Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

‘Ní fhéadfaimis a shamhlú go n-éireodh chomh maith leis’ – breis is €65,000 bailithe ag an nGaeltacht roimh chluiche ceannais na hÉireann

| ,

Is ar éigean go raibh an cic saor cinniúnach ó Éanna Ó Conchúir na Gaeltachta imithe thar an trasnán i bPáirc Uí Chaoimh Dé Sathairn seo caite nuair a thosaigh an réiteach do chluiche ceannais na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh.

Níl aon chumann sa tír nár bhreá leo a bheith ag fáil réidh do chluiche ceannais na hÉireann ag tús na bliana ach, gan ach ocht lá idir an cluiche leathcheannais i gCorcaigh agus an cluiche ceannais i mBaile Átha Cliath, is beag am a bheidh acu siúd a choinníonn an seó ar an mbóthar thiar i nGallros le taitneamh a bhaint as an scleondar atá le brath i gCorca Dhuibhne na laethanta seo.

Tá carnán breá corn cruinnithe ag foireann na Gaeltachta go dtí seo sa bhfeachtas – craobhacha Chiarraí agus na Mumhan chomh maith le craobh Chiarraí Thiar – ach de réir mar a théann an feachtas ar aghaidh, is ag cruinniú a bhíonn na billí chomh maith.

Agus cluichí leathcheannais na Mumhan agus na hÉireann socraithe go luath sa tráthnóna i gcontae an Chláir agus i gCorcaigh faoi seach, bhí ar fhoireann na Gaeltachta fanacht in óstáin roimh ré chun a bheith ullamh agus beidh lóistín le fáil sa bpríomhchathair roimh agus i ndiaidh an chluiche ceannais in aghaidh Ghleann an Iolair as Doire ar an Domhnach.

Is mór an costas é sin ar chumann beag, gan trácht ar na costais a bhainfidh le cúrsaí leighis, cúrsaí taistil, bia agus eile.

Ábhar faoisimh agus údar spreagtha don fhoireann agus don chumann mar sin an tacaíocht atá faighte ón bpobal acu le roinnt laethanta.

Cosúil le go leor cumann eile, is é an lotto príomhfhoinse maoinithe Chumann Caide na Gaeltachta ach tuigeadh luath go leor nár leor an teacht isteach sin chun na costais a bheidh orthu a íoc. Cinneadh feachtas bailiúcháin airgid a shocrú ar líne agus is cinnte go bhfuil lucht tacaíochta na Gaeltachta sa mbaile agus níos faide i gcéin tar éis teacht i gcabhair orthu.

€1,500 a bhí mar sprioc nuair a cuireadh tús leis an feachtas gofundme an deireadh seachtaine seo caite ach bhí an sprioc sin sáraithe agus sáraithe go maith laistigh de chúpla uair an chloig agus os cionn €65,000 bailithe i láthair na huaire.

“Ní fhéadfaimis a shamhlú go n-éireodh chomh maith leis,” a deir Dara Ó Cinnéide, cathaoirleach an chumainn agus duine de roghnóirí na foirne chomh maith.

“Chuireamar sprioc íseal leis [ar dtús]. Bhíomar idir dhá chomhairle cúpla míle a lorg nó €5,000 nó €10,000 nó cad é? Ach thuigeamar laistigh d’uair an chloig ansin leis an dtacaíocht a tháinig isteach gur rud é seo a d’fhéadfadh díol go huile is go hiomlán as na billí ar fad a bhí againn i gcaitheamh na bliana.”

Tá breis is 500 duine tar éis síntiús a thabhairt, rud a léiríonn an fonn atá ar an bpobal tacaíocht a thabhairt don fhoireann, dar leis an gCinnéideach.

“Tá leanaí scoile ag cur cúig euro isteach ann agus tá sé sin díreach chomh tábhachtach leis an €500 a thagann isteach ó fhear gnó,” ar sé.

“Ní leanfaidh sé seo go deo, is rud aon uaire é agus is rud eisceachtúil é amach is amach. Ach is deis é do dhaoine chomh maith. Ní rabhamar ag tarrac ón dtobar ó aimsir Chomórtas Peile na Gaeltachta 2019, agus is deis dóibh a thaispeáint dúinne agus do na himreoirí go háirithe, ‘Féach, tá ár dtacaíocht agaibh agus sibh ag déanamh ar chluiche ceannais na hÉireann.’

“Sin é an ghné is tábhachtaí. Déan dearúd ar airgead ar feadh soicind – tacaíocht na muintire, tá sé ann. Táimid chomh buíoch go bhfuil ach tá sé tábhachtach domsa mar chathaoirleach ar an gclub go dtabharfadh muid geallúint do na daoine a thug €5 nó €500 ná beidh a gcuid airgid caite go neafaiseach. Beidh sé caite ar chúiseanna maithe, ní bheidh sé caite ar jollies thuas i mBaile Átha Cliath ná aon rud mar sin.”

Ní flaithiúlacht an phobail amháin atá ag spreagadh na foirne, áfach, agus deir Ó Cinnéide go bhfuil ardú croí ag baint le dathanna an chumainn a fheiceáil ar fud an cheantair.

“Bhíos á rá roimis na cluichí ar fad ó chraobh an chontae, an misneach agus an spreagadh a fhaigheann tú ó na bratacha a fheiscint ar pholla lasmuigh de thigh. Rud beag é sin do dhuine áirithe ach rud mór é sin dúinne agus tugann sé oiread spreagadh dúinn.

“Dá mbuafadh an tacaíocht é Dé Domhnaigh, bheimis leathshlí ann ach caithfear cluiche a imirt agus beidh na haon bhéic agus na haon bhall den lucht tacaíochta ag teastáil ar an nDomhnach chomh maith.”

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta