Níor cheart go dtiocfadh aon athrú ar an gcaoi a mbíonn TG4 ag feidhmiú sa gcás go mbeadh Éire Aontaithe ann, de réir tuarascála a foilsíodh le deireanas ar an gcraoltóireacht seirbhíse poiblí in Éirinn Aontaithe.
An moladh atá ag acadóiri ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus Ollscoil Uladh sa tuaracáil, Public Media Ireland: a New PSM Organisation for a New Country, go mbunófaí craoltóir seirbhíse poiblí nua as an bpíosa dá mbeadh Éire Aontaithe ann ach go bhfágfaí TG4 mar atá.
“Molaimid go mbunófaí eagraíocht meán seirbhíse poiblí nua ag tarraingt ar – mar thúsphoitne – na hacmhainní, infreastruchtúr, agus daoine atá ag RTÉ agus BBC Thuaisceart Éireann. Tugaimid, go sealadach, Public Media Ireland uirthi seo,” a deirtear.
Deirtear sa tuarascáil go gcosnódh an cur chuige seo poist agus pinsin atá ann cheana féin agus go gcoinneofaí na daoine cumasacha atá ag RTÉ agus BBC Northern Ireland.
“Ligfí, leis an gcur chuige seo, go bhféadfaí infreastruchtúr atá ann cheana féin, a tógadh de réir a chéile leis na scórtha blianta a úsáid – foirgnimh agus talamh atá ag na craoltóirí san áireamh. Anuas air seo, molaimid go leanfaidh TG4 ar aghaidh ag feidhmiú mar atá,” a deirtear.
Ní luaitear mórán faoin nGaeilge agus an tseirbhís nua craoltóireachta, ach deirtear go mbeadh sé “spéisiúil” a fheiceáil cén chaoi a bhféadfadh an craoltóir nua “comhoibriú” le TG4 le cur leis an soláthar ábhar Gaeilge.
“Ba cheart go mbeadh meán seirbhíse poiblí sa 21ú haois dílárnaithe agus go mbeadh glacadh le rannpháirtíocht níos leithne. Mar shampla, bheadh sé spéisiúil a fheiceáil cén chaoi a bhféadfadh Public Media Ireland comhoibriú le obair TG4 agus an obair sin a neartú agus leanúint ar aghaidh le traidisiún saibhir an tsoláthair Gaeilge.
“Ina theannta sin, tá ról tábhachtach ag Ciste Craoltóireachta na hUltaise agus Ciste Craoltóireachta na Gaeilge, a bhíonn á riaradh ag Northern Ireland Screen, i dtacú le cláir sa teangacha sin. Mar a luaitear [sa tuarascáil], caithfear soláthar do theangacha eile a chur ar fáil mar gheall ar na hathruithe déimeagrafacha in Éirinn,” a deirtear sa tuarascáil.
Cé go leagtar béim mhór ar chúrsaí iriseoireachta sa tuarascáil, ní luaitear an soláthar nuachta i nGaeilge ann ar chor ar bith. Moltar go mbunófaí deich “moil iriseoireachta” ar fud na tíre, i mBéal Feirste, Doire, Inis Ceithleann, an tIúr, Baile Átha Luain, Gaillimh, Luimneach, Baile Átha Cliath, Port Láirge, agus Corcaigh.
Faoi láthair, níl seirbhís nuachta dá chuid féin ag TG4 agus is é RTÉ a chruthaíonn na cláir nuachta Ghaeilge a bhíonn ar an teilifís ó cheannáras Nuacht RTÉ i mBaile na hAbhann i gcontae na Gaillimhe. Ní luaitear an stiúideo sin sa tuarascáil.