoi na huafáis a chonaic sí, faoi na daoine móra a casadh uirthi, faoi na cairde a rinne sí, faoin uaisleacht a bhain le muintir na marbh, faoin náire a bhíodh uirthi uaireanta agus scéalta á lorg aici agus faoin eagla a bhíodh uirthi uaireanta eile. Labhair sí chomh maith faoi phrionsabail na hiriseoireachta agus faoin tábhacht a bhaineann le ‘fianaise’ a thabhairt.

Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.

 

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta